Díolfaidh Fianna Fáil as polasaí lochtach tithíochta an rialtais

Rachaidh tuilleadh daoine i muinín Shinn Féin de bharr na géarchéime tithíochta

Díolfaidh Fianna Fáil as polasaí lochtach tithíochta an rialtais

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: RollingNews.ie / Julien Behal Photography

Ba bhreá sollúnta a d’fhógair an Taoiseach, Micheál Martin, gurb í an tithíocht an t-ábhar polasaí is tábhachtaí dó féin, don rialtas is don phobal.

Ach más polasaí uimhir a haon é, níor luaigh an Taoiseach aon cur chuige nua chun dul i ngleic leis an scéal. Tá sé ag cloí go diongbháilte leis an tuairim gur chóir tógáil tithe a fhágáil faoin earnáil phríobháideach agus airgead stáit a chur ar fáil don earnáil sin chun an jab a dhéanamh.

Tá an Taoiseach ag maíomh go bhfuil níos mó airgid á chur isteach i dtithíocht faoi phlean an rialtais ná riamh, ach má tá níl sé ag dul i bhfeidhm ar an nglúin sin atá fágtha as an margadh tithíochta ar fad.

Leag tuarascáil de chuid an ESRI (an Institiúid Taighde Eacnamaíochta is Sóisialta) a méar ar an bpríomhphointe: ní fiú do dhaoine óga sna fichidí is na tríochaidí, iadsan a bhfuil jab agus tuarastal maith acu san áireamh, a bheith ag smaoineamh fiú ar theach a cheannach dóibh féin.

Glúin an chíosa a thugann siad orthu féin, toisc nach féidir leo morgáistí a fháil is toisc go bhfuil praghsanna ag dul in airde gan stop. Tá cíos ag dul in airde freisin, agus níl sé d’acmhainn ag a bhformhór airgead a shábháil.

Mhínigh an ESRI go mbíonn ioncam níos ísle ag an dream seo atá sna fichidí agus sna tríochaidí ná mar a bhíodh i 1990 nó in 2000.

Bhí teach dá gcuid féin ag 60% díobh siúd a rugadh sna seascaidí faoi am gur bhain siad 30 amach. Titeann an figiúr go dtí 39% do dhaoine a rugadh sna seachtóidí agus 32% dóibh siúd a rugadh sna luath-ochtóidí.

Is é an tátal atá le baint as seo, deir an ESRI, ná gur dóichí gurb í an ghlúin óg an chéad ghlúin in Éirinn a mbeidh caighdeán maireachtála níos ísle acu ná an ghlúin a chuaigh rompu.

Ní bhíonn glúin an chíosa in ann aon phingin a shábháil toisc go mbíonn siad ag íoc cíos comh hard sin. Céard a tharlóidh nuair a bhainfidh siad aois an phinsin amach nuair a bheidh a gcuid ioncaim laghdaithe go mór ach cíos ard fós le híoc acu?

Bochtanas is anás, atá i ndán dóibh. Daoine aosta arbh fhearr le cuid acu, b’fhéidir, bás a fháil ná maireachtáil ar an imeall.

Deir an rialtas go bhfuil fadhb soláthair ann, is é sin nach bhfuil dóthain áiteanna cónaithe ar fáil. Tá sé sin fíor, ach an leigheas atá ag an rialtas air ná polasaí le spreagadh a thabhairt don earnáil phríobháideach le tithe a thógáil.

Níos measa fós, ámh, tá a fhios againn anois go mbíonn creach-chistí ag teacht isteach chun eastáit iomlána a cheannach ar mhaith leis na tithe go léir a ligint ar chíos. Má tá airgead mór agat, is féidir brabús as cuimse a dhéanamh.

Deir an rialtas nach é sin an aidhm a bhí leis na socruithe cánach a thug siad isteach aimsir na géarchéime. Sea, ní íocann na creach-chistí céanna mórán cánach ar an airgead mór a dhéanann siad as polasaí an rialtais.

Tá moladh nua le dul os comhair an rialtais an tseachtain seo, deirtear, ach cuimhnigh nach inniu ná inné a nochtadh an fhadhb seo dúinn. Polasaí gach aon rialtas a raibh baint ag Fine Gael leis ó aimsir na géarchéime atá i gceist, polasaí a dhaingnigh Fianna Fáil nuair a bhí siad ag tacú leis an rialtas ón taobh amuigh.

Feicfimid céard a bheidh le moladh ag an rialtas, ach ní fheicim gur leigheas ar an ngéarchéim é costas tithe a ardú tríd an dleachtstampa a ardú. Caithfear cosc iomlán a chur ar a leithéid.

I ndáiríre tá sé deacair a thuiscint cén fáth go bhfuil an oiread sin doichill ar Fhianna Fáil roimh pholasaí a thug siad féin isteach sna 1940idí.

Rud amháin atá soiléir ámh: tá an ceart ag an Taoiseach nuair a deir sé gur ag ‘uimhir a haon’ atá fadhb na tithíochta.

Ní dóigh liom go ndéanfaidh na daoine óga atá fágtha ar an ngannchuid dearmad ar an bhfaillí seo ná go maithfidh siad do na páirtithe rialtais é ach an oiread.

Tá an fhadhb seo ag cur as do dhaoine a bhfuil jabanna maithe acu agus nach mbeadh rófhabhrach do leithéidí Shinn Féin de ghnáth. Ceapaim go dtabharfaidh go leor de na daoine seo a gcuid vótaí don pháirtí poblachtach fiú más go drogallach féin é.

Tabharfaidh siad vóta do Shinn Féin toisc nach bhfuil aon rogha acu má tá siad ag iarraidh stop a chur le polasaí fabhtach tithíochta an rialtais.

Mura bhfuil Micheál Martin buartha faoi dheacrachtaí an aosa óig, ba chóir dó a bheith buartha faoi thodhchaí a pháirtí féin.

Fág freagra ar 'Díolfaidh Fianna Fáil as polasaí lochtach tithíochta an rialtais'

  • An Teanga Bheo

    Uacht ár sinsear agus bochtannas mar thoradh ar an bpolasaí an Rialtais
    agus beart dé réir ár mbriathar anois.

  • Seosamh Ó Cuaig

    An bhfuil léitheoir ar bith ag Tuairisc.ie atá sásta Fianna Fáil a chosaint? Fágaidís freagra anois má tá.

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Mar ní thógfaidh Dáil Éireann, fiú i dtráth seo an ghátair,
    Tithe, go díreach, don saoránach cráite;
    An saor-mhargadh an chré ar fud an Nua-Aontais –
    Dia linn, is ‘dea-Eorpaigh’ ár mbunaíocht lúitéiseach!