Thit rialtas na hÍsiltíre Dé Máirt, trí seachtaine roimh chruinniú mullaigh tábhachtach de chuid NATO san Háig.
Páirtí an pholaiteora chonspóidigh agus Ioslamafóibigh Geert Wilders, an Páirtí don tSaoirse (PVV) a tharraing amach as an gcomhrialtas, toisc nach raibh ag éirí, dar le Wilders, leis an rialtas dóthain a dhéanamh chun stop a chur le teacht iarrthóirí tearmainn agus inimirceach mídhleathach chun na hÍsiltíre – d’ainneoin gur ag an PVV féin a bhí an aireacht Tearmainn agus Inimirce agus go raibh an rialtas seo ar an gceann ba ghéire riamh maidir leis an dá cheist sin.
Ach ní hamháin go raibh an comhrialtas a thit inné ar an gceann ab fhaide amach ar an eite dheis dá raibh i gcumhacht san Ísiltír ó bhí an dara cogadh domhanda ann, bhí sé ar an gceann ba chiotaí, ba mhí-eagraithe agus ba mhí-éifeachtaí riamh. Ceithre pháirtí a bhí páirteach ann: PVV Geert Wilders, nualiobrálaigh an VVD, feirmeoirí feargacha an BBB agus páirtí nua de chuid an láir, an NSC. Toisc gur thuig chuile cheann de na páirtithe sin, an PVV féin san áireamh, go ndéanfadh sé dochar as cuimse d’íomhá na hÍsiltíre thar lear dá mbeadh fear chomh conspóideach le Geert Wilders ina chéad aire é féin, rinneadh chéad aire d’fhear ionaid, Dick Schoof – ach bhí a fhios ag madraí na sráide gurbh é Geert Wilders féin a bhí i gcumhacht ar chúl an stáitse.
Bhí an comhrialtas chomh míshocair sin ón tús gur beag duine a shíl, nuair a tháinig sé i gcumhacht 11 mhí ó shin, go mairfeadh sé an t-achar sin féin. Anois tá an comhrialtas ba chiotaí riamh i stair na hÍsiltíre tar éis titim ag an am ba chiotaí agus ab fhéidir: trí seachtaine roimh chruinniú mullaigh tábhachtach de chuid NATO a bheas ar siúl san Háig ag deireadh na míosa seo.
‘Táimid inár staicíní áiféise anois mar thír óstach,’ a dúirt Dilan Yeşilgöz, ceannaire nualiobrálaigh an VVD, nuair a thit an rialtas a raibh a páirtí féin páirteach ann inné. Tá sé sin fíor, ach is measa fós go bhfuil dúshlán slándála nach beag ag baint leis an gcruinniú mullaigh céanna sin (tá cuireadh faighte ag Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy) agus nach aon bhuntáiste ar chor ar bith, ón taobh sin de, go bhfuil an Ísiltír anois ina cíor thuathail ó thaobh na polaitíochta náisiúnta de.
Agus sin í an dara cúis nach bhféadfadh comhrialtas Dick Schoof (nó comhrialtas Geert Wilders, mar a deir roinnt mhaith tráchtairí polaitiúla anseo san Ísiltír go hoscailte) titim ag am ní ba chiotaí: díreach roimh shaoire an tsamhraidh. Idir chuile útamáil, i mí Dheireadh Fómhair is túisce a bheifear in ann olltoghchán a reáchtáil, rud a chiallóidh go mbeidh an tír gan stiúir go ceann leathbhliana ar a laghad agus go mbeidh ceisteanna i bhfad níos práinní ná cúrsaí tearmainn agus inimirce gan réiteach – an ganntanas tithíochta, an aeráid, cúrsaí cosanta.
Ar an ábhar sin – an t-olltoghchán a bheidh le reáchtáil amach anseo – ag Dia amháin atá a fhios cén fáth gur shocraigh Geert Wilders tarraingt amach as an gcomhrialtas ag an bpointe seo. Ní hamháin go bhfuil díomá ar roinnt mhaith vótóirí de chuid an PVV faoin gcaoi ar éirigh lena bpáirtí agus iad i mbun rialtais, ach déanfar slad sa chéad olltoghchán eile ar dhá pháirtí eile a bhí páirteach sa chomhrialtas: ar fheirmeoirí feargacha an BBB agus ar an NSC, páirtí nua de chuid an láir ar thit an tóin as cheana féin an mhí seo caite nuair a d’éirigh a gceannaire agus a mbunaitheoir, Pieter Omtzigt, as an bpolaitíocht ar chúrsaí sláinte.
An t-aon pháirtí a thiocfaidh slán – seans – as smionagar an rialtais seo ná nualiobrálaigh an VVD, ach tá siad sin chomh dubh dóite de Geert Wilders gur beag an baol go rachaidh siad isteach i gcomhrialtas leis an PVV go deo arís.
Le scéal fada a dhéanamh gairid: drochsheans go n-éireoidh le Geert Wilders comhrialtas a chur le chéile tar éis an chéad olltoghcháin eile – fiú má éiríonn leis muinín a lucht tacaíochta féin a fháil ar ais idir seo agus sin.
Fág freagra ar 'An comhrialtas ba chiotaí riamh san Ísiltír tar éis titim ag an am ba chiotaí agus ab fhéidir'