€50,000 le cur ar leataobh ag Comhairle Contae Dhún na nGall le dul i ngleic le plandaí ionracha sa Ghaeltacht

Fásann an gunnaire nó an bhiabhóg fhiáin agus an ghlúineach bhiorach go fairsing i nGaeltacht Thír Chonaill agus tá airgead curtha ar leataobh ag an gComhairle Contae le dul i ngleic leis an bhfadhb ar fud an chontae

€50,000 le cur ar leataobh ag Comhairle Contae Dhún na nGall le dul i ngleic le plandaí ionracha sa Ghaeltacht

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall le clár cóireála do phlandaí eachtrannacha ionracha ar bhóithre poiblí an chontae a mhairfidh ceithre bliana ar fad.

Bíonn drochthionchar ag na plandaí seo ar éiceolaíocht an cheantair sin agus nuair is ar bhóithre poiblí a bhíonn siad ag fás, d’fhéadfaidís damáiste a dhéanamh don bhóthar féin nó a bheith ina gcontúirt do thiománaithe trí chur isteach ar a radharc ar an mbóthar amach rompu.

Fásann na plandaí ionracha sin, an gunnaire,  an ghlúineach bhiorrach agus an biabhóg fhiáin, go fairsing i nGaeltacht Thír Chonaill go háirithe i gCnoc Fola, i nGaoth Dobhair agus sna Rosa.

Is gníomhaíochtaí an chine dhaonna a thugann na plandaí seo isteach ar dtús agus ansin maireann siad agus scaipeann siad ar fud an cheantair nua.

Tá an obair seo á déanamh i ndiaidh don Chomhairle togra píolótach a thosú an bhliain seo caite inár triaileadh bealaí éagsúla le plandaí ionracha a dhíbirt.

Dúirt Brendan O’Donnell, Innealtóir Sinsir le Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil fadhb na bplandaí ionracha ag dul in olcas, ní hamháin ar fud na hÉireann ach ar fud an domhain freisin agus gurb í an ghlúineach bhiorach an planda is deacra le díbirt.

“Tá an t-eolas atá againn faoi bhainistiú scaipeadh na bplandaí seo ag méadú de réir a chéile. I measc na gcleachtaí cóireála atá in úsáid faoi láthair tá spraeáil luibhicíde, baint na nduilleog agus instealladh sna gais. Is í an phríomhaidhm atá againn ná na plandaí a dhíbirt ar fad trí dhíriú, ní hamháin ar na duilleoga agus eile os cionn talún ach ar na fréamhacha thíos fúthu freisin,” a dúirt sé.

Tá €50,000 curtha ar leataobh i mbuiséad na bliana seo le dul i ngleic le plandaí ionracha ar bhóithre agus tá sé i gceist go gcuirfí buiséad dá leithéid ar leataobh ar bhonn bliantúil go dtí go gcuirfear na plandaí faoi smacht. Meastar go dtógfaidh sé ar a laghad ceithre bliana le dul i ngleic leis an bhfadhb.

Tá conraitheoir le ceapadh ag an gComhairle sna seachtainí amach romhainn leis an obair a chur i gcrích.

Fág freagra ar '€50,000 le cur ar leataobh ag Comhairle Contae Dhún na nGall le dul i ngleic le plandaí ionracha sa Ghaeltacht'

  • padraig

    An ghluineach bhiorach (Hudsons) go rabach in aiteanna eile fen dtir chomh maith, ‘bhfuil aon tsli chun stop a chur lei sochas fiailnimh, n’fheadar? Ba leasc liom airgead a chur i bpocai Montsano* dream a spreigh agent orange ar mhuintir Vitneam. * Is iad a thairgeann Roundup/Gallup etc etc

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Is maith go bhfuil Comhairle contae éigín ag déanamh iarracht le dhul i ngleic leis an fhadhb ollmhór seo, ach ta gá le feachtas leis an pobal a ghriosú le réitigh a fhail do ar gcuid talamh féin . Is ga le reachtaíocht chomh maith mar ata i Sasana le stád a chor le daoine a thógáil as áit amhain agus a chaitheamh in áit eile.