Diúltaithe ag an Taoiseach glacadh le maíomh ambasadóir na Rúise faoi dhróin os cionn Bhaile Átha Cliath

Tuairiscíodh go bhfacthas dróin ag eitilt sa spéir in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath maidin Dé Luain seo caite ag an am céanna go raibh eitleán Volodymyr Zelensky ag leaindeáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Diúltaithe ag an Taoiseach glacadh le maíomh ambasadóir na Rúise faoi dhróin os cionn Bhaile Átha Cliath

An Taoiseach Micheál Martin le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Costa


Deir an Taoiseach Micheál Martin, nach bhfuil aon ghlacadh aige le maíomh ambasadóir na Rúise nach raibh baint ar bith ag a thír leis na dróin a bhí le feiceáil os cionn Chuan Bhaile Átha Cliath le linn chuairt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky an tseachtain seo caite.

Bhí ceist á freagairt ag an Taoiseach faoi ráiteas a chuir Ambasáid na Rúise ar fáil do 7Lá ar TG4, ráiteas inar séanadh go raibh aon bhaint ag an Rúis le scéal na ndrón.

Dúirt Martin nach aon “chomhtharlúint” a bhí san eachtra agus gur tharla eachtraí eile dá leithéid i stáit eile san Eoraip.

“Is é an tuairim atá agam féin, ní aontaím leis an ambasadóir ón Rúis. Eisean a dúirt linn in 2022 nach raibh sé ar intinn na Rúise cogadh a thosú leis an Úcráin agus tá a fhios againn nach raibh sé sin fíor,” arsa an Taoiseach Micheál Martin agus ceist á freagairt i nGaeilge aige.

“Ach níl aon amhras go bhfuil dealramh ar an scéal anois agus le roinnt míonna anuas go bhfuil rudaí ag tarlú i ngach aon bhall den Eoraip beagnach – sna ceantair Bhaltacha is Nordacha agus in Copenhagen le déanaí. Tá sé seo ar siúl, tá patrún ann agus tá sé soiléir.”

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Costa, a bhí ag caint ag preasócáid in éineacht leis an Taoiseach gur “ionsaí hibrideach” a bhí i gceist le heachtra na ndrón.

“Faraor, an méid a tharla an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath is sampla eile a bhí ann de na hionsaithe hibrideacha ón Rúis agus na bagairtí hibrideacha ón Rúis. Ní rud nua atá ann, ach táimid ag déileáil inár dtíortha go léir anois leis na bagairtí seo.”

I ráiteas a thug Ambasáid na Rúise do 7LÁ, dúradh nach raibh sna scéalta faoi bhaint a bheith ag an Rúis le heachtra na ndrón ach ráflaí.

“Níl feicthe againn ach ráflaí agus an leathfhocal. Diúltaímid go neamhbhalbh d’aon iarracht a thabhairt le fios go raibh baint, mar dhea, ag an Rúis leis an eachtra seo – níl aon bhunús leis sin.”

Tuairiscíodh go bhfacthas dróin ag eitilt sa spéir in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath maidin Dé Luain seo caite ag an am céanna go raibh eitleán an Zelensky ag leaindeáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine féin go bhfacthas dróin gar do chonair na heitilte.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Taoiseach glacadh le maíomh ambasadóir na Rúise faoi dhróin os cionn Bhaile Átha Cliath'

  • Seanán Ó Coistín

    “ag leaindeáil!!!”??? In ainm Chroim, céard a tharla don bhfocal breá “tuirlingt”?

  • Pól Reamonn

    @céard a tharla don bhfocal breá “tuirlingt”? – d’éirigh sé in airde