‘Dóchas’ ag Conradh na Gaeilge faoina gcruinniú le Foster agus an DUP sásta ‘ábhar’ an Achta Teanga a phlé

Dúirt Arlene Foster le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge, ach bhí cruinniú ‘dearfach’ ag Conradh na Gaeilge inniu léi

‘Dóchas’ ag Conradh na Gaeilge faoina gcruinniú le Foster agus an DUP sásta ‘ábhar’ an Achta Teanga a phlé

Toscaireachtaí Chonradh na Gaeilge agus an DUP i Stormont inniu

“Údar dóchais” a bhí sa chruinniú “dearfach” a bhí inniu ag Conradh na Gaeilge le ceannaire an DUP Arlene Foster, dar le hArd-Rúnaí na heagraíochta teanga, Julian de Spáinn.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe i Stormont, dúirt de Spáinn gurb é an t-údar misnigh is mó a bhí ann ná gur phléigh ionadaithe an DUP  “le hábhar an Achta Teanga” atá á éileamh ag lucht na Gaeilge ó thuaidh.

“Bhí siad sásta labhairt faoi ábhar an Achta agus bhí go leor ceisteanna acu faoi cad a bheadh san Acht dá dtabharfaí isteach é. Is céim an-dearfach chun cinn an méid sin. Bhí roinnt plé ann faoi chúrsaí comharthaíochta, mar shampla, ach níor léirigh siad aon imní faoi chostas na reachtaíochta.

“Bhí siad fiosrach faoin scéal agus faoin nGaeilge go ginearálta. Bhí ceisteanna acu faoi na coláistí samhraidh, mar shampla agus ba léir go dtuigeann siad go bhfuil easnamh ar a gcuid eolais agus go raibh siad sásta éisteacht linn. Tá níos mó dóchais anois againn ná mar a bhí roimh an gcruinniú.”

Meastar gurb é seo an chéad uair riamh go raibh cruinniú dá leithéid idir an DUP agus Conradh na Gaeilge agus tá súil ag Ard-Rúnaí na heagraíochta go mbeidh a thuilleadh cruinnithe dá leithéid idir an dá dream amach anseo.

In alt léi ar an Belfast Telegraph inniu, dúirt Arlene Foster nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ina “dris chosáin” roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont. Dúirt sí nach raibh aon “red line issues” ag an DUP maidir leis na cainteanna atá ar bun faoi athbhunú an fheidhmeannais.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go bhfuair toscaireacht Chonradh na Gaeilge “éisteacht mhaith” ag an gcruinniú.

“Tá muid ag súil go dtacóidh an DUP leis an Acht Gaeilge i ndiaidh machnamh a dhéanamh ar an mhéid ar phléigh muid leo inniu. Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ró-fhada leis an stát reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh cosaint ar na cearta daonna seo i leith na teanga; tá aimsir na gcruinnithe beagnach thart agus anois am don ghníomh.”

Níos luaithe an mhí seo, thug Arlene Foster le fios go raibh sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar ‘thuiscint níos fearr’ ar an teanga agus an ‘cultúr’ a bhaineann léi.

Ba mar chuid den iarracht sin a chas Foster inniu le Conradh na Gaeilge agus Pobal.

Thug ceannaire an DUP cuairt inné ar Our Lady’s Grammar School ar an Iúr agus ghabh sí buíochas as Gaeilge le foireann na scoile as an bhfáilte a cuireadh roimpi. Dúirt sí gur bhain ‘tógáil croí’ leis an gcéad ócáid ar a turas teanga.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn de shíor ag iarraidh.

Bhain conspóid mhór lena ráiteas faoi Shinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart.

Dúirt sí an uair sin nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt d’éileamh Shinn Féin ar Acht Teanga.

Cúigear a bhí i dtoscaireacht Chonradh na Gaeilge a bhuail leis an DUP inniu; Niall Comer, Julian de Spáinn, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta), Michaeline Donnelly, Craobh Phobal ar a’n Iúl, agus Pádraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cumarsáide.

Bhí Arlene Foster, Edwin Poots, David Graham agus Chris Stalford i láthair thar cheann an DUP.

Fág freagra ar '‘Dóchas’ ag Conradh na Gaeilge faoina gcruinniú le Foster agus an DUP sásta ‘ábhar’ an Achta Teanga a phlé'