€4.3 milliún ceadaithe do ghrúpaí pobail agus scéim aon uaire d’ionaid Ghaeilge fógartha

Beidh ciste €1.379m sa bhliain á dháileadh ag Foras na Gaeilge ar 36 eagraíocht Ghaeilge atá páirteach i Scéim Forbartha na Líonraí Gaeilge

€4.3 milliún ceadaithe do ghrúpaí pobail agus scéim aon uaire d’ionaid Ghaeilge fógartha

Tá maoiniú trí bliana €4.3 milliún ceadaithe ag Foras na Gaeilge do ghrúpaí atá páirteach i gcóras pleanála na líonraí Gaeilge.

Fógraíodh inné go mbeidh ciste €1.379 milliún in aghaidh na bliana á roinnt idir 36 eagraíocht Ghaeilge faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge.

Cheadaigh baill bhord an Fhorais chomh maith maoiniú bliantúil na sé cheanneagraíocht Ghaeilge. Ceadaíodh €1,078,615 do Glór na nGael, €832,457 do Chonradh na Gaeilge, €745,136 do Chumann na bhFiann, €708,562 do Gaeloideachas, €650,183 do Gael Linn agus €622,594 d’Oireachtas na Gaeilge.

Beidh €41,057 á chur ar fáil ag an Fhoras d’fhéilte Gaeilge a bheidh á reáchtáil idir Eanáir agus Meitheamh 2022. I measc na bhféilte sin, tá Féile Idirnáisiúnta Litríochta Chúirt, Féile na Bealtaine, Féile Róise Rua, Sean-nós na Fearsaide agus Féile Nasc.

Fógraíodh chomh maith go raibh maoiniú cúig bliana ceadaithe ag an Fhoras don chéad mhórthionscadail eile foclóireachta. Tá sé i gceist ag lucht an fhoclóra dhá fhoclóir, Foclóir nua Gaeilge-Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla, a chur ar fáil ar líne faoi 2026.

Anuas ar an mhaoiniú a ceadaíodh, fógraíodh scéim nua a chuirfeadh maoiniú aon uaire ar fáil le hionaid Ghaeilge a chóiriú.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh sé ag súil go gcuideoidh an maoiniú le heagraíochtaí an Ghaeilge a chur chun cinn.

‘Is cuid lárnach iad na scéimeanna ar ceadaíodh €9m dóibh d’iarrachtaí ar fud an oileáin an Ghaeilge a fhorbairt ag leibhéal an phobail. Cinnteoidh an maoiniú seo go mbeidh pobail éagsúla ar fud an oileáin in ann a gcuid pleananna a réiteach do 2022.

“Beidh na sé cheanneagraíocht ábalta tacaíocht do na pobail sin a chinntiú i raon leathan réimsí ó fhorbairt pobail go himeachtaí óige go tacaíocht do chomhlachtaí gnó ina gceantar. Is pribhléid dúinn a bheith in ann tacú leis an obair sin, agus guímid gach dea-ghuí ar a gcuid oibre,’ a dúirt Ó Coinn.

Maidir leis an €4.3 milliún atá ceadaithe faoi Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, tá trí chineál eagraíochta aitheanta ag an Fhoras.

San ardchéim, beidh maoiniú á chur ar fáil do naoi n-eagraíocht atá ag feidhmiú i gceantar a bhfuil stádas líonra Gaeilge nó baile seirbhíse Gaeltachta bainte amach aige.

Sa mheánchéim, tá maoiniú ceadaithe do 19 eagraíocht atá ag feidhmiú i gceantair a bhfuil “bonn maith curtha faoi chúrsaí pleanála teanga” iontu.

Beidh ocht ngrúpa ag fáil maoiniú i mbunchéim na scéime, atá dírithe ar ghrúpaí nó coistí atá ag tús phróiseas na pleanála teanga.

Seo liosta iomlán na ngrúpaí a gheobhaidh maoiniú faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024.

Ardchéim
Iarratasóir Contae
Muintir Chrónáin Teo. Baile Átha Cliath
Líonra Leitir Ceanainn Dún na nGall
Gael-fhorbairt na Gaillimhe Gaillimh
Ionadh Uíbh Eachach Aontroim
Coiste Forbartha Charn Tóchair Doire
An Clár as Gaeilge An Clár
Gaeilge Locha Riach Gaillimh
Coiste Dúiche Mhaigh Eo Maigh Eo
Glór na Móna Aontroim

 

Meánchéim
Iarratasóir Contae
Glór Cheatharlach Ceatharlach
An Cumann Gaelach Muineachán Muineachán
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Aontroim
Gaelphobal Ard Mhacha Theas Ard Mhacha
Gaeil na nGlinntí Aontroim
Cill Dara le Gaeilge Cill Dara
Glór na Spéiríní Doire
Ionad na Fuiseoige Aontroim
Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtair An Dún
Pobal Ar A’n Iúl Tír Eoghain
Cumann Gaelach na hEaglaise Baile Átha Cliath
Cumann Gaelach Leath Chathail An Dún
Glór Uachtar Tíre An Dún
An Droichead Aontroim
Cairde Teo Ard Mhacha
Comhluadar Luimnigh Luimneach
Croí Éanna Aontroim
Gaelphobal Thamhlachta Baile Átha Cliath
Cairde Uí Néill Tír Eoghain

 

Bunchéim
larratasóir Contae
Glór Dhún Geimhin Doire
Tús Nua FearManach
Glor Léim an Mhadaigh Doire
Glór Inis Eoghain Dún na nGall
Gaeilge Nuada Cill Dara
Craobh an lúir An Dún
Craobh Pheadair Uí Dhubhda An Lú
Pobal Gaeilge 15 Baile Átha Cliath

 

Fág freagra ar '€4.3 milliún ceadaithe do ghrúpaí pobail agus scéim aon uaire d’ionaid Ghaeilge fógartha'