€13 milliún ceadaithe chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha sna contaetha Gaeltachta

Chuir an rialtas tús le scéim deontais i lár 2022 chun go ndéanfaí tithe atá folamh nó tréigthe a athfhorbairt mar thithe cónaithe

€13 milliún ceadaithe chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha sna contaetha Gaeltachta

Cheadaigh an rialtas €13 milliún de dheontais in 2024 agus 2025 chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha sna contaetha Gaeltachta.

Tá sé ráite ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary gur éirigh le suas le 300 iarratas ar an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha a bhain le tithe sa seacht gcontae Gaeltachta le cúpla bliain anuas.

Bunaíodh an deontas athchóirithe i lár 2022 chun tithe atá folamh nó tréigthe a athfhorbairt mar thithe cónaithe. Tá breis is €200 milliún ceadaithe ó thús na scéime. Ag deireadh na bliana seo caite ceadaíodh deontas i gcás thart ar 3,700 iarratas san iomlán.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge aréir, thug an tAire Dara Calleary sonraí nua maidir leis an scéim sna contaetha Gaeltachta.

Bhain breis is leath de na hiarratais a rinneadh sna contaetha Gaeltachta le Dún na nGall, áit ar éirigh le 152 iarratas ar dheontas. Tá níos mó iarratais faoin scéim déanta le Comhairle Contae Dhún na nGall ná mar atá déanta le haon chomhairle áitiúil eile ar fud na tíre.

Ceadaíodh deontais i gcás 70 iarratas i nGaillimh, bhí rath ar 32 iarratas i gCiarraí agus ar 27 ceann eile i haigh Eo.

D’éirigh le 15 iarratas ar dheontas athchóirithe i gcontae Chorcaí, cúig iarratas a bhí i gceist i bPort Láirge agus aon iarratas amháin i gcontae na Mí.

“Léiríonn sé sin go bhfuil a lán oibre ar siúl sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire Calleary leis an gcoiste.

Tá airgead á cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun post mar Chomhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht a mhaoiniú. Tá an comhordaitheoir fostaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo agus tá an Ghaeltacht go léir faoina chúram.

Dúirt an tAire Calleary go raibh an tÚdarás agus Uisce Éireann ag obair le chéile i láthair na huaire chun maoin de chuid an Údaráis a chur in oiriúint do thithíocht chomh maith.

“Táimid ag obair leis an Údarás faoin talamh atá acu nach mbeidh siad ag úsáid do chúrsaí tionscail,” a dúirt an tAire.

“Tá muid ag obair leis an Údarás agus le hUisce Éireann chun plean a chur le chéile chun seirbhísí a chur ar fáil ar na suíomhanna sin chun go mbeidh an tÚdarás in ann dul chuig AHB [Comhlacht Ceadaithe Tithíochta] nó comhlacht cosúil leis sin chun iad a fhorbairt. Ach, ar an gcéad dul síos, tá muid ag iarraidh oibriú chun go mbeadh seirbhísí séarachais agus uisce ar an talamh sin agus go mbeadh siad in ann é a úsáid do chúrsaí tithíochta.”

Dúirt an tAire go raibh sé ag cur brú freisin ar na húdaráis áitiúla chun a chinntiú go raibh siad ag obair le hÚdarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta agus go raibh a lán go bhféadfaí a dhéanamh fiú gan treoirlínte pleanála don Ghaeltachta a bheith foilsithe ag an Roinn Tithíochta.

– Rinneadh leasú ar an t-alt chun a shoiléiriú gur ceadaíodh €13 milliún de dheontais chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe i gcontaetha Gaeltachta, seachas i gceantair Ghaeltachta, mar a dúirt an tAire Dara Calleary ina chuid cainte os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais. Baineann na figiúirí leis na deontais a ceadaíodh in 2024/25 seachas leis na deontais ar fad a ceadaíodh ó 2022

Fág freagra ar '€13 milliún ceadaithe chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha sna contaetha Gaeltachta'