Éadaí athláimhe Kate Moss agus tábhacht na siopaí carthanachta

Brabach €20 milliún sa mbliain a bhíonn ag an 400 siopa carthanacha sa tír seo

Éadaí athláimhe Kate Moss agus tábhacht na siopaí carthanachta

Má bhíonn tú riamh i Londain agus fonn siopadóireachta ort b’fhéidir nár mhiste duit Sráid Oxford agus an West-End a sheachaint agus dul go Highgate i dtuaisceart na cathrach agus súil a chaitheamh ar dhá shiopa carthanachta ansin – Oxfam agus Sue Ryder.

Is chucu sin a thugann an mainicín cáiliúil Kate Moss an farasbarr éadaí a bhíonn aici féin go rialta.

Thug sí le fios in agallamh le hiris faisin le gairid go nglanann sí amach a vardrús go rialta agus go mbronnann sí gach rud nach bhfuil ag teastáil uaithi ar an dá shiopa charthanachta sin. Tá cúis mhaith aici leis an éadach seo a thabhairt do charthanacht mar gur i siopaí Oxfam a cheannaíodh sí formhór a cuid éadaí féin nuair a bhí sí ina déagóir sular bhain sí cáil dhomhanda amach.  

Bíonn farasbarr mór éadaí le tabhairt uaithi ag Kate Moss go minic mar go dtugann dearthóirí agus déantóirí cáiliúla an domhain rogha éadaí di i gcónaí le súil is go gcabhródh sé lena mbrandaí má fheictear an mainicín cáiliúil a bheith ceangailte leo.

Is iontach go deo an tseirbhís a thugann siopaí carthanachta. Meastar go bhfuil beagnach 400 acu sa tír seo agus áirítear go ndéanann siad brabach thart ar €20 milliún in aghaidh na bliana le hinfheistiú sna dea-oibreacha a bhíonn ar siúl acu.

Ag Cumann Naomh Uinseann de Pól is mó atá siopaí anseo – thart ar 190 ar fad – agus rinneadar brabach €6.8 milliún sa mbliain airgeadais is deireanaí.

Tá 83 siopa ag Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill agus idir 20 agus 30 siopa an ceann ag Oxfam, Cumann Ailse na hÉireann agus Cumas Éireann.

Deir na siopaí carthanachta gur fiú idir €35 agus €50 gach mála éadaí (10kg) a bhronntar orthu le díol. Ní earraí faisin ó dhearthóirí cáiliúla mar a bheadh ag Kate Moss a bhíonn i mórán de na málaí sin ach bíonn seoda iontacha le haimsiú i gcuid acu.

Is cosúil go mbíonn daoine a bhfuil siopaí éadaí seanré nó siopaí seandachtaí acu go minic ag póirseáil trí shiopaí carthanachta ar thóir margaí maithe, seoda gan choinne, le díol arís ar phraghsanna móra ina gcuid siopaí féin.

Fiú an t-éadach sin nach bhfuil éileamh air sna siopaí carthanachta mar earraí athláimhe is féidir úsáid eile a bhaint as cuid mhaith de  – díoltar iad le hathchúrsáil a dhéanamh orthu mar ábhar inslithe, mar phacáil troscáin, nó mar éadaí glanta.

Bíonn céatadán éigin ann nach bhfuil aon tairbhe iontu agus is in ionaid dramhaíola nó láithreáin líonadh talún a chríochnaíonn siad. Nach mór an mhaith nach sa treo sin a théann formhór na n-éadaí athláimhe.

Tá maitheas mar sin sna siopaí carthanachta don bhronntóir, don díoltóir agus don cheannaitheoir.  

Fág freagra ar 'Éadaí athláimhe Kate Moss agus tábhacht na siopaí carthanachta'