Tá imní léirithe ag tuilleadh eagraíochtaí teanga faoin gcinneadh Páipéar a hAon do scrúdú Gaeilge na hArdteiste a bhogadh go dtí an cúigiú bliain, in ainneoin rabhadh ó státseirbhísigh shinsearacha faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a bhainfeadh lena leithéid.
Deir Gaeloideachas agus Gael Linn go dtacaíonn siad le héileamh Chonradh na Gaeilge gur cheart don Aire Oideachais Norma Foley dul siar ar an gcinneadh a d’fhógair sí mí an Mhárta.
Dúirt an dá eagraíocht le Tuairisc go raibh siad i bhfabhar athruithe a dhéanamh ar an Ardteist ach nach athrú fiúntach a bheadh ann Páipéar a hAon sa scrúdú Gaeilge a dhéanamh ag deireadh an chúigiú bliain.
Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, go raibh an “imní” atá ar an eagraíocht mar gheall ar an gcinneadh curtha in iúl acu don Aire Oideachais agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit
“Cé go nglactar go ginearálta le leasuithe ar an tSraith Shinsearach mar fhorbairt dhearfach, is í tuairim mheáite shaineolaithe churaclaim teanga, Gaeilge sa chás seo, nach toradh dearfach a bheadh ar an leasú go mbeadh Páipéar 1 Gaeilge á scrúdú ag deireadh an Chúigiú Bliain ag scoláirí na hArdteistiméireachta Bunaithe,” a deir Ní Ghréacháin.
Ritheadh rún éigeandála ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil Ghaeloideachas mí Bealtaine ag iarraidh ar an Aire an cinneadh a tharraingt siar.
Deir Gaeloideachas gur “tubaiste” a bheadh san athrú ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge mar theanga sa chóras scolaíochta agus ar bhonn níos leithne agus deir siad nach bhfuil eolas ná míniú tugtha ag an Roinn faoin mbunús eolaíoch ná oideachasúil a bhaineann leis an leasú seo.
Deir Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, gur cheart don Roinn an taighde ar a bhfuil an cinneadh bunaithe a chur ar fáil.
“Bheadh gach duine againn i bhfabhar athruithe a threiseodh cumas an phobail sa teanga agus a chothódh grá, meas, muinín, suim agus líofacht sa teanga. Aontaíonn Gael Linn áfach leis an éileamh atá déanta ag Conradh na Gaeilge agus ag An Gréasán gur cheart don Aire Oideachais dul siar ar a cinneadh páipéar a haon sa Ghaeilge a bhogadh ón séú bliain go dtí an cúigiú bliain mar chuid de thimthriall athchóirithe na hArdteistiméireachta,” a deir sé.
“Ba chóir go mbeadh eolas ar fáil faoin taighde a rinne An Roinn Oideachais ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid de chinneadh ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na teanga. Ba chóir aon chinneadh a bheith bunaithe ar an taighde is fearr agus ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta.”
Deir Ó Ciaráin freisin nár cheart go ndéanfaí aon athrú ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar scrúdú Gaeilge na Sraithe Sóisearaí déanta.
“Níor chóir aon leasuithe a mbeadh impleachtaí móra fadtéarmacha ag baint leo a dhéanamh sa tsraith shinsearach go dtí go bhfuil athbhreithniú iomlán déanta ar an Ghaeilge sa tsraith shóisir,” ar sé agus rabhadh á tabhairt aige faoi impleachtaí níos leithne a d’fhéadfadh an t-athrú a imirt ar chúrsaí.
“D’fhéadfadh an leasú atá molta dochar a dhéanamh don Ghaeltacht agus d’earnáil na gcoláistí samhraidh dá mbeadh bliain níos lú i gceist ag daltaí ag díriú ar an obair labhartha sa Ghaeilge.
“Tá Gael Linn den bharúil gur chóir aon athruithe don Ghaeilge sa tsraith shinsearach teacht mar chuid de pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.”
Léirigh cáipéisí a fuair Conradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go raibh státseirbhísigh shinsearacha den tuairim go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ar oideachas na ndaltaí ag an gcinneadh Páipéar a hAon sa scrúdú Gaeilge a thabhairt chun cinn.
Measadh, áfach, gur ‘easy win’ a bheadh ann a d’fhéadfadh an tAire a fhógairt mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach.
