Éacht i ndiaidh éachta á ndéanamh ag sárfhoireann Luimnigh

Bhí cluichí breátha agus scéalta móra againn in 2021 ach sé an toradh céanna a bhí ar chraobh na hÉireann

Éacht i ndiaidh éachta á ndéanamh ag sárfhoireann Luimnigh

An Satharn seo caite chaitheas súil siar ar chluichí na gcraobhacha cúige i mbliana. Agus coirn na gcúigí buaite ag Cill Chainnigh agus Luimneach lean an t-aicsean ar aghaidh gan mórán de bhriseadh.

Sna cluichí cáilithe, an Satharn i ndiaidh na gcluichí ceannais cúige, sa teas uafásach/iontach léirigh Port Láirge nach rabhadar críochnaithe fós nuair a thug siad léasadh ceart don Ghaillimh,  a scóráil 2-8 sa cheathrú dheireanach chun slacht éigin a cur ar an scór deiridh.

Sa chluiche eile bhí an choimhlint idir Corcaigh agus an Clár idir dhá ceann na meá go dtí an fhead deiridh. Bhí Corcaigh dhá chúilín chun tosaigh agus ceithre nóiméad d’am cúitimh beagnach caite nuair a réab laoch an Chláir, Tony Kelly isteach chuig imeall na cearnóige agus an sliotar ina ghlac aige. D’éirigh leis iarracht a dhéanamh ar chúl ach rinne cúl báire Chorcaí Patrick Collins ard-sábháil a chinntigh an bua dá chontae.

Le hais an raidió a bhíomar an Luan dár gcionn agus an tarraingt á déanamh ar Raidió a hAon RTÉ do na cluichí ceathrú ceannais. Tiobraid Árann agus Baile Áth Cliath i bpota amháin agus Corcaigh agus na Déise sa phota eile. Na Tiobraid Árannaigh a thabharfadh aghaidh ar na Déise agus bheadh Corcaigh agus foireann na hardchathrach á fhéachaint le chéile sa chluiche eile. Cúpla lá ina dhiaidh sin, ar an gCéadaoin, a tháinig an scéala go raibh a phort seinnte ag Joe Canning mar imreoir idirchontae. Dé hAoine na seachtaine céanna d’fhógair bainisteoir Loch Garman Davy FitzGerald go raibh a chuid déanta agus cúig shéasúr curtha isteach aige leis na Carmannaigh.

Ar an lá deireanach d’Iúil 2021 thug Port Láirge taispeántas iontach i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche inar scóráil fir na nDéise 4-28. An duais, dá bhféadfaí duais a thabhairt air? Seans eile imirt i gcoinne sheaimpíní na hÉireann, Luimneach.

Sa chluiche ceathrú ceannais eile an tráthnóna céanna, bhí Corcaigh pas beag róláidir d’Áth Cliath ar feadh an chluiche go léir. Mar luach saothair do na Corcaígh bhí cluiche leathcheannais in aghaidh Chill Chainnigh.

Agus a leithéid de chath a bhí ansin an tseachtain dár gcionn. Agus an t-am cúitimh gortuithe beagnach caite bhí an chuma ar chúrsaí go mbeadh Corcaigh sa chluiche ceannais agus iad cúl chun tosaigh. Ach d’éirigh le Adrian Mullen an sliotar a chur in eangach Patrick Collins. Bhí Corcaigh níos fearr in am breise agus is iadsan a thabharfadh aghaidh ar Luimneach, a thug ardtaispeántas uathu an oíche roimh ré nuair a chuir siad Port Láirge de dhroim seoil. Bhí cuma thraochta ar Phort Láirge, a bhí ag imirt don cheathrú deireadh seachtaine as a chéile agus bhí na seaimpíní i bhfad róláidir dóibh.

Aon phointe dhéag a bhí idir na foirne i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag 2020 agus aon phointe dhéag a bhí idir na foirne arís i bPáirc an Chrócaigh an tráthnóna Sathairn sin nuair a tosaíodh an cluiche leathuair déanach de bharr burlaí féir a beith tite ar an mbóthar, rud a chuir moill ar dhaoine a bhí ag triall ar an gcluiche.

An t-aon chor a bhí sa scéal ná gur taispeánadh cárta dearg do Pheter Casey Luimnigh i ndiaidh eachtra idir é féin agus Conor Gleeson. Chuir Luimneach achainí faoi bhráid an CHC agus i lár na seachtaine ina dhiaidh sin fógraíodh go mbeadh cead ag Casey imirt i gcluiche ceannais na hÉireann.

Choimeád Luimneach an chuid ab fhearr go dtí an deireadh agus thug siad taispeántas na bliana sa chluiche is mó ar fad. Bhí forlámhas acu ón gcéad bhriseadh uisce agus chuadar ó neart go neart as san go dtí an deireadh. Bhuadar na cathanna pearsanta go léir agus cé go raibh siad ar fad ar fheabhas, sheas Cian Lynch amach mar stiúrthóir na himeartha, agus ní hé an chéad uair aige é. Agus sin mar a chríochnaigh séasúr na craoibhe 2021. Luimneach ina gcuraidh don dara bliain as a chéile agus den tríú huair le ceithre bliana. Tá éacht i ndiaidh éachta á ndéanamh acu agus beidh siad mar rogha láidir na coitiantachta chun a gcoróin a choimeád in 2022.

Bíodh Nollaig mhór mhaith agaibh.

Fág freagra ar 'Éacht i ndiaidh éachta á ndéanamh ag sárfhoireann Luimnigh'

  • alan titley

    Cuntas comair soiléir ó John. Ár mbuíochas as na cuimhní a dhúiseacht.