€5m ceadaithe don chomhlacht Randox ar an gClochán Liath

Thug an tAire Stáit Joe McHugh le fios inniu go bhfuil €5 ceadaithe ag an Rialtas thar thréimhse cúig bliana do Randox Teoranta i nDún na nGall

Joe McHugh -SOM

D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh inniu go bhfuil €5 milliún ceadaithe ag an Rialtas le hinfheistiú a dhéanamh sa chomhlacht Randox Teo ar an gClochán Liath thar thréimhse cúig bliana.

Infheisteofar an t-airgead sin i gcúrsaí taighde agus forbartha le haghaidh teicneolaíocht bithshlise agus trealamh diagnóiseach. Bíonn Randox Teo ag déanamh trealamh sláinte agus tástálacha leighis a chabhraíonn le daoine a bhfuil leithéidí Alzheimers agus ailse orthu. Díoltar táirgí Randox in níos mó ná 145 tír.

Táthar ag súil go gcruthófar 40 post breise sa chomhlacht a bhfuil 85 duine fostaithe ann cheana féin. Táthar ag súil go bhfostófar an 40 duine breise faoi dheireadh na bliana seo agus go mbeidh 450 fostaí ar fad ag an gcomhlacht faoin mbliain 2020.

Thosaigh an comhlacht ar fheachtas mór bolscaireachta i mí na Nollag seo caite agus iad ag triail óige an cheantair a d’imigh ar imirce a mhealladh abhaile le post a fháil leis an gcomhlacht.

Dúirt an Dochtúir Peter Fitzgerald, stiúrthóir Randox Teo, go dteastaíonn ón gcomhlacht “deiseanna oibre a thabhairt do chéimithe óga an cheantair a theacht ar ais” le cónaí agus obair sa cheantar.

Dúirt an tAire Joe McHugh go bhfuil a Roinn tiomanta d’fhostaíocht a dhaingniú i gceantair ar nós an Chlocháin Léith “chun pobail inmharthana tuaithe a chothabháil agus, go háirithe, chun tacú leis an Ghaeilge mar theanga an phobail i gceantair láidir Ghaeltachta”.

Bunaíodh Randox Teo ar an gClochán Liath sa bhliain 2008. Cé is moite den chomhlacht Mylan in Indreabhán i gContae na Gaillimhe ba é an fógra go bhfostófaí 450 duine i Randox an fógra fostaíochta ba mhó riamh ag cliantchomlacht de chuid Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar '€5m ceadaithe don chomhlacht Randox ar an gClochán Liath'

  • Fearn

    Ó, sea! Tá An Clochán Liath sa Ghaeltacht, nach bhfuil? Tá, rud!