Draoithe os cionn a mbuille ach beidh jab mór agat le Steve féin

Tá obair mhaith déanta ag Danny Boyle agus Aaron Sorkin ar ‘Steve Jobs’ agus tá taispeántas cumasach tugtha uaidh ag Michael Fassbender ach tá coiscéim bhacaí sa táirge féin

Steve Jobs

Steve Jobs

Stiúrthóir: Danny Boyle

Cliar: Michael Fassbender, Seth Rogen, Kate Winslet, Jeff Daniels, Michael Stuhlbarg.

Steve Wozniak:

What do you do? You’re not an engineer. You’re not a designer. You can’t put a hammer to a nail. I built the circuit board! The graphical interface was stolen! So how come ten times in a day I read Steve Jobs is a genius? What do you do?

Steve Jobs:

Musicians play their instruments. I play the orchestra.

Tugann an smut de chomhrá thuas ón scannán Steve Jobs léargas thar na bearta ar mheon Jobs, ar conas a bhí sé ar thosach cadhnaíochta sa réabhlóid teicneolaíochta, ar an ngaol achrannach a bhí aige lena chara saoil, Steve Wozniak, agus ar an bpearsantacht chigilteach a bhí aige a rinne coimhthíos le daoine, ach ag an am céanna a chabhraigh leis tírdhreach na teicneolaíochta a athrú ó bhonn cúpla babhta i rith a shaoil.

Ma tá tú díomhaoin agus cúpla nóimint fánach le caitheamh agat, téigh chuig YouTube agus cuardaigh seoladh an IFón in 2007. Cuimhnigh nach raibh ann roimhe seo ach gléasanna liobarnacha. Thug seo ceol, idirlíon, ríomhphost, téacsanna agus glaochanna gutháin le chéile in aon ghléas amháin den chéad uair. É sin ar fad mar aon leis an scrolláil ar scáileán agus an chuma álainn a bhí ar an táirge. Bhain an fear seó Jobs súp as an táirge is déanaí a chur os comhair an tslua. Is féidir cneadaíl an tslua a chloisint, agus faoi dheireadh ba léir go raibh a anáil bainte den lucht féachana. Bhí cloch mhíle sroichte. B’shin a rinne Jobs agus Apple ón tús leis an Apple 1 agus Apple 2, Macintosh, ITunes, IPod agus an IPad ina dhiaidh sin. Chuireadar earraí álainne, inúsáidte, praiticiúla os ár gcomhair le margaíocht den scoth agus praghas ard.

Ní nach ionadh, bhí teacht i láthair faoi leith ag Jobs agus ní raibh sé fuirist a bheith ag comhghuaillíocht leis go minic ach is iad na tréithe céanna sin a chinntigh go raibh barr feabhais ar earraí Apple. Dá mbeadh Gaeilge ag Jobs, is cinnte go dtaitneodh an seanfhocal ‘múineann gá seift’ go mór leis. Ó d’éag sé, táthar ag caint ar scannán le teacht sna sála ar na leabhair agus na cláracha faisnéise. Bhain an táirge seo go leor adhmaid as beathaisnéis Walter Isaacson.

Cuireadh uisce lenár bhfiacla nuair a chonaiceamar go raibh beirt draoithe le dul i mbun comhghuaillíochta; Danny Boyle agus Aaron Sorkin. Léirigh Sorkin in The West Wing agus The Social Network go bhféadfadh sé beocht a chur in ábhair thur na polaitíochta agus na teicneolaíochta. Tá samhlaíocht agus nádúrthacht thar na bearta ag baint le táirgí Boyle, ó Trainspotting (1996) go Slumdog Millionaire (2008). Thugadar na dea-thréithe sin ar fad chuig an táirge seo. É sin ar fad agus an Ciarraíoch cumasach Michael Fassbender ina lár istigh.

Bhí, agus tá i gcónaí, go leor búis faoi sheoltaí Apple. Ní nach ionadh, mar sin, tá an scannán tógtha timpeall ar thrí sheoladh dhifriúla: an Macintosh i 1984, Next i 1988 agus an iMac i 1998. Ábhar iontais ar shlí nach bhfuil laethanta an IPod, iFón srl. idir chamáin anseo ach faoin tráth sin bhí a chóta bán déanta.

An chloch is mó ar phaidrín an tsaothair seo ná éachtaint a thabhairt ar mheon an duine ar leithligh seo agus, dá bharr sin, b’fhéidir go mbeadh díomá ar shaoithíní Apple agus na teicneolaíochta. Tá cuid mhaith de seo dírithe ar an ngaol idir Jobs agus a iníon Lisa, iníon a shéan sé agus ar loic sé uirthi ar mhórán slite. Tá riastradh air roimh na seoltaí seo agus é in adharca gach n-aon atá ina thimpeall, óna iníon go Wozniack. In iardhearcadh tugtar léargais fhánacha ar na blianta tosaigh agus an tslí ar díbríodh é as an gcomhlacht a bhunaigh sé.

Tugann Fassbender taispeántas den scoth uaidh. Is duine mórchúiseach agus tíoránach é Jobs a chuireann sé os ár gcomhair. Measann sé, agus a lucht leanúna, gur dia beag é. Is ar éigean go bhfuil tréith chúititheach ar bith aige, agus dar liom go bhfágann seo coiscéim bhacaí sa táirge.

Tá beirt draoithe os cionn a mbuille anseo agus tá taispeántas cumasach ón gceann feadhna ach níor sásaíodh an goile.