‘Do the Irish universities have a duty to the Irish language? I would say ‘yes’…’ – agallamh deireanach Dhonnchadh Uí Chorráin

Labhair an tOllamh Seán Duffy le Donnchadh Ó Corráin tamall roimh bhás an staraí anuraidh agus tá an t-agallamh sin foilsithe anois

‘Do the Irish universities have a duty to the Irish language? I would say ‘yes’…’ – agallamh deireanach Dhonnchadh Uí Chorráin

Bíodh is go bhfuair an scoláire mór le rá, an tOllamh Donnchadh Ó Corráin, bás mí Dheireadh Fómhair anuraidh, níl deireadh lena dhán. Labhair an tOllamh Seán Duffy, Ollscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath, le hÓ Corráin tamall roimh a bhás agus tá an t-agallamh sin anois le fáil san eagrán reatha den iris History Ireland.

Cuirfidh lucht na Gaeilge suim sa méid a bhí le rá ag Ó Corráin faoin Ghaeilge agus a háit ar an ollscoil. Déanann sé cosaint ar an teanga – idir shean agus nua – mar chuid lárnach d’obair na hollscoile. Ar seisean: “…Do the Irish universities have a duty to the Irish language? I would say ‘yes’, not to the political programme of reviving the Irish language, which is a completely different kettle of fish, but to the proposition that Irish has been the language of this country for a very long period, it has produced an enormous literature – much of which is still unpublished or in very poor editions – and the work has not been done to bring this literature into the mainstream.”

Deir sé fosta nár cheart neamhiontas a dhéanamh den tSean-Ghaeilge ar an ollscoil: “Old Irish is a remarkably important witness to Indo-European until the development of the European languages, and it is the Irish who should be doing this.

“It doesn’t matter whether you have two students or ten, there are things that universities discharge as part of the culture of their environments.  So l believe that we should have sufficient confidence to be able to design and define our own aims.”

Tá an Stair mar ábhar scoile i mbéal an phobail le fada agus dúirt an tOllamh Ó Corráin gur cheart stair a mhúineadh ar scoil mar “if we don’t, our society will be vulnerable”.

Dúirt sé gur chóir béim ar leith a chur ar an Ré Órga fosta agus laochra Éireannacha a chur chun cinn: “…we have as the centre of our school curriculum for senior students one of the most disastrous centuries in Irish history, the 19th, that century in which we turn into a peripheral European country that doesn’t matter much to anyone. But take, say, the arrival of Columbanus on the continental Europe, take for instance Sedulius Scottus, who was the finest Latin poet in Europe in the ninth century, or Eriugena, who is the most important philosopher for about a millennium. If other European countries had cultural heroes of this kind, their students would hear about them”.

Cáineann sé go láidir freisin an nós atá anois ann ollscoileanna a ghrádú: “As to the obsession with university rankings, many of the best Continental universities ignore this thing and I think we should too, because a university has a society to which it answers and it has duties within that society and you can’t universalise these duties.”

Labhraíonn Ó Corráin ar a óige agus a scolaíocht i gCiarraí, ar an Léann Ceilteach, ar chúrsaí ollscolaíochta i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé óg, agus ar a chuid scríbhneoireachta féin agus a thuiscint ar an stair.

D’imigh Donnchadh Ó Corráin, duine de mhórscoláirí léann stair na hÉireann, ar shlí na fírinne i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Ollamh Emeritus le Stair na Meánaoiseanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ab ea é a bhí aitheanta mar dhuine de na saineolaithe ba mhó ar domhan ar stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna.

I measc na n-ábhar a mbíodh sé ag plé leo ina fhoilseacháin iomadúla bhí an tréimhse réamh-Normannach, cogaí na Lochlannach agus institiúidí, cultúr, dlíthe, litríocht agus foinsí stairiúla na luath-mheánaoise in Éirinn. Ba shaineolaí chomh maith é ar shanasaíocht ainmneacha na nGael agus bhí sé ina chomhúdar, lena bhean Fidelma Maguire, ar Irish Names inar bailíodh os cionn míle ainm Gaelach ó fhoinsí na staire agus na litríochta.

Clavis Litterarum Hibernensium, a foilsíodh i mbliana, an leabhar deireanach uaidh. Sa saothar sin cuireann sé síos ar gach téacs agus scríbhinn Éireannach ón mbliain 400 go 1600. I mbliana chomh maith a foilsíodh The Irish Church, its Reform and the English Invasion, saothar ina ndéanann sé athléamh radacach ar leasú na hEaglaise in Éirinn sa 12ú haois.

