Díospóireacht ionraic a theastaíonn faoin gcur i gcéill atá againn

Tá 70% de mhuintir an stáit seo fós ar son pholasaí neodrachta an stáit – níl an chuma sin an bhFóram Comhairleach um Polasaí Idirnáisiúnta Slándála

Díospóireacht ionraic a theastaíonn faoin gcur i gcéill atá againn

Cuirfear tús dé Céadaoin leis an bhFóram Comhairleach um Polasaí Idirnáisiúnta Slándála a shocraigh an rialtas le plé a dhéanamh faoi pholasaí neodrachta mar aon le cúrsaí slándála is cosanta i gcoitinne.

Ón uair gur fhógair an rialtas an Fóram seo, bhí amhras ann nach raibh ann ach uirlis le fallaing bhréagach a chur ar pholasaí an rialtais i gcoinne na neodrachta.  Mhaígh Sinn Féin, mar shampla, gur chóra don rialtas fóram pobail a eagrú dá mbeadh siad dáiríre.

Agus ag breathnú ar liosta na gcainteoirí is cosúil go bhfuil an ceart ag lucht an amhrais.

Ar ndóigh, is í Louise Richardson, Dame Commander of the British Empire, a osclóidh an chéad seisiún den Fhóram ‘neamhchlaonta’ seo, ach tá gach seisiún plódaithe le hurlabhraithe ón Aontas Eorpach atá naimhdeach don neodracht agus a dteastaíonn uathu Éire a shníomh isteach i gclúdach cosanta na hEorpa i bhfianaise, mar dhea, ionradh an Rúise ar an Úcráin.

Tá sé deacair, cinnte, teacht ar ainm éinne a bhfuil cáil air nó uirthi ó thaobh a bheith fabhrach don neodracht.  Tá Roger Cole ó PANA ann, ach cá bhfuil Ed Horgan (an t-iar-oifigeach airm a labhraíonn go láidir ar son na neodrachta), nó Karen Devine (an léachtóir ollscoile is mó clú maidir le neodracht), nó Denis Halliday (an t-iarthaidhleoir Éireannach a rinne obair san Iaráic ar son na Náisiún Aontaithe)?

I gcás Karen Devine, fuair sí cuireadh labhairt ag an bhFóram, ach diúltaíodh glan cead a thabhairt di a bheith páirteach sa seisiún faoin neodracht. Bhí spás ann di sa seisiún faoi Chomhpholasaí Slándála is Cosanta de chuid an Aontais Eorpaigh, ach nuair a d’fhiafraigh sí céard iad na ceisteanna a bhí le plé diúltaíodh aon fhreagra a thabhairt di.

Ní raibh sí sásta mar sin teacht agus gan a fhios aici cén cineál díospóireachta a bheadh ann, agus toisc go mbeadh ceathrar in aghaidh duine amháin i gceist.

Agus is spéisiúil an rud é freisin nach bhfuil duine ar bith ó Shinn Féin ar liosta na gcainteoirí, nó aon duine tofa ó Thuaisceart na hÉireann, cé gurb é Sinn Féin a labhraíonn i gcónaí ar son na neodrachta, an páirtí is mó sa dá chuid den tír seo, mar go bhfuil cúrsaí slándála chomh tábhachtach ó thuaidh is atá ó dheas.

Nó an é go gcreideann an rialtas go ndéanfaidh Dame Commander Richardson an jab sin?

Sampla eile den chur i gcéill a bhaineann leis an scigdhráma ar fad.  Mar ní fóram ceart é, ag tomhas gach taobh den scéal, ach seift rialtais le teacht ar an toradh a theastaíonn ón rialtas.

Beidh seisiún ann freisin chun an bhagairt do cháblaí mara a phlé, agus luaigh an rialtas ar tharla don ghásphíopa Nordstream2 mar mhíniú ar thábhacht an scéil seo.  Ach níl aon duine ann a phléifidh ciontacht na Stát Aontaithe i scriosadh an phíopa sin; mar shampla, an t-iriseoir Meiriceánach Seymour Hersch a chruthaigh gurbh é SAM a dhein é, ná aon duine eile a chabhraigh leis lena chuid taighde.

