Túr Claonta Ráth Chairn
Ceist chonspóideach í cén bhliain ar cuireadh ollphuball in airde den chéad uair chun freastal ar na sluaite a thagann chuig Comórtas Peile na Gaeltachta gach deireadh seachtaine Cincíse.
Dúirt an t-iarchraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Ciarán Ó Fátharta ar phodchraoladh Tuairisc, ‘An Pod Gaeilge’ le gairid gur Comórtas Peile 1993 i Ráth Chairn an chéad uair gur cuimhin leis ‘an marquee’ a fheiceáil ach tá dreamanna eile a mhaíodh gurbh iadsan ba thúisce a chuimhnigh ar an bplean.
Má tá ceist ann an i Ráth Chairn a bhí an chéad ollphuball i stair an Chomórtais, níl amhras ar bith ann ach gurbh ann a bhí an t-ollphuball is mó le breis is leathchéad bliain agus an ceann a bhí in airde do Chomórtas 2025 chomh mór le haon rud a bheadh ag muintir Fossett’s nó Duffy’s. Theipfeadh ar Eoin Griffin fiú, an sárchúl báire áitiúil, liathróid a lascáil ó bhinn amháin go dtí an ceann eile leis an méid a bhí ann.
Ní hamháin go raibh muintir Ráth Chairn ag iarraidh na comórtais a chuaigh roimhe seo a shárú, ach ba léir go raibh siad ag iarraidh dul san iomaíocht le seacht n-iontas an domhain nua agus le Túr Claonta Pisa, go háirithe.
Buíochas le Dia, is ag titim le fána anuas ón mbeár i dtreo an stáitse a bhí an t-urlár, rud a d’fhág go raibh ‘mosh pit’ Gaeltachta againn san ollphuball oíche Dé Domhnaigh. Bheadh slua mór bailithe ar aon nós agus Ceann Gólaim ag seinm le fonn agus le fuinneamh ach is cinnte gur chuir an fána leis an dua a bhain le droim a thabhairt leis an gceol agus dul i dtreo an bheáir arís.
Bhí mná Naomh Anna i lár an tslua a bhí ag baint súp as clann Shonaí Choilm Learaí agus na peileadóirí ag ceiliúradh a mbua sa gcraobh idirmheánach níos túisce an lá sin. Níor breathnaigh sé gur chuir an fána as dá gcuid rince beag ná mór, agus tuige a gcuirfeadh agus cleachtadh maith acu ar chnocán Pháirc an Mháimín sa mbaile.
Cluiche ceannais ildaite an Chomórtais
Agus cluiche ceannais chraobh shinsir na bhfear idir Bhulf Tón agus An Tearmann á imirt tráthnóna Dé Luain, bhí níos mó ná duine amháin sa slua a bhí ar Pháirc Ráth Chairn le cloisteáil ag clamhsán agus ag casaoid. Ní faoi chaighdeán na peile a bhíodar ag tabhairt amach ná faoi iompar gránna na bhfoirne bainistíochta, a chaith an cluiche uile in adharca a chéile. Geansaithe na bhfoirne a bhí ag cur as dóibh agus é deacair go maith idirdhealú a dhéanamh idir geansaithe corcra fhir na Mí agus cinn mharún na gConallach.
Tuigtear gur iarradh ar an dá dream na geansaithe a athrú roimh an gcluiche ach nach raibh ceachtar acu sásta sin a dhéanamh. Thug Bhulf Tón le fios nach raibh aon gheansaithe eile acu agus cé go raibh geansaithe bána ag an Tearmann, ní rabhadar ag iarraidh iad a chaitheamh mar gurb iad sin na geansaithe a chaitheann foirne sóisearacha an chumainn. Is léir go cheap siad gur drochthuar a bheadh ann dá mbeadh orthu na geansaithe sin a chaitheamh agus chuaigh an dá fhoireann chun páirce ina rogha féin geansaí sa deireadh.
