Dlúthchuid den Nollaig an cuileann, an t-eidhneán agus an drualus

Tá traidisiúin ársa ag baint leis an gcuileann, an drualus agus an t-eidhneán aimsir na Nollag

Dlúthchuid den Nollaig an cuileann, an t-eidhneán agus an drualus

Bhí an-mheas ag na Ceiltigh ar an gcuileann. Ba é an crann darach ba naofa uilig acu ach chreididís nuair a chailleadh an crann sin a dhuilleoga gur ionchollú de a bhí sa gcuileann.

Bhaineadh na Rómhánaigh leas as an gcuileann agus iad ag comóradh Saturnalia. Lean na Críostaithe an nós ar a mbealach féin.

I dtús ré na Críostaíochta nuair a bhí siad faoi ghéarleanúint mhaisídís a gcuid tithe leis an gcuileann ar nós na Rómhánach ionas nach dtarraingeoidís aird orthu féin. Thugadh sin deis dóibh comóradh a dhéanamh ar bhreith Chríost i nganfhios do na húdaráis.

Le himeacht aimsire shamhlaídís duilleoga deilgneacha an chuilinn leis an gCoróin Síne a cuireadh ar Chríost. Chuireadh na caora dearga a chuid fola i gcuimhne dóibh agus ba léiriú ar an mBeatha Shíoraí na duilleoga glasa.

Drualus

Cloistear trácht go minic ar bheirt a bheith ag pógadh a chéile faoin drualus aimsir na Nollag.

Ní fhásann an drualus ar an gcrann darach ar chor ar bith agus ní hiontas dá bhrí sin gur thug na Ceiltigh aire faoi leith dhó. Go deimhin chreid siad gurbh é an drualus anam na Darach Naofa.

Thagadh na draoithe le chéile an séú hoíche den ghealach sa nGeimhreadh agus sa Samhradh leis an drualas a bhaint le corrán airgid a bhíodh acu. Mharaídís dhá tharbh bhána ansin mar íobairt. Bhíodh leigheas dá réir sna craobhóga drualuis.

Bhíodh an drualus ag na Rómhánaigh freisin le linn Saturnalia agus ghlac na Críostaithe leis ina ndiaidh.

Maidir leis an mbeirt a bheadh ag pógadh a chéile faoin drualus is cosúil gur as finscéal Lochlannach a tháinig sé sin. Mheas siadsan gurbh é an drualus planda naofa Frigga, Bandia an ghrá, agus máthair Balder, Dia ghrian an tsamhraidh.

Dúirt Balder le Frigga oíche amháin go raibh sé ag brionglóidí ar an mbás Bhuail scanradh Frigga go dtiocfadh deireadh an domhain dá mbásódh a mac.

Rinne sí socrú leis na ceithre dhúil, aer, uisce, tine agus talamh agus leis na hainmhithe agus na plandaí . Ach rinne sí dearmad ar an drualus. Bhí Loki, Dia an Oilc ag faire. Ghearr sé rinn saighde as adhmad an drualuis do Hoder, Dia dall an Gheimhridh agus mharaigh seisean Balder leis.

Shil Frigga deora ar an saighead. D’iompaigh a cuid deora ina gcaora bána. Chuir sí ar chréachta a mic é agus thug sí ar ais ón mbás é ar an gcaoi sin.

Bhí Frigga chomh sásta gur bheannaigh sí an drualus agus gur gheall sí go mbeadh an t-ádh go deo ar bheirt ar bith a phógfadh a chéile faoina bhun.

Eidhneán

Dílseacht a luaití leis an eidhneán i miotaseolaíocht na Gréige. Nuair a phósadh beirt thugadh an sagart bláthfhleasc eidhneáin dóibh mar go samhlaítí an t-eidhneán leis an torthúlacht.

Le Dia an fhíona, Bacchus, a luadh na Rómhánaigh é. Deirtí go mbíodh coróin eidhneáin air le nach dtitfeadh sé ar meisce.

Kissos a thugtar ar an eidhneán sa nGréigis. Cailleadh Kissos agus é ag spraoi in éineacht lena athair Bacchus. Bhí Bacchus croíbhriste agus é ag iarraidh a mhac a thógáil ón mbás. Bhuail an-trua dó Gaia, an Mháthairdhia. Rinne sí eidhneán den mhac. Uaidh sin amach chuireadh Bacchus coróin eidhneáin ar a cheann.

Má bhíonn lánúineacha ag pógadh a chéile faoin drualus tá scéal rómánsúil ann faoin eidhneán freisin—scéal na mná áille Iseult agus an ridire Tristan.

Cailleadh Iseult le briseadh croí nuair a maraíodh Tristan. Bhí an Rí i ngrá le Iseult freisin agus bhí éad air le Tristan fiú agus é básaithe. D’ordaigh sé go mbeadh uaigh na beirte i bhfad ó chéile.

Thosaigh craobhacha eidhneáin ag fás ar an dá uaigh agus tháinig siad ina chéile mar chomhartha ar ghrá na beirte.

Fág freagra ar 'Dlúthchuid den Nollaig an cuileann, an t-eidhneán agus an drualus'

  • Séamus O Bric

    An-dheas!