FÍSEÁN: ‘Duine amháin a chuir isteach air agus níor tháinig sé go dtí an t-agallamh’ – folúntais d’oifigigh pleanála teanga gan líonadh

Níl oifigeach pleanála teanga ag feidhmiú ar Thoraigh ó Mheán Fómhair 2024 agus níl aon oifigeach pleanála teanga ar Árainn Mhóir ó Mheitheamh 2024

Tá folúntais d’oifigigh pleanála teanga ar oileán Thoraí agus ar oileán Árainn Mhór, amach ó chósta Dhún na nGall, le tréimhsí fada anois agus teipthe ar Chomharchumann Thoraí agus ar Chomharchumann Oileán Árainn Mhór daoine a earcú.

Níl oifigeach pleanála teanga ag feidhmiú ar Thoraigh ó bhí Meán Fómhair 2024 ann agus níl aon oifigeach pleanála teanga ar Árainn Mhóir ó bhí Meitheamh 2024 ann.

Dúirt Colm Mac Ruairí ó Chomharchumann Thoraí nach bhfuair siad “iarratas ar bith le naoi mí anuas agus go bhfuil sé deacair duine inteacht a fháil a mbeadh suim aige theacht isteach “go hoileán mara”.

An mhí seo a chuaigh thart d’fhógair Comharchumann Thoraí an folúntas arís agus dúirt siad go mbeadh an Comharchumann ag clúdach “costas lóistín ar feadh bliana don té a cheapfar”. Ach le gairid dúradh nár chuir duine ar bith isteach ar an phost ó rinneadh an fógra sin go deireanach.

Thosaigh Comharchumann Oileán Árainn Mhór an próiseas earcaíochta ar an 10 Iúil 2024 agus níor éirigh leo an folúntas a líonadh ó shin. Rinneadh ceithre iarracht eile ó shin agus go leor margaíochta, ach is amhlaidh atá an t-oileán fós gan oifigeach.

Deir Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir “gur léirigh go leor daoine suim sa phost le bliain anuas, ach nár chuir mórán daoine isteach ar an bhfolúntas”. I gcás amháin, a dúirt sí, “tugadh deis agallaimh d’iarrthóir amháin freastal ar agallamh agus níor tháinig an t-iarrthóir” [don agallamh].

Ag caint di faoi na deacrachtaí oifigigh pleanála teanga a earcú ar na hoileáin, dúirt sí, “go bhfuil go leor folúntas sa Ghaeltacht faoi láthair i bpostanna atá bunaithe ar fhorbairt pobail”.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, gur “díomá mhór” atá ann d’achan duine atá ag obair san earnáil nach bhfuil na coistí ábalta oifigigh pleanála teanga a earcú.

Mar réiteach ar an fhadhb, mhol sé go bhfeadfaí oifigeach eile a earcú i gCloich Cheann Fhaola agus go dtiocfadh leis an duine sin “cúram Thoraí” a bheith air nó uirthi agus a bheith go fóill ag obair leis an chomharchumann ar an oileán.

Dúirt sé fosta, go bhfuil sé den bharúil go bhfuil “ról lárnach” ag Údarás na Gaeltachta sna cásanna seo agus go gcaithfidh siad “amharc arís ar an struchtúr atá ann faoi láthair” sa dóigh is go mbeadh sé “níos furasta daoine a earcú.”

Chuir Tuairisc ceist ar Údarás na Gaeltachta faoin ról atá acusan sna cásanna seo agus cé acu an raibh athbhreithniú ar bith le déanamh ar an struchtúr atá i bhfeidhm faoi láthair. Dúirt siad gurb “iad na ceanneagraíochtaí féin atá freagrach as earcaíocht agus bainistíocht na n-oifigeach pleanála teanga”.

An mhí seo a chuaigh thart, bhailigh oifigigh pleanála teanga fud fad na tíre le chéile i mBaile Átha Luain ag tionól inar pléadh na dúshláin atá os a gcomhair siúd a bhíonn ag plé leis an phleanáil teanga ar bhonn áitiúil.

Tugadh le fios i dTeach Laighean ag tús mhí an Mheithimh go bhfuil an t-athbhreithniú ar an chóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, a bhí le foilsiú anuraidh, le foilsiú sna seachtainí seo amach romhainn.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Duine amháin a chuir isteach air agus níor tháinig sé go dtí an t-agallamh’ – folúntais d’oifigigh pleanála teanga gan líonadh'