Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go bhfuil “easpa spriocanna intomhaiste” maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i bhforógra toghcháin Fhianna Fáil agus go bhfuiltear i dteagmháil leis na páirtithe uile maidir lena ngealltanais i leith na teanga roimh an olltoghchán.
Sa bhforógra toghcháin a d’fhoilsigh Fianna Fáil inné, deirtear go n-athbhunófaí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta má éiríonn leis an bpáirtí san olltoghchán ag deireadh na míosa seo. Tá gealltanais éagsúla eile acu maidir le cúrsaí teanga agus Gaeltachta.
Ina measc, mar shampla, deirtear go dtabharfar “tuilleadh deiseanna” do dhaltaí freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí ach ní luaitear cén chaoi a mbainfear an sprioc sin amach. Tá toghchán díreach do bhord Údarás na Gaeltachta luaite freisin, gealltanas a rinne Fianna Fáil roimh olltoghcháin 2020 ach nár éirigh leo a chomhlíonadh agus an páirtí i rialtas ó shin.
“Tá easpa spriocanna intomhaiste don Ghaeilge agus don Ghaeltacht san fhorógra mar atá ann leis an tithíocht,” a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.
“Tá sé mar aidhm ag Fianna Fáil 60,000 teach a thógáil in aghaidh na bliana faoi 2030 ach níl sprioc shonrach amháin leagtha síos acu chun líon na ndaltaí sa ghaelscolaíocht a mhéadú. Táimid i dteagmháil le Fianna Fáil agus leis na páirtithe eile go fóill ag iarraidh orthu gealltanas a thabhairt ar na héilimh [atá againn].”
I measc na n-éileamh atá ag Conradh na Gaeilge, tá aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá inniúil sa teanga. Níl a leithéid de ghealltanas luaite i bhforógra Fhianna Fáil.
Tá an Conradh freisin ag iarraidh go gcuirfí an maoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht atá luaite i bplean infheistíochta an Chonartha ar fáil. Faoin bplean, dhéanfaí infheistíocht shuntasach in infreastruchtúr na Gaeltachta agus thabharfaí buiséad níos mó do leithéidí Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus TG4.
Tá an Conradh ag lorg tacaíochta freisin do pholasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa gcóras oideachais, ón Oideachas Luath-Óige go dtí an Tríú Leibhéal agus, chomh maith leis sin, go dtabharfaí an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní d’Údarás na Gaeltachta agus do Roinn na Gaeltachta chun a bheith ag plé le cúrsaí tithíochta.
Deir Fianna Fáil freisin go dtabharfaí tacaíocht don Údarás chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht, beart atá á staidéar ag an Údarás i láthair na huaire.
Deirtear i bhforógra an pháirtí gur “cuspóir bunaidh de chuid Fhianna Fáil an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo phobail, agus ag an am céanna a chinntiú go gcosnaítear cearta na gcainteoirí”.
Billy an Ghoirt
Sprioc?
Nach ndúirt síad go raibh síad chun líon na ndaltaí sa Ghaeloideachas a dhúbailt i 2020 (súla ndearna Norma FF-Foley tada faoi – agus dochar don Ghaeilge mar ábhar scoile anuas ar sin).
Is sprioc fhíor-sholéir í sin.
Agus – gan trácht ar an sprioc – tá cur chuige Fhianna Fáil fíor-sholéir freisin.
Colette
Nochtann suíomhanna gréasáin na bpáirtithe polaitíochta go leor faoina ndearcadh i leith na Gaeilge. Níl a dhóthain ag aon pháirtí!