Diúltú d’iarratas An Taisce ar achomharc maidir le Bóthar an Daingin

Dhiúltaigh an Breitheamh Haughton inniu d’iarratas An Taisce ar achomharc maidir le cead pleanála a tugadh i gcomhair an N86 ón Daingean go dtí an Cam in iarthar Chiarraí

017825_1d5aadc11

Diúltaíodh san Ard-Chúirt inniu d’iarratas An Taisce ar achomharc maidir le cás Bhóthar an Daingin.

Rialaigh an Breitheamh Houghton in aghaidh cáis a thug An Taisce os comhair na cúirte ar an 7 Deireadh Fómhair i mbliana, tráth dár thug siad dúshlán maidir le cead pleanála a tugadh i gcomhair an N86 ón Daingean go dtí an Cam in iarthar Chiarraí.

Mhaígh an Taisce nach ndearnadh an tionscadal a mheas i gceart de réir forálacha a bhaineann le ceisteanna timpeallachta.

Dúirt An Taisce chomh maith nach raibh An Bord Pleanála ag cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh i gcás an N86 agus go ndéanfaí dochar d’áilleacht na timpeallachta dá leathnófaí an bóthar mar atá beartaithe a dhéanamh.

D’fhág an méid sin go ndearna An Taisce iarratas ar achomharc maidir le rialú na hArd-Chúirte, iarratas ar dhiúltaigh an Breitheamh Haughton dó inniu.