Dualgas dlí le cur ar gach seirbhíseach poiblí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht

Tiocfaidh deireadh le haistear an Bhille Teanga sa Seanad tráthnóna agus seacht gcinn de leasuithe atá á moladh ag an Rialtas

Dualgas dlí le cur ar gach seirbhíseach poiblí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht

Beidh dualgas dlí ar gach seirbhíseach poiblí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht, de réir leasú reachtaíochta atá le moladh ag an Rialtas.

D’fhágfadh an leasú go mbeadh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.

D’fhágfadh sin go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag seirbhísigh phoiblí amhail Gardaí, tiománaithe bus, fir agus mná poist, cigirí talmhaíochta agus lucht leighis atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht ach a bhíonn ar dualgas taobh istigh di. 

Glacfar tráthnóna leis an leasú reachtaíochta i dTithe an Oireachtais, áit a mbeidh an chéim dheireanach den Bhille Teanga ar siúl sa Seanad.

Tá sé ar cheann de sheacht gcinn de leasuithe atá á gcur chun cinn ag an Rialtas inniu. Tá seacht gcinn eile á gcur chun cinn ag Seanadóirí eile ach is beag seans go nglacfar le haon cheann acu.

Bhí amhras ann roimhe seo go raibh neamhaird déanta sa Bhille Teanga nua ar chás na seirbhíseach poiblí a bhíonn lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht ach a bhíonn ar dualgas laistigh di.

D’fhágfadh sin níos laige an méid atá sa Bhille nua faoi sheirbhísí Gaeilge na Gaeltachta, cuid den bhille a meastar a bheith easnamhach pé scéal é.

Cuirfear fáilte mar sin roimh leasú an Rialtais a chuirfeadh deireadh le cuid den éiginnteacht a bhaineann le foráil Ghaeltachta an bhille.

Deirtear sa Bhille Teanga, a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, go leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh gach seirbhís Stáit sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge.

Ní raibh a leithéid d’fhoráil Ghaeltachta ar chor ar bith sa bhille nua i dtús aimsire agus bhí an Coimisinéir Teanga, polaiteoirí, Conradh na Gaeilge agus saineolaithe teanga den tuairim gurb é sin ceann de na laigí is mó a bhí ar an reachtaíocht.

Chuir an Rialtas foráil dhíreach don Ghaeltacht sa bhille ina dhiaidh sin chun a chinntiú go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht, ach táthar buartha i gcónaí nach bhfuil spriocdháta cinnte leagtha síos a chuirfeadh ceangal níos láidre ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Tá a leithéid de spriocdháta i gceist le príomhchuspóir an Bhille, an gheallúint gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Deirtear gurb é an coiste comhairleach atá le bunú faoin mbille a leagfaidh síos an sprioc nua maidir le seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Dhéanfaí sin, a deirtear, sa phlean náisiúnta earcaíochta atá le hullmhú ag an gcoiste nua.

Faoin mbille bheadh sé mhí ann chun an coiste comhairleach nua a bhunú agus bheadh dhá bhliain ag an gcoiste an plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú.

Ón uair a chuirfí an plean náisiúnta earcaíochta faoi bhráid an rialtais bheadh trí mhí eile ann an sprioc do sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht a thabhairt isteach.

Fágann sin go léir go bhféadfadh trí bliana a bheith ann sula dtabharfaí isteach an sprioc don Ghaeltacht agus, de réir na reachtaíochta, d’fhéadfadh spriocanna difriúla a bheith i gceist do cheantair éagsúla Ghaeltachta.

Chomh maith leis an leasú a bhaineann le seirbhísí sa Ghaeltacht, tá leasú eile á mholadh ag an Rialtas inniu maidir le feiceálacht na Gaeilge i gcumarsáid a dhéanann an stát leis an bpobal. 

De réir an leasuithe, nuair a bheadh eolas á scaipeadh ag an stát ar an bpobal, ní bheadh sé ceadaithe an cló i nGaeilge a dhéanamh níos lú ná an cló Béarla agus chaithfeadh an téacs Gaeilge a bheith ar a laghad chomh feiceálach agus chomh inléite leis an téacs Béarla.

Chuirfeadh an leasú stop le heagraíochtaí stáit an téacs i nGaeilge a dhéanamh níos lú ná an Béarla chun eolas a bhrú isteach ar bhileoga nó i gcumarsáid eile.

Tugann leasú eile de chuid an Rialtais soiléiriú maidir leis an dualgas a bheidh ar chomhlachtaí poiblí fógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge. Aontaíodh roimhe seo go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus 5% a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Tugtar soiléiriú sa leasú is déanaí gur 5% de bhuiséad bliana na heagraíochta a bheadh i gceist leis an soláthar fógraí sna meáin Ghaeilge.

Baineann na ceithre leasú eile atá molta ag an Rialtas le athruithe teicniúla a dhéanamh ar fhoclaíocht na dréachtreachtaíochta.

Nuair a bheidh an Chéim Dheiridh críochnaithe sa Seanad inniu, tabharfaidh an Bille seal gairid eile sa Dáil, áit a luafar na leasuithe nua ar glacadh leo sa Seanad. Cuirfear ar aghaidh ansin an bille go dtí Áras an Uachtaráin chun go ndéanfadh Uachtarán na hÉireann é a shíniú.

Fág freagra ar 'Dualgas dlí le cur ar gach seirbhíseach poiblí seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht'

  • An Teanga Bheo

    Éire saor is Gaelach ní amhain san nGaeltacht+++ agus Teanga na tíre i ngach ait