Dóthain ag painéal Leo Cullen le ruathar na hIodáile a stop

Beidh easpa imreoirí idirnáisiúnta atá ag imirt sa gcomórtas Sé Náisiún ag cur as do na foirne go léir an deireadh seachtaine seo sa URC

Dóthain ag painéal Leo Cullen le ruathar na hIodáile a stop

Ní bheidh aon easpa rugbaí d’ardchaighdeán orainn an deireadh seachtaine seo in ainneoin sos a bheith ag foirne chomórtas na Sé Náisiún.

Imreofar Babhta 10 den URC anocht.

Tá na Muimhnigh fós ag ceiliúradh an bhua dhá phointe sin a bhí acu ar na Crusaders i bPáirc Uí Chaoimh coicís ó shin ach is i bParc Y Scarlets a thabharfaidh siad faoi na Scarlets, foireann atá sa tríú háit déag ar thábla an URC dhá phointe agus dhá áit níos ísle ná na cuairteoirí.

Ach an oiread le chuile fhoireann eile ón limistéar seo atá ag imirt san URC, beidh easpa imreoirí idirnáisiúnta atá ag imirt sa gcomórtas Sé Náisiún ag cur as do Chúige Mumhan agus do na Scarlets araon.

Is dóigh go mbeidh tionchar aige sin ar chaighdeán na himeartha, ach ar an láimh eile is deis iontach é d’imreoirí imeallacha nó dara rogha iad féin a bhrú chun cinn. Tá mise ag tabhairt seans do na Muimhnigh bua as baile a aimsiú ach caithfidh siad a bheith thar a bheith cúramach.

Beidh cluiche barr tábla ar bun amárach

idir Cúige Laighean atá ar a bharr agus Benetton atá dhá phointe níos ísle agus iad sa dara háit. Seans go bhfuil an t-ádh ar Chúige Laighean atá d’uireasa ocht n-imreoir déag chéad rogha faoi láthair gur acusan atá buntáiste an bhaile sa gcoimhlint seo. Tá borradh iontach faoi fhoireann na hIodáile an séasúr seo agus seacht mbua as naoi n-iarracht cláraithe acu go dtí seo, díreach mar atá déanta ag Cúige Laighean. Mar sin féin tá chuile dhuine den tuairim go bhfuil dóthain doimhneachta ina phainéal ag Leo Cullen le ruathar na hIodáile a stop.

Cuirfidh Cúige Chonnacht chun páirce amárach freisin i gCaerdydd. Tá Caerdydd sa dara háit déag ar thábla an URC, dhá áit níos ísle ná Cúige Chonnacht. Mar sin féin, beidh dúshlán roimh fhoireann na Gaillimhe agus iad as baile ach is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh tógáil ar an mbua maith (22-9) a bhí acu ar churaidh an chomórtais, Cúige Mumhan, i mBabhta 9. Ba cheart go mbeadh sárchoimhlint againn.

Sa mBreatain Bheag a bheas na hUltaigh an Domhnach seo ag tabhairt dúshlán na nOspreys. Is fiú a mheabhrú gurb iad na hOspreys, atá san ochtú háit, an fhoireann is airde ar thábla an URC as na ceithre fhoireann ón mBreatain Bheag atá ag imirt i gcomórtas URC na bliana seo, léiriú b’fhéidir ar an bhfíor-dhrochbhail atá ar an gcluiche sa tír sin faoi láthair. Tá mise ag súil le sárchoimhlint eile anseo agus drogall orm toradh a thuar seachas a rá go bhfuil géarghá ag an dá fhoireann le pointí a chruinniú.

Fág freagra ar 'Dóthain ag painéal Leo Cullen le ruathar na hIodáile a stop'