NOD DON EOLAÍ: Tá a fhios ag an saol mór cad is leon ann.  Ach shíolraigh ainmhithe a raibh an cruth céanna orthu níos mó ná uair amháin…

Bhí marsúipaigh a raibh cruth cait orthu ar an bhfód le níos mó ná 25 milliún bliain agus chuaigh an ceann deireanach in éag 80 bliain ó shin

Léaráid: Peter Schouten

De réir fianaise nuafhoilsithe bhí marsúipaigh a raibh cruth cait orthu ar an bhfód le níos mó ná 25 milliún bliain agus chuaigh an ceann deireanach in éag ochtó bliain ó shin.

Amanta, tarlaíonn an rud ceannann céanna faoi dhó le linn na héabhlóide.

Shíolraigh na súile ó struchtúir nár shúile iad faoi dhó i measc na n-ainmhithe. Tharla sin uair amháin i gcás sinsir na máthar súigh agus uair amháin ar a laghad sna hainmhithe eile.  D’fhorbair súile go neamhspleách níos mó ná uair amháin le linn éabhlóide.

Lá den saol measadh nach raibh éabhlóid neamhspleách mar seo coitianta. Ach le blianta beaga anuas tháinig go leor samplaí eile chun solais.

Foilsíodh cur síos úr den éabhlóid neamhspleách seo san eagrán is déanaí den iris Journal of Systematic Palaeontology.  Cuireann údair an ailt fianaise inár láthair gur shíolraigh cruth leoin faoi dhó le linn éabhlóid na mamach.

Tá a fhios ag an saol mór cad is leon ann.  Ach shíolraigh ainmhithe a raibh an cruth céanna orthu i measc na marsúipiach fosta.

Tá sórt póca ar na marsúipiaigh ina maireann an t-ainmhí óg. Tá an cangarú agus an valbaí ar na marsúipiaigh is clúití atá againn inniu. Níl póca dá leithéid ar na mamaigh eile.  Ach, tá an chuid is mó de na marsúipiaigh imithe in éag, níl ach líon beag acu beo inniu.

Thángthas ar iontaisí san Astráil atá thart ar 20 milliún bliain d’aois.  Ón chruth atá ar na cnámha sin is léir go mbaineann siad le hainmhithe a raibh cuma an chait orthu agus a bhí chomh mór le madra caorach.  Mhair an leon marsúipiach seo i bhforaois thrópaiceach a bhí forleathan faoin am sin san áit ina bhfuil an Astráil sa lá atá inniu ann. 

Cé go raibh cruth céanna ar an dá leon – an gnáthleon agus an leon marsúipiach – bhí difríochtaí eatarthu fosta. Cruth an bhioráin atá ar fhiacla an ghnáthleoin agus úsáideann sé iad chun feoil a bhaint de chnámha. 

Fiacla míne téagartha a bhí ag an leon marsúipiach.  Dúirt údair an ailt gurbh é cruth gearrthóir boltaí a bhí orthu. Meastar go raibh an leon marsúipiach in innimh cnámha a mheilt leis na fiacla móra seo.

Chuaigh an ceann deireanach de na cait mharsúipiacha, an tíogar Tasmánach, in éag ar an 7 Meán Fómhair 1938. Tá dáta cruinn a bháis againn mar fuair an t-ainmhí bás i Zú Hobart, sa Tasmáin agus tá taifead coinnithe ansin.

Rinneadh scagadh ar sheicheamh DNA an ainmhí sin ar na mallaibh. De réir fianaise a foilsíodh san iris Nature Ecology and Evolution bhí an speiceas seo ag dul in éag le 120,000 bliain anuas. 

Ciallaíonn na dátaí sin nach raibh baint ag an duine le díothú na gcat marsúipiach.  Bhí siad ar an dé deiridh sular bhain an duine daonna an Astráil amach.

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Tá a fhios ag an saol mór cad is leon ann.  Ach shíolraigh ainmhithe a raibh an cruth céanna orthu níos mó ná uair amháin…'