Dráma nua “Boicíní Bhóthar Kilburn”

Léireoidh Aisteoirí an Spidéil an dráma cáiliúil, Boicíní Bhóthar Kilburn, sa Spidéal, i dTír an Fhia agus i nGaillimh le linn mhí na Nollag agus mhí Eanáir, ag tosnú an Satharn seo (6 Nollaig) i gColáiste Chonnacht, An Spidéal.

Bhain an dráma stáitse seo an-cháil amach don drámadóir Jimmy Murphy nuair a léiríodh ar dtús é i mbliain an dá mhíle mar “The Kings of Kilburn High Road”.

Rinne Mícheál Ó Conghaile leagan Gaeilge de agus thug cúlra Conamarach do na carachtair.

Stiúraigh Tom Collins an scannán KINGS, scannán dátheangach den dráma, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar.

Díríonn an dráma ar sheisear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain i lár na seachtóidí.

Castar cúigear acu lena chéile arís cúig bliana fichead ina dhiadh sin ag sochraid an séú duine agus is léir go bhfuil cosán éagsúil saoil tugtha air féin ag gach uile dhuine acu idir an dá linn.

Trí ghreann agus tragóid, tugann an dráma cumhachtach seo léargas ar scéal na deoraíochta agus ar an athrú a tháinig ar shaol daoine a thug aghaidh ar an mbád bán.

Is é Peadar Ó Treasaigh stiúrthóir an léirithe seo agus tá cliar láidir ann a bhfuil seanaithne ag lucht leanta Aisteoirí an Spidéil orthu ag tacú leis.

Beidh Seán Ó Coistealbha, Maidhc P. Ó Conaola agus Peadar Ó Treasaigh ann agus tá Seán Ó Neachtain ar ais ar an ardán arís. Beidh Séamas Ó Scanláin, fear nuachta TG4, in éineacht leo chomh maith.

I gColáiste Chonnacht a bheas sé ar an 6 agus 7 Nollaig agus i dTír an Fhia ar an 14 Nollaig. Beidh deis ag pobal na Gaillimhe an dráma a fheiceáil sa Taibhdhearc ar an 10 Eanáir.