Ba as Cill Orglan i gCiarraí an Corránach agus ba thar teorainn i gCorcaigh a chaith sé formhór dá shaol mar scoláire. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Stair i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i 1964 agus bhí sé ina Ollamh san Ollscoil sin nó gur éirigh sé as in 2007. Thug sé sealanna ag obair chomh maith in UCD, Cambridge, Pennsylvania, Oslo agus Oxford, mar a raibh sé ina chomhalta de Balliol College.

D’fhan sé dílis don Ghaeilge ar feadh a shaoil agus bhí baint mhór aige le Gaeltacht Chorca Dhuibhne mar a raibh aithne mhór air. Chreid sé go láidir gur riachtanach d’aon staraí a bheadh ag plé le stair na tíre seo tuiscint a bheith aige ar an nGaeilge agus bunfhoinsí na Gaeilge.

Ba é a bhunaigh an iris Peritia, irisleabhar Acadamh na Meánaoiseanna in Éirinn agus d’fhógair lucht na hirise sin anocht go dtiomnófaí an chéad eagrán eile dó.

History Ireland sna siopaí anois.

Fág freagra ar '‘Do the Irish universities have a duty to the Irish language? I would say ‘yes’…’ – agallamh deireanach Dhonnchadh Uí Chorráin'

  • Learrai

    “Chreid sé go láidir gur riachtanach d’aon staraí a bheadh ag plé le stair na tíre seo tuiscint a bheith aige ar an nGaeilge agus bunfhoinsí na Gaeilge.”
    Agus an mo starai Eireannach ar feidir e sin a ra futhu? Fiorbheagan. ar fad.

  • Muise

    Deir scríbhneoir an ailt: “Déanann sé cosaint ar an teanga – idir shean agus nua – mar chuid lárnach d’obair na hollscoile.” Cén chosaint? Ní shílfeá sin nuair a léifeá an t-alt.

    C’as a dtiocfaidh na staraithe seo le Gaeilge amach anseo? Go háirithe mura n-éireoidh leis an ‘political programme for reviving the Irish language’, rud nach mbaineann le cúram na n-ollscoileanna de réir Uí Chorráin, ní hionann agus teagasc na seanlitríochta. Beidh siad ag teagasc faoin tseanlitríocht nuair a bheidh an teanga imithe i ndísc sa tsochaí ghinearálta – tabharfaidh siad ‘A degree course in Irish language literature’ ar an chúrsa. Agus nach íoróineach é, d’ainneoin go gceilfeadh sé tacaíocht na n-ollscoileanna ar ‘athbheochan na Gaeilge’ – níl sí marbh, ach oireann sé do dhaoine áirithe a thabhairt le tuiscint go bhfuil – deir sé gurb é dualgas na n-ollscoileanna riar do riachtanais na sochaí.

    Is cúis sásaimh dom go bhfuil cuid de na hollscoileanna níos leathanaigeanta ná é. Tá béim le roinnt blianta anuas ar an tsochtheangeolaíocht agus an teangeolas fheidhmeach. Is maith sin. Agus tá súil agam go bhfeicfimid tuilleadh agus tuilleadh sainchúrsaí (sna gairmeacha) agus cúrsaí a bheas dírithe ar riachtanais shochaí na Gaeilge.

  • Roddy

    Ní mór ollscoil lánGhaeilge a bhunú le go mbeidh seans ar bith ag an “other kettle of fish” mar a ghlaoigh Donncha Ó Corráin ar athbheochaint na Gaeilge.
    Aithníonn go leor daoine óga gur cur i gcéill siniciúil atá sa ráiteas teoiriciúil go bhfuil dualgas speisialta ag NUIG oideachas ollscoile tré mheán na Gaeilge a chur chun cinn. Seachas pleanáil teanga agus na meáin cumarsáide is beag ábhar atá á mhúineadh tré mheán na Gaeilge i NUIG.
    Dá mba rud é gur bunaíodh Ollscoil LánGhaeilge mar thoradh ar “Bhliain na Gaeilge 2018″ bheadh rud le ceiliúradh againn. Gan Ollscoil LánGhaeilge tá laigeacht agus easpa leanúnachais sa Ghaeloideachas tré chéile.
    Ollscoil LánGhaeilge! Moladh Míréalaíoch Craiceáilte?? Nach ” Mad report” a ghlaodh ar an moladh go mbunófaí TG4!

  • Lillis Ó Laoire

    Grásta ó Dhia ar na mairbh.