Dúshlán ceart roimh Peter Keane agus Áth Cliath ag teacht go Trá Lí

Tá tús maith curtha ag Ciarraí le ré Peter Keane ach beidh tuilleadh feabhais ag teastáil más leo Áth Cliath a bhualadh anocht

Dúshlán ceart roimh Peter Keane agus Áth Cliath ag teacht go Trá Lí

Bainisteoir Chiarraí, Peter Keane. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Ciarraí v Áth Cliath – Páirc Aibhistín de Staic, 7.00pm

Ní raibh peileadóirí Chiarraí i mbarr a maitheasa go dtí seo sa tsraith ach mar sin féin bhuaigh siad an chéad dá chluiche atá imeartha acu faoi cheannas Peter Keane.

Bhí foireann na Ríochta ag brath go mór ar chruinneas Sheáin O’Shea ó na ciceanna saora chun scóranna a aimsiú i gcoinne Thír Eoghain agus in aghaidh an Chabháin ach beidh an bainisteoir nua sásta go bhfuil cosaint Chiarraí níos daingne ná mar a bhíodh. Ghéill Ciarraí cúig chúl sa gcéad dá bhabhta i sraith na bliana seo caite ach níl oiread agus cúl amháin scóráilte ina gcoinne go dtí seo.

Cuirfear brú ceart orthu anocht agus seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, ag teacht go Páirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí. Tá roinnt imreoirí aitheanta fós ar iarraidh ar Jim Gavin ach tá tallann go leor ag na fir atá aige le scrios a dhéanamh ar fhoireann ar bith.

Níl aon dabht ach gur thug siad stánáil cheart do Ghaillimh an deireadh seachtaine seo caite i bPáirc an Chrócaigh. Ba iad na Connachtaigh ab fhearr a thosaigh an cluiche ach bhí bearna ollmhór idir na foirne ó thaobh aclaíochta de agus bhuaigh Áth Cliath gan stró.

Agus Ciarán Kilkenny fós ar iarraidh, tá deis á tabhairt do Chormac Costello agus tá sé ag baint leas as an deis sin. Bhí an tosach ar fheabhas i gcoinne na Gaillimhe agus é breá ábalta scór a aimsiú lena chiotóg nó lena dheasóg agus beidh Costello ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an imirt anocht agus fonn air áit a bhaint amach ar fhoireann Átha Cliath don chraobh.

Tá gaiscí déanta freisin ag leatosaí Chiarraí, Seán O’Shea, sa tsraith go dtí seo. Sé phointe a d’aimsigh sé sa gcluiche a bhuaigh siad in aghaidh Thír Eoghain sa chéad bhabhta agus b’fhearr fós é an tseachtain dár gcionn nuair a d’aimsigh sé 0-12 in aghaidh an Chabháin. Cé nár tháinig ón imirt ach trí cinn de na hocht bpointe dhéag atá scóráilte ag O’Shea, tá an fear seo chomh cruinn sin ó na ciceanna saora go mbeidh a fhios ag Áth Cliath nach féidir leo mórán a ghéilleadh.

Más le Ciarraí seans ar bith a bheith acu anocht, caithfidh na tosaithe eile níos mó a dhéanamh. Go dtí seo sa tsraith níor éirigh leo an cúl amháin féin a fháil agus más fúthu Áth Cliath a chloí, caithfidh siad sin a chur ina cheart.

Rogha Tuairisc.ie: Áth Cliath

Fág freagra ar 'Dúshlán ceart roimh Peter Keane agus Áth Cliath ag teacht go Trá Lí'