Dragúin agus Zebra le cloí ag na Cúigí

Tosóidh an Pro 12 arís an deireadh seachtaine seo tar éis sos coicíse agus is ar na hUltaigh a chuirfear an tastáil is mó

Ian Keatley 29/11/2013
Ian Keatley i gcoinne na nDragún anuraidh.

An Aoine bheag seo tá na Muimhnigh ag taisteal as baile go Casnewydd (Newport) sa mBreataine Bheag le tabhairt faoi na Dragons. Ar an mBóthar Beag i nGaillimh, beidh Cúige Chonnacht ag fáiltiú roimh Zebra na hIodáile, agus i mBéal Feirste beidh Cúige Uladh ag tabhairt faoi na hOspreys. Ní bheidh Cúige Laighean ag imirt go dtí an Domhnach, in oirthuaisceart na hIodáile a bheas siad ag tabhairt faoi Treviso.

Tá na deacrachtaí céanna maidir le heaspa imreoirí atá ar dualgas idirnáisiúnta ag cur as do chuile fhoireann atá ag imirt i mbabhta a hocht sa tsraith. Ní gá dá bhrí sin ach breathnú ar chlár tábla an Pro 12 le tuairim mhaith a fháil maidir le torthaí na gcluichí atá le himirt ag foirne na hÉireann sa mbabhta seo.

Cé nár chuir na Muimhnigh tús ró-iontach leis an tsraith, ceartaíodh é sin le cúpla seachtain anuas. Fágann sin go bhfuil siad suite sa ceathrú háit ar an tábla faoi láthair mar go raibh cúig bhua acu.

Ní hionann an cás ag na Dragons, foireann nár éirigh leo ach buachtáil uair amháin as seacht gcluiche. Bheadh drogall orm Euro amháin féin a chur ar bhua do na Dragons an Aoine seo.

Dála an scéil, bheinn breá sásta níos mó ná cúpla Euro a chur ar Chúige Chonnacht, foireann atá ag imirt sa mbaile agus atá sa seachtú háit ar an tábla. Ní raibh ag Zebra ach an t-aon bhua amháin sa gcomórtas go dtí seo; ní dóigh go mbeidh aon athrú ar an scéal sin an Aoine seo.

Is cinnte gur ar na hUltaigh a chuirfear an tastáil is mó an deireadh seachtaine seo. Cé go bhfuil buntáiste acu agus iad ag imirt sa mbaile, beidh orthu imirt i gcoinne foireann nár chaill oiread agus cluiche amháin go dtí seo. Tá dhá chluiche caillte ag Cúige Uladh, agus cé nach bhfuil mórán imreoirí as an gCúige ar an bpainéal idirnáisiúnta, tá siad lagtha go mór de bharr liosta fada imreoirí gortaithe.

Níor cheart go mbeadh mórán stró ar Chúige Laighean an Domhnach seo. Tá siad i gcoinne Treviso, foireann a chaill chuile chluiche as an seacht gcinn atá imeartha acu sa bPro 12 go dtí seo. Chomh maith leis sin, is fiú a mheabhrú do chách nach bhfuil mórán de bhearna caighdeáin idir chéad rogha Chúige Laighean agus an cúigear déag a bheas ag dul chun páirce sa gcluiche seo.

Níl sé baileach chomh héasca tuar a thabhairt faoi thoradh an chluiche mhóir idirnáisiúnta idir Éire agus an Astráil an Satharn seo. Cinnte, níor imir na Wallabies go maith i gcoinne na Fraince an deireadh seachtaine seo caite, ach tá siad faoi stiúir Michael Cheika bainisteoir a chaith tréimhse fada i gceannas ar Chúige Laighean, áit ar éirigh leis aithne mhaith a chur a imreoirí na hÉireann.

Mar sin féin, is fiú imirt na hÉireann faoi stiúir Joe Schmidt a mheas, go háirid an dá chluiche a d’imir siad le coicís anuas. Má chuireann Schmidt an fhoireann chéanna a chuir sé chun páirce i gcoinne na mBoks amach i gcoinne na Wallabies agus má éiríonn leo an cur chuige céanna agus an stíl imeartha céanna a thabhairt leo, is deacair a fheiceáil go mbeadh bua ag na cuairteoirí. Seans gur mar gheall air seo a bheas an Aviva lán go doras. Cé go bhfuil mise ag súil be bua eile an Satharn seo, is tábhachtaí ná sin an taispeántas. Seo iad na cluichí fómhair; tá an comórtas Sé Náisiún agus an Corn Domhanda fós le teacht.

Fág freagra ar 'Dragúin agus Zebra le cloí ag na Cúigí'