Foilsiú bille teanga curtha siar arís in ainneoin gheallúintí an Taoisigh

Thug an Taoiseach le fios sa Dáil i dtús na míosa seo go dtiocfadh deireadh an tseachtain seo sa Ghaeltacht leis an bhfanacht fada ar an reachtaíocht nua teanga a gealladh den chéad uair in 2011

Foilsiú bille teanga curtha siar arís in ainneoin gheallúintí an Taoisigh

Ní bheidh an bille nua a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht teanga á fhoilsiú an tseachtain faoi mar a gheall an Taoiseach Leo Varadkar le déanaí.

Thug an Taoiseach le fios sa Dáil i dtús na míosa seo go dtiocfadh deireadh an tseachtain seo leis an bhfanacht fada ar an reachtaíocht nua a gealladh den chéad uair in 2011.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil níos túisce an mhí seo go raibh an bille teanga “réidh anois” agus go bhfoilseofaí é an lá céanna leis an gcruinniú rialtais deireanach roimh shos an tsamhraidh, cruinniú a bheidh ar siúl i nGleann Cholm Cille Déardaoin beag seo.

Gheall an Taoiseach mí Bealtaine go n-eagrófaí cruinniú Rialtais sa Ghaeltacht an samhradh seo agus dúirt sé go mbeadh dáta an chruinnithe sin mar sprioc don reachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga.

Ach dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach bhfuil an reachtaíocht réidh le foilsiú go fóill.

Dúirt an tAire Stáit go raibh “an-dul chun cinn” déanta maidir le dréachtú na reachtaíochta ach gur “go luath san fhómhar” anois a bhíothas ag súil go bhfoilseofaí é.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta inniu chomh maith go mbeadh uasdátú sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla á phlé ag cruinniú rialtais na seachtaine seo sa Ghaeltacht agus uasdátú le déanamh ar liosta na gcomhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta.

Ag Oireachtas na Samhna 2011 a d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Dinny McGinley go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is iomaí geallúint atá tugtha ag airí éagsúla ó shin faoi fhoilsiú na reachtaíochta nua.

Fág freagra ar 'Foilsiú bille teanga curtha siar arís in ainneoin gheallúintí an Taoisigh'

  • Eoin Ó Riain

    Nach ceart an méid a dúirt Seán Ó Cuirreáin mí roimh éirí as dó (15/1/2014)?
    “…idir an dá linn, tic-toc, tá an t- am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga…”

  • Béarla teanga an Stáit

    Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go bhfaigheann Gaeilgeoirí “surprising intolerance” maidir lena gcearta.
    Is cancráin sinn dar leis státchóras.

  • Críostóir

    Bhuel, ar a laghad ní dúirt sé go bhfoilseofaí an bille teanga go luath san fhómhar 2019. Ní chuirfidh sé ionadh ar bith orm más go luath san fhómhar 2020 a bheidh le rá acu go fóill.