Ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le cur faoi bhráid na comhaireachta

Beidh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa treis ag an gcruinniú rialtais a bheidh ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall Déardaoin

Ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le cur faoi bhráid na comhaireachta

Cuirfear ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta faoi bhráid chruinniú speisialta an Rialtais atá le bheith ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall Déardaoin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbaineann na meamraim sin le stádas na Gaeilge san AE; an reachtaíocht teanga; an phleanáil teanga; agus polasaí náisiúnta nua do na hoileáin.

Pléifear chomh maith ag an gcruinniú i nGleann Cholm Cille gnóthaí eile a bhaineann leis an teanga.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne inné nach mbeadh an bille teanga chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga réidh in am do chruinniú na seachtaine seo, mar a bhí geallta ag an Taoiseach.

Samhain 2011 a fógraíodh ar dtús go rabhthas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an acht teanga agus an fómhar seo chugainn an sprioc is déanaí de na spriocanna go léir atá tugtha ó shin maidir le foilsiú an bhille.

Beidh gné shuntasach amháin den reachtaíocht teanga ar chlár chruinniú na seachtaine seo sa Ghaeltacht, áfach.

Tá sé i gceist go dtabharfadh an Rialtas a mbeannacht Déardaoin d’uasdátú ar sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla, an liosta comhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta, liosta nár deineadh aon uasdátú air le 13 bliain  anuas.

Tuigtear go bhfuil os cionn dhá scór comhlacht poiblí ann nach bhfuil aon dualgas teanga de réir an dlí orthu toisc gur bunaíodh iad i ndiaidh do Roinn na Gaeltachta uasdátú a dhéanamh go deireanach ar sceideal an Achta i mí Bealtaine 2006.

I measc na gcomhlachtaí sin nach bhfuil aon dualgas teanga orthu, tá Uisce Éireann, an tÚdarás Um Shábháilteacht ar Bhóithre, an Chomhairle Múinteoireachta, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Ireland Tourism agus Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann.

Faoin struchtúr nua déanfar uasdátú go huathoibríoch gach dhá bhliain ar an sceideal.

Baineann ceann eile de na meamraim a chuirfear faoi bhráid chruinniú na seachtaine seo le sprioc an Rialtais go dtiocfadh deireadh faoi 2022 leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Tabharfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan le fios don Rialtas go bhfuiltear “ar sprioc” i dtaca leis an maolú agus le soláthar dóthain aistritheoirí agus ateangairí le deireadh a chur leis.

Baineann na meamraim rialtais eile le forbairt polasaí náisiúnta do na hoileáin agus le bunú coiste trasrannach chuige sin agus le staid na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Fág freagra ar 'Ceithre mheamram faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le cur faoi bhráid na comhaireachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ceard faoi iarraidh meamram a chur faoi bhráid an rialtais le déileál leis an seafóid go bhfuil aitheantas ‘Gaeltachta’ ag 1,000 níos mó daoine i mBárdas na Gaillimhe anois ná mar atá i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile! Do réir an daonáireamh a tógadh i 2016 bhí aitheantas Gaeltachta ag 15,127 duine atá ina gcónaí sna eastáit tithíochta ar imeall Chathair na Gaillimhe. Nuair a cuirtear daonra na Gaeltachta sa Rinn, Múscaí, Cléire, Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach ar fad le chéile, bhí 13,963 ag cur futhu i nGaeltachtaí na Mumhan!

  • Béarla teanga an Stáit

    Tuilleadh comhlachtaí le dualgais theoiriciúla a chomlíonadh ar pháipéir.

  • Críostóir

    Cén slí is cóir don rialtas “déileál” leis an “seafóid” seo, a Dhonncha?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Caithfí i dtosach báire, a Chriostóir, leasaithe móra a dhéanamh ar Acht na Gaeltachta 2012, le go mbeadh an chumhacht ag an rialtas arís, teorannacha na Gaeltachta a leagan amach: cumhacht a bhíodh ag an rialtas gur tháinig an Acht sin i bhfeidhm.