Bhuaigh Muireann Nic Amhlaoibh, as Gaeltacht Chorca Duibhne, an gradam don ‘Rian Traidisiúnta is Fearr’ ag na chéad ‘RTÉ Radio 1 Folk Awards’ a reáchtáladh in Vicar Street ar Shráid an Bhiocáire i mBaile Átha Cliath aréir.
Leagan Nic Amhlaoibh den amhrán Gaeilge ‘Bean Dubh a’ Ghleanna’, atá ar fáil ar a halbam aonair is déanaí Foxglove & Fuschia, a thuill an duais seo don amhránaí Gaeltachta.
Bhí Nic Amhlaoibh san iomaíocht le Lankum, The Gloaming, Lúnasa agus Natalie Merchant sa rannóg ‘An Rian Traidisiúnta is Fearr’ agus is í Pauline Scanlon, amhránaí aitheanta as an Daingean, a d’fhógair buaiteoir an ghradaim sin.
Agus an duais á fógairt aici, dúirt Scanlon, ar cara í le Nic Amhlaoibh, go “nasctar” san amhrán “an t-amhránaí go dlúth le saol agus le mothúcháin iadsan atá imithe romhainn” agus gur teistiméireacht na ceoltóirí a ainmníodh sa rannóg ar an cheangal sin.
Ba i nGaeilge ar fad a thug Nic Amhlaoibh a hóráid uaithi ón ardán in Vicar Street.
Dúirt sí go raibh sí ‘trína chéile’ i ndiaidh an scéala a fháil agus ghabh sí buíochas le moltóirí na RTÉ Radio 1 Folk Awards, lena clann agus leis na ceoltóirí a bhíonn ag seinm léi.
Thrácht sí chomh maith don “spiorad iontach” a bhí sa seomra agus an oiread sin ceoltóirí agus cairde tagtha le chéile don oíche.
Ag labhairt di le craoltóir RTÉ Radio 1 Ruth Davis níos moille san oíche, dúirt Nic Amhlaoibh nach raibh sí iomlán cinnte faoina háit féin i ndomhan an cheoil tíre ach go dtáinig sé léi go héasca amhráin na ndaoine a tháinig roimpi a cheol.
“Is amhrán áirithe é Bean Dubh a’ Ghleanna a thagann go héasca chugam. Cuid de na hamhráin seo, iad féin a labhraíonn, níl ionatsa ach an guth,” a dúirt Nic Amhlaoibh.
I measc na mbuaiteoirí móra eile aréir bhí Andy Irvine, ar bronnadh an gradam saoil air, Radie Peat, príomhamhránaí Lankum a thug léi an gradam d’Amhránaí na Bliana, Martin Hayes, a bhuaigh Ceoltóir na Bliana agus Lankum, a thug leo an gradam don Ghrúpa is Fearr.
An Rian Nuachumtha is Fearr
Along the Western Seaboard – Declan O’Rourke
An Rian Traidisiúnta is Fearr
Bean Dubh a’ Ghleanna – Muireann Nic Amhlaoibh
An tAlbam Folk is Fearr
We Banjo 3
Amhránaí na Bliana
Radie Peat
Ceoltóir faoina bhfuil gealladh
Emma Langford
Ceoltóir na Bliana
Martin Hayes
An Grúpa is Fearr
Lankum
Fág freagra ar 'Éist le hóráid Ghaeilge ó Mhuireann Nic Amhlaoibh agus í ag glacadh lena gradam ag na RTÉ Folk Awards…'