Dúthracht, dílseacht agus díograis –gaiscíoch snúcair óg an Spidéil

Fear ó Gaeltachta é Lorcán Ó Curraoin a bhfuil Craobhacha Snúcair na hEorpa bainte amach aige sna comórtais faoi 18 agus faoi 16

Dúthracht, dílseacht agus díograis –gaiscíoch snúcair óg an Spidéil

Lorcán Ó Curraoin (ar chlé), Max Kennedy agus Conor Doyle, stiúrthóir an chomórtais, sular thosaigh an babhta ceannais sa SBI Stars of the Future Event i mí na Samhna seo caite

Is mór an t-ugach é daoine óga as do chomharsanacht a fheiceáil ag déanamh go maith sna spórtanna is ansa leo. Níl sé ach dhá bhliain ó shin ó bhuaigh fear óg as mo bhaile féin Peileadóir Mionúir na Bliana tar éis dóibh Craobh na hÉireann 2022 a bhuachan.

An imirt chliste a rinne sé sa gcluiche ceannais in aghaidh Mhaigh Eo ar Pháirc de hÍde ba mhó a chinntigh sin do Tomás Farthing.

Ní raibh an rath céanna ar shinsir na Gaillimhe an lár dár gcionn in aghaidh Chiarraí. Bhí formhór a chomharsan ansiúd freisin déarfainn agus má tá aon chosúlacht acu siúd liomsa, d’fhág a raibh déanta ag Tomás an tráthnóna roimhe go raibh laghdú ar an bpian a bhain le Corn Mhig Uidhir a bheith ag dul go Ciarraí seachas go Conamara.

Imirt foirne, agus níos minice ná a chéile cluichí Chumann Lúthchleas Gael, a thugann deis d’ógánaigh tuaithe go háirithe a gcuid cumais a léiriú ach anois agus arís feictear an eisceacht.

Saol faoi leith é an t-iomramh aonair.

Tá aithne agam ar lúthchleasaithe a chodail i gcampaí ar bhruacha aibhneacha in Oirthear na hEorpa agus iad ar thóir iomaíochta agus oidis den chaighdeán is airde – ní raibh sé d’acmhainn acu lóistín níos compordaí a chuartú. Féach agus gan iontu ach gasúir go mbíonn orthu siúd atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa snámh cúpla uair an chloig a bheith caite sa linn acu sula dtéann siad ar scoil.

Chodail dornálaithe mór le rá a bhuaigh boinn Oilimpeacha ar leapacha buinc sa Staid Náisiúnta. Ar thraein go Bleá Cliath os cionn deich mbliana fichead ó shin chas lead óg as Conamara orm a dúirt go mbíodh an t-aistear sin roimhe chuile sheachtain beo mar nach raibh oiliúnaí a bhí cáilithe don spórt a chleacht sé ar fáil in Iarthar na hÉireann.

Sin dúthracht. Sin dílseacht. Sin díograis.

Le cúnamh Dé ní bheidh oiread sin anó ag baint lena bhfuil i ndán don fhear óg is deireanaí as mo cheantar atá ag déanamh go maith sa spórt is ansa leis féin. Sin é Lorcán Ó Curraoin a bhfuil Craobhacha Snúcair na hEorpa bainte amach aige sna comórtais faoi 18 agus faoi 16.

Lorcán Ó Curraoin, an Corn agus Tommy O’Donoghue ón SBI

Both Loiscthe atá ar an áit arb as Lorcán – dúiche álainn iargúlta tuairim 5k ó thuaidh de shráidbhaile an Spidéil. Tá luí faoi leith agam féin leis an áit mar gur chaith mé achar gairid ag freastal ar an Scoil Náisiúnta ansiúd, atá dúnta anois faraor le blianta fada.

Tá loch ann den ainm céanna – foinse na habhann a théann i bhfarraige idir an dá chéibh atá sa Spidéal féin.

Is ar an suaimhneas seachas an snúcar is mó a chuimhneodh duine a mbeadh sé d’ádh orthu cuairt a thabhairt ar an áit ach ní móide ach go mbeidh athrú scéil i gceist má bhaineann Lorcán Ó Curraoin a mhian amach.

Tuairim dhá bhliain ó shin a thosaigh an Curraoineach ag plé leis an gcluiche – roimhe sin d’imir sé peil le foirne faoi aois Mhicheál Breathnach. Ba léir ón tús go raibh luí aige leis agus chuaigh sé isteach le Cumann Snúcair Eglington i gcathair na Gaillimhe.

Ag deireadh na bliana seo caite rinne sé an gaisce ba mhó a facthas uaidh go dtí seo nuair a bhuaigh sé an comórtas náisiúnta is mó le rá ina aoisghrúpa, an SBI Stars of the Future Event, nuair a fuair sé an ceann ab fhearr ar Ghaillimheach eile, Max Kennedy as Baile Átha an Rí, sa mbabhta ceannais.

An tseachtain seo caite bhuaigh sé Craobh na Gaillimhe 2024.

Beidh a fhios ag an mbunáite agaibh gur 147 an scór is airde is féidir le himreoir a bhaint amach i gcluich snúcair – sin déanta má chuireann sé an liathróid dhubh go ceann cúrsa chuile uair a gcuireann sé na 15 cinn dhearga ansiúd as a chéile agus má scuabann sé leis na cinn dhaite ar fad ina dhiaidh sin.

Tugann sracfhéachaint ar shuíomh idirlín Snooker & Billiards Ireland léargas ar an gcaighdeán ag a bhfuil Lorcán Ó Curraoin ag iomaíocht. Ansiúd tugtar eolas faoi na 44 imreoir is fearr sa tír idir 12 agus 20 bliain d’aois.

Ag an aois sin ní bheifeá ag súil go mbeadh an t-uasmhéid bainte amach ag aon duine acu, ach féach go bhfuil sé déanta ag imreoir 13 bliain as Longfort a bhfuil Joe Shannon air agus ag James O’Connnell as Corcaigh atá 19 bliain.

Ní haon dóithín é an fearr sin againne ach an oiread, bail ó Dhia air. Chuaigh sé i bhfoisceacht aon cheann amháin dó le linn seisiún cleachtaidh.

Cé gur le linn cleachtaidh atá sin déanta ag an triúr agus nach i gcomórtas, tugann sé léargas ar chaighdeán na himeartha eatarthu. Dúirt a chóitseálaí P.J Nolan liom i rith na seachtaine nach eol dó aon duine eile a rinne oiread sin de dhul chun cinn in achar chomh gairid. Bheadh a fhios aige siúd é. Is é atá i gceannas na cóitseála, ní hamháin sa tír seo ach san Eoraip fré chéile.

Le teacht na Féile Pádraig a bheas Craobhacha na hEorpa ar siúl i Sarajevo agus beidh Lorcán agus an Cinnéideach san iomaíocht sna comórtais faoi 16 agus faoi 18.

Fág freagra ar 'Dúthracht, dílseacht agus díograis –gaiscíoch snúcair óg an Spidéil'