‘Díomá’ ar an Taoiseach nach raibh bille teanga réidh le foilsiú do chruinniú rialtais sa Ghaeltacht

Dúirt an Taoiseach tráthnóna go bhfoilseofaí an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mí Meán Fómhair nó Deireadh Fómhair seo chugainn.

‘Díomá’ ar an Taoiseach nach raibh bille teanga réidh le foilsiú do chruinniú rialtais sa Ghaeltacht

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil díomá air nach bhfuil an bille teanga réidh le foilsiú go fóill.

Dúirt an Taoiseach chomh maith tráthnóna go bhfoilseofaí an bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla mí Meán Fómhair nó Deireadh Fómhair seo chugainn.

Fágann sin, faoin am a fhoilseofar an Bille, go mbeidh ar a laghad ocht mbliana caite ó d’fhógair iar-aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Bhí an Taoiseach ag labhairt le Nuacht TG4 i ndiaidh an chruinniú rialtais a bhí ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall inniu.

Ag tús na míosa seo, dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an bille teanga “réidh anois” agus go bhfoilseofaí é an lá céanna leis an chruinniú rialtais deireanach roimh shos an tsamhraidh, an cruinniú a bheidh ar siúl i nGleann Cholm Cille inniu.

Dúirt sé mí Bealtaine go raibh “náire” air nach raibh an bille foilsithe go fóill.

cáineadh géar déanta ag polaiteoirí an fhreasúra ar theip an rialtais an bille teanga a bheith réidh in am do chruinniú rialtais an lae inniu.

Cuireadh ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi bhráid chruinniú an Rialtais i nGaeltacht Dhún na nGall.

Bhain na meamraim sin le stádas na Gaeilge san AE; an reachtaíocht teanga; an phleanáil teanga; agus polasaí náisiúnta nua do na hoileáin.

 

 

Fág freagra ar '‘Díomá’ ar an Taoiseach nach raibh bille teanga réidh le foilsiú do chruinniú rialtais sa Ghaeltacht'