Go deimhin, chuir an Teachta Paul Murphy ceist ar Leo Varadkar faoin scéal sin sa Dáil, ag fiafraí dhe ar pléadh an scéal ag cruinniú thíortha thuaisceart na hEorpa, nó cén dearcadh a bhí ag an Taoiseach i leith dhiúltú na Stát Aontaithe, na Breataine agus na Fraince, cead a thabhairt iniúchadh neamhspleách de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanamh faoin eachtra sin.

Bíonn an rialtas buartha faoi fhocal crosta a bheith ag an Rúis nó ag an tSín sna Náisiúin Aontaithe, ach is cuma, is cosúil, an focal crosta céanna a bheith ag an triúr eile i dtaobh eachtra atá á lua ag an rialtas mar mhíniú ar thábhacht scéal na gcáblaí mara do shlándáil na tíre seo.

Nach ait sin, nó an léiriú eile é gur cur i gcéill an rud ar fad?

Maidir leis an neodracht, in ainneoin go labhraíonn polaiteoirí na bunaíochta, iriseoirí is eile go naimhdeach fúithi, agus go bhfuil feachtas láidir ag nuachtáin ar nós an Irish Times ina coinne, de réir na bpobalbhreitheanna tá 70% de mhuintir an stáit seo fós ar son pholasaí neodrachta an stáit.

Níl aitheantas dá laghad le fáil sa liosta cainteoirí don fhírinne sin.

Tá seachtain bolscaireachta romhainn mar sin féin ag caitheamh amhrais ar an neodracht, ag baint leas as cogadh na hÚcráine, fiú as scrios an ghásphíopa Nordstream2, le beag a dhéanamh den neodracht.

Agus ag an deireadh beidh an focal scoir ag an Dame Commander den British Empire le muid a chur ar an mbóthar ‘ceart’, mar sí Louise Richardson ina haonar a scríobhfaidh tuarascáil dheireanach an Fhóraim.

Bímis ar ár n-airdeall mar sin. Tá calaois á bagairt.

Fág freagra ar 'Díospóireacht ionraic a theastaíonn faoin gcur i gcéill atá againn'

  • Gabriel Rosenstock

    Ní easaontóinn le hEoin ná, go deimhin, le hUachtarán na hÉireann a cheistigh ballraíocht agus cathaoirleacht an Fhóraim seo.
    https://www.bbc.com/news/education-52999319
    Cuireadh an Dáma Richardson faoi agallamh (thuas) inar admhaigh sí gur fhéach sí ar Chromail mar bhrúid, ach tar éis di breathnú ar dhealbh de in Westminster, is cosúil gur athraigh sí a haigne. An féidir a bheith ag súil go mbeadh an Dáma Richardson ‘neodrach’ faoin neodracht?

  • Diarmuid de Faoite

    Alt spéisiúil a léiríonn an síor chreimeadh ar an daonlathas, ar an neodracht agus ar an neamhspleáchas atá ag tarlú le fada agus cluas bodhair á thabhairt do ghuth an phobail.

  • Garry Bannister

    Téann traidisiún na neodrachta in Éirinn go fada siar. Tosaíonn sé i ndáiríre i dtosach na haoise seo caite nuair a tumadh muintir na hEorpa isteach i gcogadh fuilteach eile chumhachtaí móra na haimsire sin agus an tír seo fós faoi chuing Ghallda.

    In Meán Fómhair 1914 tháinig príomh-aire na Breataine, Herbert Asquith go hÉirinn ar fheachtas earcaíochta ach fad is a bhí Asquith agus a chomhbhádóir, John Redmond (ceannaire an Pháirtí Pharlaimintigh) ag tathant a gcúise sa Teach Mór i sráid Dawson, bhí ar phóilíní agus shaighdiúirí an bheirt úd agus a gcruinniú a chosaint ó lucht agóide lasmuigh, a bhí tagtha ina slua mór le léirsiú go glórach in aghaidh an fheachtais impiriúlachta a bhí ar siúl acu laistigh.

