Dreas nua cainteanna in Stormont ach níl aon chomhghéilleadh le brath

Beart dearfach an cruinniú foirmeálta idir an dá rialtas a bhfuil dualgais orthu mar urraí an Chomhaontaithe, go háirithe mura bhfuil na páirtithe logánta in ann ag a gcúram

Dreas nua cainteanna in Stormont ach níl aon chomhghéilleadh le brath

Dé Máirt a chuirfear ceann le cainteanna nua féachaint leis an tsáinn in Stormont a fhuascailt. As racht bróin agus aiféala a d’eascair an dreas idirbheartaíochta seo. An leor an suaitheadh agus déistin faoi mharú Lyra McKee chun an glas a scaoileadh?

Caithfear fáilte a chur roimh na cainteanna; is fearr go mór daoine a bheith ag caint ná a bheith ag scamhailéireacht ar a chéile i bpreasráitis nó ar na meáin. Ní mór struchtúr ceart a chur ar an bpróiseas áfach, ní haon mhaith dreas eile idirbheartaíochta a mbeadh leaganacha difriúla amach anseo ag na páirtithe faoin méid a d’aontaigh siad, ní áirím na constaicí.

Beart dearfach é go mbeidh cruinniú foirmeálta ag an dá rialtas ar an gCéadaoin; is mithid an chomhdháil idir-rialtasach, ar cuid lárnach de Chomhaontú Aoine an Chéasta í, a chur ar bhonn bisiúil. Is mithid freisin an admháil ó Karen Bradley gur féidir gach gné den Chomhaontú agus de na hinstitiúidí polaitiúla (nach ann dóibh) a chur ar chlár oibre na comhdhála sin. Ní ‘comh-údarás é ‘ ach tá dualgais ar an dá rialtas mar urraí an Chomhaontaithe, go háirithe mura bhfuil na páirtithe logánta in ann ag a gcúram.

Ní foláir nó tá a fhios cheana féin ag an Tánaiste, Simon Coveney agus ag Státrúnaí an Tuaiscirt, Karen Bradley cá seasann na páirtithe. Bhí comhráite acu leo le gairid. Cloisfidh siad tairiscintí tosaigh na bpáirtithe Dé Máirt agus faoin gCéadaoin ba cheart go mbeadh siad in ann measúnú a dhéanamh ar a seasamh, cé a bheadh solúbtha. cé a chuirfeadh cos i dtaca. Eolas riachtanach é sin má tá siad chun a theacht ar chur chuige aontaithe. Ní haon ribín réidh é.

I bhfianaise a bhfuil ráite le cúpla seachtain anuas ag ceannairí an dá phríomhpháirtí níl aon dóchas le braistint in aon cheard go dtiocfaidh siad ar chomhghéilleadh. D’iarr siad ar a lucht tacaíochta vótáil ar a son sna toghcháin áitiúla chun iad a neartú sna cainteanna faoi Stormont. Maíodh go raibh sé fánach ag an Tánaiste a bheith ag éileamh solúbthachta agus toghchán eile, do Pharlaimint na hEorpa, buailte linn. Bhí a mhífhoighid soiléir, “murar toghchán é, is é séasúr na máirseála nó rud éigin eile an leithscéal ach tá sé thar am éirí as na leithscéalta,” a dúirt Coveney.

Ceist mhór sa dreas cainte seo is ea stádas Karen Bradley. Níl muinín ag páirtí ar bith aisti. Tá an cáineadh uirthi mar Státrúnaí chomh forleathan sin gur deacair a shamhlú conas a bheadh an t-údarás ag an mbean bhocht an tae a ordú gan trácht ar chainteanna a stiúradh. Deir na páirtithe gur bean ghnaíúil í ach nach bhfuil tuairim aici faoina post abhus. Ina theannta sin tá ceangal na gcúig gcaol uirthi mar gheall ar an ngreim atá ag an DUP ar a páirtí agus a Príomh-Aire, Theresa May. Cheal údarás ná neamhspleáchas, conas is féidir léi próiseas cainteanna a threorú? An mbeadh sí in ann, cuir i gcás, freagra a éileamh ón DUP faoi conas a bhí a lucht tacaíochta á n-ullmhú acu le glacadh le margadh?

Níor theastaigh cathaoirleach nó áisitheoir neamhspleách ón DUP anuraidh agus dá bhrí sin bhí an Státrúnaí Bradley ina éadan chomh maith. Bhí an DUP breá sásta leis an smacht a bhí acu ar na Tóraithe agus fiú i bhfeachtas na dtoghchán áitiúil rinne siad gaisce as a gcumhacht in Westminster. Socrú nimhiúil is ea margadh soláthair agus muiníne an DUP leis na Caomhaigh, dar le Sinn Féin, cor eile a chothaíonn mímhuinín abhus. Bhí an chuma air le gairid go raibh an Státrúnaí tagtha ar mhalairt tuairime agus nach ndiúltódh sí as éadan d’áisitheoir seachtrach.  Seans gur gnó é sin a bheidh le socrú ag an gcruinniú idir-rialtais ar an gCéadaoin.

An mbeadh éinne toilteanach glacadh leis an gcuireadh, áfach? Tá a fhios ag an saol go raibh an Meiriceánach Richard Haass bréan den chúram faoin am ar fhág sé breis is cúig bliana ó shin. Ba dheacair é a thógáil air. Ach tá daoine a bhfuil stádas idirnáisiúnta acu a dhéanann obair mar seo go rialta. Nílim ag rá gur deus ex machina ná réiteach a shásódh gach éinne a bheadh i gcathaoirleach seachtrach ach b’fhiú é a thriail arís.

Fág freagra ar 'Dreas nua cainteanna in Stormont ach níl aon chomhghéilleadh le brath'