Agus í faoi agallamh san Irish Times, dúirt Áine Hyland, Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-leasuachtarán i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh gur chuir an méid a tugadh le fios sna cáipéisí faoi chinnteoireacht na Roinne “alltacht agus iontas” uirthi mar oideachasóir.
“Bhíomar ag ceapadh agus ag glacadh leis go raibh bunús oideachasúil éigin, nár léir dúinne, ag an Roinn Oideachais taobh thiar den chinneadh seo,” a dúirt sí.
Agus caint ann faoi na páipéir scrúdaithe sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a bhogadh go deireadh an chúigiú bliain bhí plé ann freisin an rud céanna a dhéanamh leis an scrúdú Matamaitice. Cinneadh ar deireadh gan sin a dhéanamh toisc an tionchar a bheadh aige ar mhúineadh an ábhair agus dúirt Hyland gur chóir go mbeadh an cinneadh céanna déanta faoin nGaeilge.
“Thuig Coimisiún na Scrúdaithe Stáit nach bhféadfaí é seo a dhéanamh mar go gcaithfear an t-ábhar a mhúineadh ar bhealach comhtháite,” a dúirt an tOllamh Hyland.
“Ní bheidh páipéar a sheachadfar i mí an Mheithimh ag deireadh an tséú bliain mar a chéile le páipéar a bheadh le déanamh ag mic léinn ag céim níos luaithe sa chlár.”
“Ach níor chuir [an Roinn] an córas céanna cinnteoireachta i bhfeidhm i dtaca leis an nGaeilge.
Dúirt Aoife Ní Ghloinn, Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad nach léir “go raibh bunús láidir oideachasúil ná taighde” ag baint leis an gcinneadh.
Léirigh sí buairt freisin nach léir gur thagair an Roinn do na hathruithe eile atá déanta nó á bplé maidir le múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar shiollabais nua a tugadh isteach don tSraith Shóisearach in 2017 agus dréachtsonraíochtaí curaclaim do Ghaeilge na hArdteiste foilsithe ó anuraidh.
“Is cosúil go bhfuil cinntí éagsúla á ndéanamh faoin tSraith Shóisearach, faoi churaclam na hArdteiste agus faoi scrúduithe na hArdteiste, gan dóthain machnaimh agus plé a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag na cinntí sin ar a chéile, agus ar na himpleachtaí a bheidh acu don Ghaeilge ag an tríú leibhéal, do chumas Gaeilge múinteoirí bunscoile agus fostaithe eile de chuid na hearnála poiblí,” a dúirt Ní Ghloinn san Irish TImes.
Léirigh na cáipéisí ón Roinn Oideachais gur measadh go raibh an baol ann go gcuirfeadh an t-athrú “ualach breise” ar scoileanna, ar dhaltaí agus ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Bheadh buachaillí go háirithe faoi mhíbhuntáiste toisc iad a bheith níos moille ag teacht in aibíocht, a dúradh.
Is cosúil ó na cáipéisí inmheánacha gur thosaigh an Roinn ag fiosrú an phlean na scrúduithe a athrú i mí Lúnasa 2021 agus go raibh cinneadh déanta go rachfaí ar aghaidh leis an athrú mí ina dhiaidh sin, in ainneoin an imní a léirigh daoine faoi.
Ar an 20 Márta i mbliana, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley a plean nua don oideachas dara leibhéal ag an tSraith Shinsearach, Cothromas agus Sármhaitheas do Chách. Dúirt sí gur sa chúigiú bliain a dhéanfaí Páipéar a hAon na Gaeilge agus Páipéar a hAon an Bhéarla feasta.
Eimear
Mar thuimitheoir agus mar oideachasóir, níor luaigh duine amháin de na saineolaithe!! san alt seo folláine an duine óig agus an brú a bhaineann le 2 pháipéar a shuí i mbliain 6. Níl cur amach acu ar an strus a bhaineann leis an Ardteist don duine óg agus nach cuma leo ach a bheith glórach?! Ní dhéanann oiread agus duine amháin acu ionadaíocht ar son an duine óg ná an tuiste Gaeltachta. Is lag í iarracht an ailt seo gan guth gach duine a fháil ach an dream céanna i gcónaí agus iad ar fad lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht?? Sean scéal céanna. Cluas bhodhar is fearr.