    Ní amháin go raibh ailt curtha sa nuachtán The Irish Worker i gcoinne rannpháirt mhuintir na hÉireann i gcogaí coimhthíocha nár bhain leo agus a dtír féin faoi ansmacht na Breataine faoin am, bhí an síochánaí iomráiteach Francis Sheehy-Skeffington agus a bhean, Hanna, duine de na chéad fheiminigh sa tír i dtosach na fichiú haoise, ag labhairt amach go cróga ar son cúis na neodrachta. Uair amháin ag ceann de na cruinnithe earcaíochta a bhí ar siúl i Loch Garman ba bheag nár éalaigh Hanna lena beo nuair a d’ionsaigh lucht leanúna Redmond gan trócaire fúithi.

    Léim anois sna nuachtáin le déanaí gur ráiteas measartha conspóideach inniu é neodracht pholaitiúil na hÉireann. Ba neodrach Éire nó Poblacht na hÉireann le linn an Dara Cogadh Domhanda ó nár ghlacamar páirt ar bith mar thír sa choimhlint cogaíochta, cé gur fíor go ndeachaigh Éireannaigh indibhidiúla áirithe go deonach isteach in arm na Breataine le troid in aghaidh an fhaisisteachais. Agus cé go raibh ambasáid na Gearmáine in Éirinn go feidhmeach go dtí deireadh na coimhlinte san Eoraip, is soiléir freisin gur chomhoibrigh De Valera le spiaireacht a dhéanamh ar lucht na hambasáide agus mar sin níl dabht ach gur chuidigh Éire go mór le soláthar eolais rúnda a chuidigh go mór le cúis na gcomhghuaillithe.

    Níl neodracht na hÉireann faoi bhagairt go fóill, áfach mar de réir mar a thuigimse caithfear an focal déiridh a fhágáil ag pobal na nÉireann. Cé go ndúirt an Taoiseach gur athraigh coinníollacha polaitiúla tar éis hionsaí na Rúise faoin Úcráin agus go gcaithfear an fóram amaideach seo a bhunadh chun ceist phrionsabálta ár bpolasaí faoin neodracht pholaitiúil a phlé. Mar aon leis sin, buíochas le comhdhéanamh chorp an Rialtais inniu, le ceathrar airí ón Chomhaontas Glas páirteach ann, bíonn glórtha gaoise eile sa Dáil fosta (ta súil agam!) a sheasfaidh go daingean taobh thiar den traidisiúin ciallmhar atá le fada againn i leith ár neodracht pholaitiúil san airéine idirnáisiúnta.

    Seachas sin, tá baill pharlaimint na hEorpa as Éirinn a lorgaíonn gan staonadh modhanna síochánta le deireadh tapa a chur le gníomhartha cogaíochta san Úcráin – Clare Daly agus Mick Wallacw. Bhí Mick Wallace agus Clare ar na baill úd a vótáil i gcoinne rúin a ritheadh le géarú ar luas soláthar arm don Úcráin. De réir an Irish Examiner, gliúáladh greamáin Naitsíocha ar dhoirse a seomraí ó nár sheas leis an rún feallach um seachadadh arm. Dúirt Clare Daly go raibh sise agus baill eile faoi “brute intimidation” ón uair gur vótáil siad in aghaidh an rúin.

    Caithfidh mé admháil freisin gur cuireadh uafás orm nuair a léigh mé tamall ó shin píosa san Irish Times a bhí scríofa ag an bhfealsamh Íosánach, Séamas Ó Murchú. Sa phíosa gairid gangaideach seo mhaígh Ó Murchú gur rud “morally degenerate” neodracht na hÉireann. Chuir a chuid moltaí trodacha san alt mé ag smaoineamh ar cad a dhéanfadh Íosa dá gcuirfí an cheist chéanna ina cheadsan sa chás seo.

    An seolfadh Íosa airm mharfacha chun na hÚcráine? Tuigim go maith gur féidir an tuairim chraiceáilte seo bheith ag polaiteoir de chuid File Gael nó fiú ag fear gnó a dhéanfadh airgead as trádáil arm.. ach a leithéid a léamh agus é á chur chun cinn ag fealsamh Íosánach? Sin rud nua domsa, faraor!

