Duine amháin eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 77 cás nua deimhnithe

2,174 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,650 duine ó dheas den teorainn agus 524 ó thuaidh di

Duine amháin eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 77 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe agus go bhfuil 77 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,174 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,650 duine ó dheas den teorainn agus 524 ó thuaidh di.

Triúr ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

Tá laghdú ag teacht i gcónaí ar líon na ndaoine le Covid-19 atá á gcur sna hospidéil agus 36 othar le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim inniu.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh duine amháin eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe agus go rabhthas tagtha ar 12 cás nua.

29,790 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,062 cás ó dheas den teorainn agus 4,728 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí a d’fhoilsigh Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) inniu, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 521.

716 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 22 Bealtaine.

504 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 24,985 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn, an 30 Bealtaine:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,286 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 408 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,968 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,052 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,514 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,417 cás, nó 6%
  • 480 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 477 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 152 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 796 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 571 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%.

Tháinig ardú 37 cás líon na gcásanna a bhí deimhnithe i gCorcaigh faoi mheán oíche Dé Sathairn, i gcomparáid leis an lá roimhe. 61 cás nua ar fad a deimhníodh sa Stát le linn na tréimhse céanna. Dhá chás eile a deimhníodh sa Ghaillimh ach seachas sin níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna in aon chontae Gaeltachta eile.

De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, tá breis is 373,000 duine curtha den saol ag Covid-19 ó thús na paindéime agus os cionn 6.2 milliún cás den ghalar atá deimhnithe sa domhan. Baineann beagnach 105,000 de na básanna go léir agus nach mór 1.8 milliún de na cásanna le Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is measa atá buailte.

 

Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 77 cás nua deimhnithe'