Doug Beattie – is minic a bhris tvuít duine a shrón

Nocht pobalbhreith ar an Satharn gurb é Doug Beattie an UUP an ceannaire polaitiúil sa Tuaisceart leis an ráta sástachta is airde – ba ghearr gur bhain sé tuisle as féin le tvuít a mhaslaigh mná

Doug Beattie – is minic a bhris tvuít duine a shrón

Más féidir an seanrá a chur in oiriúint do ré an Twitter is minic a chuir tvuít ghránna polaiteoir dá bhoinn. Nocht pobalbhreith ar an Satharn gurb é Doug Beattie an UUP, an ceannaire polaitiúil a raibh an ráta sástachta is airde aige abhus. Ba ghearr gur bhain sé tuisle as féin.

A bhuíochas d’iarracht ar ‘ghreann’ oíche Shathairn, thit Doug Beattie go tobann ó bharr an dréimire sin i súile an phobail. Beidh le feiceáil an titim thubaisteach í agus é ag tabhairt aghaidh ar a chéad toghchán mar cheannaire i gceann 14 seachtain, mura dtugann a pháirtí bata agus bóthar dó roimhe sin. Ní cabhair do cheannaire é laethanta a chaitheamh ag gabháil leithscéil i ndiaidh leithscéil faoi chonspóid ar bith. Nuair is faoi thagairtí a mhaslaigh mná é tráth a bhfuil fuath ban go mór i mbéal an phobail is féindochar contúirteach é, go háirithe d’fhear a bhí ag iarraidh cruth an liobrálachais a chur ar an UUP.

Músclaíonn an chonspóid ceisteanna deacra ó d’fhógair Beattie go minic gurb é a pholasaí mar cheannaire an UUP mná a mhealladh chun a bheith gníomhach sa pholaitíocht, a nglórtha a ardú agus seasamh mar iarrthóirí toghcháin. Músclaíonn sé níos mó ceisteanna faoina bhreithiúnas gur (ath)phostáil sé an tvuít an tseachtain a raibh díspeagadh na mban, caint mhaslach, iompar bagrach, foréigean baile agus marú go mór i mbéal an phobail i bhfianaise an uafáis a bhain  d’Ashling Murphy ar an Tulach Mhór.

Bhain an tvuít a ndearna Beattie athphostáil uirthi san oíche Dé Sathairn le beirt fhear, é féin agus céile comhraic san DUP, Edwin Poots, ach rinne sé tagairt do bhean chéile Poots agus do theach striapachais. Cheap Beattie go raibh sé sin greannmhar. De réir na ráiteas uaidh go luath lá arna mhárach shíl sé gur bhain an greann leis féin agus Edwin Poots. Ní foláir nó go raibh sé dall amach is amach ar an mbean sa scéal magaidh.

Ní nach ionadh chuir an tvuít alltacht ar bhean Poots, saoránach príobháideach, ar a fear céile, an tAire Talmhaíochta, in Stormont agus ar a gclann.

Chealaigh Beattie an tvuít i ngeall ar ghearáin a rinne daoine eile ar Twitter ag rá gur ionsaí ar mhná ab ea é. Níor ghabh ceannaire an UUP leithscéal ag an bpointe sin áfach; níor dhúirt sé ach gur chosúil nár thaitin a jóc le roinnt daoine. Bhí an chéad tvuít eile beagán níos ábhartha ach ba ‘leithscéal pholaitiúil’ é – bhí aiféala air gur chuir sé olc ar dhaoine.

Níos deireanaí scríobh sé ag Edwin Poots chun a leithscéal a ghabháil leis agus lena bhean. Dé Luain chuaigh sé ar an raidió. Ba léir faoin tráth sin gur thuig sé cé chomh tromchúiseach is a bhí an scéal.

Níor cheart é a bheith déanta aige, ar sé, bhí fíorbhrón air, léirigh sé míbhreithiúnas agus bheadh sé airdeallach feasta. Ghlac Edwin Poots leis an leithscéal, d’iompair sé féin agus a mhuintir iad féin le dínit.

Ghabh Doug Beattie leithscéal arís ar urlár an Tionóil Dé Luain tar éis cead a fháil ráiteas pearsanta a dhéanamh. Is dóigh go raibh sé ag súil go bhféadfadh sé a chúrsa a athshocrú ina dhiaidh sin.

Níorbh é sin deireadh an scéil áfach; tugadh fadhb eile chun solais. Bhí seantvuíteanna dá chuid aimsithe ag duine éigin a tharraing aird orthu. D’eisigh Beattie leithscéal eile ar twitter.

Dúirt sé go raibh náire agus aiféaltas air faoina raibh sna tvuíteanna stairiúla ina raibh tagairtí maslacha do mhná, don lucht siúil, do Mhoslamaigh agus do dhaoine le fadhbanna meabhairshláinte.

‘Tá siad do-ghlactha’ a dúirt sé ‘agus níl siad ag teacht leis na tuairimí agus na luachanna atá agam inniu.’ Dúirt sé go raibh sé tiomanta mar pholaiteoir do shaol na mban a fheabhsú agus a rannpháirtíocht sa pholaitíocht a chur chun cinn: bhí súil aige nach mbainfeadh na tvuíteanna den chuspóir polaitiúil sin.

Beidh sé níos cúramaí feasta, cheapfá, agus polaiteoirí eile leis; níl sa chaint mhíchúramach –nó tvuít – ach comhartha sóirt ar éagothroime nach gcuirtear suntas inti ach le linn uafáis nó scannail. Má bhíonn sé fós ina cheannaire, caithfear an scéal suarach seo le Beattie go minic le linn an fheachtais don toghchán ar an 5 Bealtaine. Beidh sé deacair air téarnamh uaidh. Éileofar go ndíreoidh an t-aighneas aird pholaiteoirí eile ar cheisteanna faoi shláinte, sábháilteacht, comhionannas agus cearta ban. Tá sé thar am gníomh, agus más féidir leas, a bhaint as an scéal gránna seo chun athrú saoil a spreagadh. Déantar é.

Fág freagra ar 'Doug Beattie – is minic a bhris tvuít duine a shrón'

  • Pádraig O'hEipicín

    Giolc.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Tvuít!

  • sean patterson

    Plus ca change,plus ca reste la meme chose