Dóthain ag Cúige Laighean le bheith ina máistrí ar na Chiefs

Beidh cúlaithe Laighean in ann laigeachtaí a aimsiú i líne chúil na Chiefs

Dóthain ag Cúige Laighean le bheith ina máistrí ar na Chiefs

Stuart Lancaster agus Leo Cullen. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Seachtain ó shin bhí na ceithre chúige san iomaíocht sa dá mhórchomórtas rugbaí idir clubanna an limistéir seo, Corn na gCuradh agus Corn an Dúshláin, an ceann sóisearach. Anois agus an dá chomórtas sin ag druidim chuig na babhtaí ceathrú ceannais, níl ach Cúige Laighean agus Cúige Uladh fós sa rás.

Fuair Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht bata agus bóthar go míthrócaireach as na comórtais an deireadh seachtaine seo caite.  Bhí an dá chúige i bhfad ó ardchaighdeán chomórtais na bliana seo. Go deimhin, d’éirigh leis na Laighnigh áit i measc na n-ocht bhfoireann a bheas ag imirt sna cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach gan bróg a fháisceadh ar imreoir ar bith. B’éigean an cluiche idir iad féin agus Toulon a chur ar ceal mar gur tholg imreoir ó fhoireann na Fraince Covid-19 agus de bharr easpa ama roimh dheireadh an chomórtais tugadh na pointí d’fhoireann Átha Cliath. Fágann sin gurb iadsan an t-aon ionadaí ón tír seo atá fós sa gcomórtas sinsearach, Corn na gCuradh, comórtas ina bhfuil dhá fhoireann as Sasana agus cúig fhoireann ón bhFrainc fós san iomaíocht. Is i gcoinne churaidh an chomórtais na Exeter Chiefs agus iadsan sa mbaile i ndeisceart Shasana a bheas triall na Laighneach inniu.

Is cinnte go bhfuil dúshlán ollmhór roimh fhoireann Leo Cullen trathnóna. Más leo greim a fháil arís ar an gcraobh seo caithfidh siad teacht ar sheift éigin chun na Chiefs a shárú. Ag breathnú ar láidreachtaí na Chiefs is cinnte gur i measc na dtosaithe is mó
atá cumas na foirne sin, áit a bhfuil siad an-mhór agus thar a bheith fisiciúil. Ní minic a fhágann siad an limistéar gar do líne úid an fhreasúra gan an líne bhán sin a thrasnú, iad ag baint chuile leas as méid agus toirt atá a bpaca.

Tá dóchas agamsa go mbeidh cúlaithe Laighean in ann laigeachtaí a aimsiú i líne chúil na Chiefs, áit inar tháinig cúpla bearna chun solais i gcoinne Lyon seachtain ó shin. Ach caithfidh tosaithe Chúige Laighean cothromaíocht a chinntiú sa bpaca chun liathróid ghlan thapa a sholáthar do Johnny Sexton. Má theipeann orthu sin a dhéanamh, ochtó nóiméad crua lán d’fhulaingt a bheidh i ndán dóibh.

Anocht cuirfidh na hUltaigh chun páirce in Northampton i gcoinne fhoireann na cathrach sin atá sa gcúigiú háit ar thábla an Premiership. Tá mise ag súil le sárchluiche eile ó na hUltaigh agus ainneoin nach acu atá buntáiste an bhaile ní féidir iad a chur as an áireamh, go háirithe agus an chaoi a bhfuil siad ag imirt faoi láthair.

Mar sin féin, éacht a bheas ann má éiríonn lenár gcuid ionadaithe a bheith fós i rás rugbaí na hEorpa faoi thráthnóna inniu.

Fág freagra ar 'Dóthain ag Cúige Laighean le bheith ina máistrí ar na Chiefs'