Duaiseanna Scoildrámaíochta fógartha – Gaelcholáiste Reachrann a bhuaigh an duais don scothléiriú

Bronnfar na duaiseanna i bPáirc an Chrócaigh ar dhaltaí scoile ar an gCéadaoin, 6 Bealtaine

Dráma

Daltaí as Gaelcholáiste Reachrann a bhuaigh an duais don scothléiriú ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta, a chríochnaigh sa Mhuileann gCearr tráthnóna inné.

Ba é an scríbhneoir agus an léiritheoir drámaíochta, Ray Yeates, a bhí i mbun moltóireachta ag an bhféile.

Faoin rannóg ‘Duaiseanna Speisialta’, ba ar Scoil Sailearna in Indreabhán, Co. na Gaillimhe a bronnadh an duais ‘An Bhunscoil Gaeltachta is Fearr’.

Scoil Náisiúnta Bhaile Aodha, Inis, Co. an Chláir a fuair an duais ‘An Bhunscoil is fearr nach Gaelscoil nó Scoil Gaeltachta í’.

Ar Ghaelscoil an Bhradáin Feasa i nDroichead Átha a bronnadh ‘An Bhunscoil is Fearr’. Ba í Scoil Adhamhnáin, an Luinnigh i dTír Chonaill a chroch leo an duais as ‘An Léiriú is Fearr ar Nuadhráma’.

Ar an dara leibhéal, beartaíodh an duais ‘An Pobalcholáiste is Fearr’ ar Choláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill.

Seo liosta de na catagóirí ar fad agus na buaiteoirí sna catagóirí sin:

graph

Fág freagra ar 'Duaiseanna Scoildrámaíochta fógartha – Gaelcholáiste Reachrann a bhuaigh an duais don scothléiriú'