Eileen Gleeson ceaptha mar bhainisteoir buan ar fhoireann ban na hÉireann

Bhí Gleeson ina bainisteoir eatramhach ar an bhfoireann ó tháinig deireadh le conradh Vera Pauw ag deireadh mhí Lúnasa

Eileen Gleeson ceaptha mar bhainisteoir buan ar fhoireann ban na hÉireann

Tá sé fógartha ag an FAI gurb í Eileen Gleeson atá ceaptha mar bhainisteoir ar fhoireann sacair ban na hÉireann.

Bhí Gleeson ina bainisteoir eatramhach ar an bhfoireann ó tháinig deireadh le conradh Vera Pauw ag deireadh mhí Lúnasa ach tá cinneadh déanta conradh buan a bhronnadh ar an mBaile Átha Cliathach.

Bhí Gleeson ina leasbhainisteoir ag Pauw ar feadh tréimhse agus í mar chuid den fhoireann bainistíochta a bhí i gceannas ar Éirinn le linn Chorn an Domhain 2023.

Bhuaigh Éire gach ceann de na sé chluiche a bhí ag an bhfoireann ó ghlac Gleeson ceannas uirthi sa bhfómhar agus an t-ardú céime go dtí an phríomhroinn i Sraith na Náisiún bainte amach faoina cúram.

Beidh Gleeson anois i gceannas ar an bhfoireann don chomórtas cáilithe do Chraobh na hEorpa 2025. Déanfar an tarraingt don chomórtas cáilithe mí an Mhárta seo chugainn agus cuirfear tús leis na cluichí mí Aibreáin.

Dúirt Gleeson gur chúis mhór bróid di a bheith ceaptha mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann agus go raibh deis iontach ann a chinntiú go mbainfeadh Éire áit amach ag na mórchomórtais idirnáisiúnta ar bhonn rialta as seo amach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an FAI, Jonathan Hill, go raibh sé ríméadach go mbeadh Gleeson i gceannas ar an bhfoireann do chomórtas cáilithe EURO 2025 agus go raibh sé muiníneach go mbainfeadh “an fhoireann speisialta” seo áit amach ag Craobh na hEorpa den chéad uair.

Tá foireann shinsir na bhfear fós gan bainisteoir ó fógraíodh an mhí seo caite nach mbeadh conradh nua á thabhairt do Stephen Kenny.

Fág freagra ar 'Eileen Gleeson ceaptha mar bhainisteoir buan ar fhoireann ban na hÉireann'