D’imigh sin agus tháinig seo – athruithe móra i saol na hiomána

Agus imreoirí agus bainisteoirí mór le rá éirithe as, beidh cuma dhifriúil ar chúrsaí ach a thosóidh séasúr 2022

D’imigh sin agus tháinig seo – athruithe móra i saol na hiomána

Joe Canning ar an bpáirc tar éis do Phort Láirge an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i mbliana. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá rothaí mór an tsaoil ag casadh an t-am ar fad agus athruithe ag tarlú, bíodh siad ag teastáil nó ná bíodh. 

Mar a luaigh mé anseo an tseachtain seo caite, d’imir Joe Canning a chluiche deireanach dá chontae i mbliana, agus é ag fágáil le lánmhála mór de ghradaim agus boinn. Tá moladh tugtha ag go leor dó ón lá a d’fhógair sé go raibh a chuid déanta aige do Ghaillimh agus an moladh sin go léir tuillte ag fathach seo na linne. 

Fathach eile atá imithe ná Brendan Maher ó Bhuiríos Ó Luigheach agus Tiobraid Árann. Dála Canning d’imir sé le mionúir an chontae ar feadh trí bliana agus bhuaigh sé dhá bhonn na hÉireann, an ceann deireanach mar chaptaen. Bhí sé ar an bhfoireann faoi 21 ar feadh trí bliana freisin agus in 2010 bhuaigh sé bonn chraobh na hÉireann ag an ngrád sin seachtain i ndiaidh dó craobh shinsir na hÉireann a bhuachan i gcoinne Chill Chainnigh, a bhí ar thóir cúig chraobh i ndiaidh a chéile. Chríochnaigh sé an séasúr sin mar imreoir óg na bliana agus mar All Star. 

Bhí 2016 ann sular bhuaigh sé an dara bonn sinsir agus an uair seo ba é a d’ardaigh Corn Mhic Cárthaigh mar chaptaen na foirne. 

Trí bliana ina dhiaidh sin bhuaigh sé an tríú bonn sinsir agus geansaí uimhir a sé ar a dhroim.  

Imreoir sciliúil, cróga, cliste, tapa a bhí in Maher. Braithfidh an contae uaidh é. 

Brendan Maher Thiobraid Árann. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá a gcuid déanta freisin ag cúpla duine de na fir a bhíonn ag siúl na dtaobhlínte, ach seans go mbeidh duine nó beirt díobh ar ais agus geansaí de dhath eile orthu. 

Bhí sé ráite ag Davy FitzGerald ag tosach na bliana go mbeadh 2021 ar an mbliain dheireanach aige le Loch Garman. Ar an iomlán rinne an contae dul chun cinn suntasach ina chéad chúpla bliain agus in 2019 bhuaigh siad Craobh Laighean den chéad uair ó bhí 2004 ann. Ach theip orthu cur leis sin agus le dhá bhliain anuas bhí na comharthaí ann go raibh ag teip orthu faoi FitzGerald. Fear é atá tugtha don iomáint agus é ina bhainisteoir lena chlub féin, Droichead Abhann Ó gCearnaigh, le cúpla bliain anuas. Is dóigh liom nach fada go bhfeicfear le contae eile é. Darragh Egan as Tiobraid Árann, a bhí ina roghnóir le Liam Sheedy, a ainmníodh ina áit i Loch Garman. Bhí ról lárnach aigesean leis na Tiobraid Árannaigh i mbliana agus de réir mar a chloisim tá an-mheas air sa chontae. 

Ní fheadar cén fáth nár ainmníodh é in áit Liam Sheedy nuair a d’fhág seisean slán le Tiobraid Árann le déanaí? Dar ndóigh bhí freagra na ceiste sin againn i lár na seachtaine nuair a ainmníodh Colm Bonnar, iarimreoir leis an gcontae agus iarbhainisteoir ar Cheatharlach agus ar Loch Garman, mar bhainisteoir nua na dTiobraid Árannach. 

Bainisteoir nua Thiobraid Árann, Colm Bonnar. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Maidir le Sheedy is dócha go bhfuil a chuid déanta aige ag an leibhéal idirchontae. Tá an-mheas ar Sheedy mar bhainisteoir agus é tuillte go maith aige. Bhuaigh sé craobh na hÉireann ina dhá thréimhse mar bhainisteoir ar a chontae dúchais. Ní haon dóithín é sin.  

Bhí ionadh ar dhaoine sa chontae nár éirigh le bord an chontae Liam Cahill a mhealladh chun teacht i gcomharbacht  air. Tá éacht déanta ag Cahill i bPort Láirge agus caithfidh go gceapann sé go bhfuil níos mó seans aige an sprioc mhór (Corn Mhic Cárthaigh) a bhaint amach in 2022 leis na Déise ná mar a bheadh aige le Tiobraid Árann. Má bhíonn Tadhg de Búrca, Paidí Mahony, Stephen O’Keefe agus Iarla Daly ar ais aige, seans go bhfuil an ceart aige.  

D’fhógair Shane O’Neill go raibh a sheal istigh le hiománaithe na Gaillimhe agus caithfear a admháil go raibh drochshéasúr craoibhe ag fir an iarthair. Agus Joe Canning imithe b’fhéidir gur cheap O’Neill nach mór na dea-chomharthaí a bhí ann do 2022. 

Anseo i gCorcaigh chualathas ráflaí láidre go raibh athrú bainistíochta ag teacht i ndiaidh dúinn greadadh a fháil i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais na hÉireann ach ní dóigh liom go dtarlóidh sé sin. 

I lár na seachtaine chomh maith a ainmníodh iar-réalta agus captaen Phort Láirge Stephen Molumphy mar bhainisteoir ar iománaithe na Ríochta. 

Is ea, sula i bhfad tosóidh an phleanáil do 2022 agus gach contae, mar dhea, ar comhchéim arís. 

Rothaí móra an tsaoil…  

Fág freagra ar 'D’imigh sin agus tháinig seo – athruithe móra i saol na hiomána'