    Ina alt náireach déanann Ó Murchú tagairt do scríbhinní Danté (Inferno Canto III) ina gcáineann an t-údar Iodálach clasaiceach lucht na neodrachta nach bhfuil orthu, dar leis, ach drochmheas ifrinn agus gan cead ó Dhia ag aon duine acu siúd ar dhul ar neamh.

    De réir dealraimh tá dearmad iomlán déanta ag Ó Murchú faoin uair dhorcha úd nuair a tháinig na hardsagairt faoin dhéin Íosa i nGairdín Gethsemane agus nuair a d’ardaigh duine dá aspail a chlaíomh le troid a dhéanamh. Nárbh é Íosa féin a dúirt lena aspal gan mhoill, a chlaíomh a chur ar ais san áit ar dual dó. Déarfainn féin gurbh fhearr don Íosánach seo dul i muinín iompair Chríost ná tuairimí údair leabhar ficsin a leanúint.

    Is fearr go mór do mhuintir na hÉireann fanacht inár n-eadránaithe iontaofa agus sa tslí sin beimid réidh i gcónaí le hidirbheartaíocht shíochánta a thairiscint in ionad cur le coimhlint, sileadh fola agus líon na marbh.

  • Concubhar

    Tá an Rialtas tar éis a rá arís agus arís eile nach bhfuil aon cheist go dtréigfear ár neodracht mhileata ach seo leithscéalaí ar son na Rúise agus fórsaí na tíre sin atá ag déanamh ionradh brúidiúil ar an Úcráin (fé mar a rinne Cromaill ar an dtír seo) ag cáineadh fóraim chun plé a dhéanamh ar an gcur chuige faoi slándáil is cosaint ar cheart a bheith againn in Éirinn. B’fhearr leis, is dócha, go leanfaimís leis an socrú go mbionn an RAF ag tabhairt cosaint dúinn! Dúirt Michael D. féin nach bhféadfaí bheith ‘neodrach’ faoi sléacht Srebenica.

  • Gabriel Rosenstock

    https://caitlinjohnstone.com/2020/08/31/meditations-on-peace/
    Sa mhachnamh a dhéanann Caitlin Johnstone (thuas) ar an tsíocháin, meabhraíonn sí dúinn nach smaoinímid sách minic ar an rud nach bhfuil ann, nó ar an rud a d’fhéadfadh a bheith ann; is gnách go smaoinímid ar an rud atá ann, sin uile, ar an status quo. Ach má chailleann Éire a stádas neodrachta, rud atá doshamhlaithe i láthair na huaire, cad iad na himpleachtaí a bhainfeadh leis sin? An bhfuil na himpleachtaí go léir oibrithe amach againn? An bhfuil na himpleachtaí go léir oibrithe amach ag an Dáma Richardson dúinn? Níl, mar is léim chaorach sa duibheagán a bheidh ann má tharlaíonn sé.

  • Concubhar

    Is ‘má’ mór é sin. Tá iarracht á dhéanamh an rud seo a phearsanú agus é a chrochadh ar an mBean Uasal Richardson. Is beag eolas atá agam uirthí. Ach níl anseo ach fóram agus tá gá le plé agus ní dócha gur nt an phlé a bheidh ann. Creidim go raibh an cheart ag an Uachtarán Ó hUigín an cheist a chur ach ní féidir liom glacadh le h-ionchur Uí Mhurchú ar an scéal nuair atá sé tar éis cosaint a dhéanamh ar an Rúis go tréan ar an suíomh seo. Is cinnte go bhfuil leochailleacht na hÉireann níos feiceálaí ón uair gur thosnaigh an Rúis ar a feachtas fuilteach i dtír comharsanach. Tuigimíd sainnt na gcomharsan anseo in Éirinn ós rud é go bhfuil tír le stair impiriúil tar éis go leor sléachta a dhéanamh anseo. An bhfuilimíd chun seasamh ar leataobh nuair a dheintear cinedhiothú san Úcráin? Nach bhfuilimíd chun ár dtacaíocht a léiriú? Ní h-ionann seo agus a bheith ag cur deireadh le neodracht mileata ach ní féidir bheith ‘neodrach’ ar bhonn morálta agus tá na ceisteanna éagsúla seo á mheascadh ag Ó Murchú, dar liom.