Cumas peile agus misneach Bhulf Tón a chinn gur acusan a bhí an lá ach ní fhéadfaí a rá go cinnte nach raibh tionchar ag na geansaithe ar an toradh.
Agus iad ocht bpointe chun tosaigh luath sa dara leath, ghearr Jack Alcorn isteach ón gcliathán agus d’aimsigh sé bearna ollmhór i gcosaint Bhulf Tón. Bheartaigh Alcorn pas a thabhairt agus é sa tóir ar an tríú cúl dá fhoireann ach seachas Conallach eile a aimsiú, chuir sé an liathróid díreach chuig Brughach Ó Fionnagáin Bhulf Tón, a bhí ag seasamh ar imeall na cearnóige gan duine ar bith d’imreoirí an Tearmainn gar dó. Ag Alcorn féin amháin atá a fhios an amhlaidh gur cheap sé go raibh comrádaí dá chuid feicthe aige ach pé scéal é, dearg an chéad dath eile a chonaic sé agus é curtha den pháirc cúig nóiméad ina dhiaidh sin agus an bhratach bhán ardaithe ag an Tearmann sa deireadh i ndiaidh teacht aniar dochreidte Bhulf Tón.
Móimint na Gaeilge
Bhí tagairt anseo againn cheana do ‘mhóimint na Gaeilge‘. Sí an Ghaeilge ainnir na huaire, a deirtear linn, ach cén uair a thosaigh an mhóimint seo? Níos luaithe ná mar a cheapamar más fíor don Chadhnach. Tá an méad seo sa leabhar breá nua Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain:
‘Sé an chaoi a raibh sé fadó, ní raibh ann ach Meiriceá, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag teacht amach, is iomaí duine a bhfuil posta ag éirí leis dá bharr. Shílfeá nach mórán tóir ag cuid acu ina dhiaidh sin agus uileag.’
Gan dabht ní bheimis leath chomh soiniciúil faoi mhóimint na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
Eachtraí Bono
Gheobhaidh tú Bono ar Apple TV faoi láthair agus é ag eachtraí faoi shaol Bono sa seó Bono: Stories of Surrender. Tá insint ghreannmhar aige ar chomhrá a bhí aige lena athair faoi Pavarotti.
Bhí an t-athair scoite chun na ceoldrámaíochta ach bhíodh sé righin faoi mholadh maidir le ceol a mhic. Bhí glaoch faighte ag Bono ó Pavarotti a bhí ag iarraidh amhrán a scríobh leis agus cheap Bono gur seans iontach a bhí anseo dul i bhfeidhm ar a athair, Bob.
Dhein Bono a dhícheall ach má bhí a scéal ag dul i bhfeidhm ar a athair, níor lig sé air féin é.
‘Bhuel,’ arsa Bono ar deireadh, ‘tá Pavarotti ag iarraidh teacht go dtí Baile Átha Cliath chun bualadh linne. Cé hé an focain eejit anois?’
‘Eisean,’ arsa a athair.
Éagsúlacht an cheoil i nGaeilge
Seans gurb é Daniel O’Donnell an chéad réalta eile a bheidh againn i saol an cheoil i nGaeilge. Deir Daniel go bhfuil sé ag cuimhneamh ar albam nua lán d’amhráin i nGaeilge a chur amach.
Kneecap agus Daniel O’Donnell – nár mhaith ann an éagsúlacht i gceol agus i saol na nGael.
Sea, pé rud eile a déarfá faoi Daniel, is beag an baol go mbeidh sé os comhair Chúirt Dúiche Westminster aon lá feasta agus cion sceimhlitheoireachta á chur ina leith, ná aon chúirt dúiche eile ach oiread.
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Nótaí ó Thúr Claonta agus páirc pheile Ráth Chairn; eachtraí Bono; agus móimint Mháirtín Uí Chadhain'