Gerry Adams le cuid de na damáistí a bhuaigh sé ón BBC a thabhairt do ghrúpaí Gaeilge

Thug Gerry Adams an BBC chun cúirte mar gheall ar eagrán den chlár Spotlight a craoladh in 2016 agus scéal nuachta ar líne a ghabh leis

Gerry Adams le cuid de na damáistí a bhuaigh sé ón BBC a thabhairt do ghrúpaí Gaeilge

Tá sé i gceist ag iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams cuid den €100,000 damáistí atá le híoc leis ag an BBC a thabhairt do ghrúpaí Gaeilge.

Dúirt Adams go dtabharfaidh sé an t-airgead chomh maith do charthanachtaí a bhíonn ag cabhrú le páistí in Gaza agus daoine gan dídean in Éirinn.

Thug Gerry Adams an BBC chun cúirte mar gheall ar eagrán den chlár Spotlight a craoladh in 2016 agus scéal nuachta ar líne a ghabh leis. Dúirt sé gur deineadh clúmhilleadh air mar go raibh líomhaintí sa chlár agus san alt gurb é a cheadaigh marú Denis Donaldson, iaroifigeach de chuid Shinn Féin.

Chinn giúiré san Ardchúirt i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite gurbh amhlaidh go raibh an ceart le Adams agus gur chóir €100,000 a bhronnadh air. Beidh ar an BBC a chostais dlí a íóc chomh maith.

I bhfíseán a craoladh ar chainéal YouTube an BBC dúirt Adams gur sotal an BBC ba chúis le gan an cás a bheith réitithe nuair a chuir sé litreacha dlí chucu naoi mbliana ó shin.

Mhínigh Adams chomh maith i Putting Manners On The BBC – The Gerry Adams Blog, cad a bhí i gceist aige a dhéanamh leis na damáistí a bhuaigh sé.

“Maidir leis an airgead a bhronn an giúiré orm i ndamáistí, tabharfaidh mé do chúiseanna maithe é.

“San áireamh ansin beidh páistí Gaza, grúpaí a bhíonn ag cabhrú le daoine gan dídean in Éirinn, Cumann Carad, earnáil na Gaeilge agus tograí eile dá leithéid in iarthar Bhéal Feirste.” Cháin sé go láidir cur chuige an BBC i dtaca leis an gcás.

“Nuair a thosaigh an cás sé seachtaine ó shin, ba léir an-sciobtha an straitéis dlí a bhí ag an BBC. Bhí an scéal céanna acu a bhí ag rialtas i ndiaidh rialtais sa Bhreatain agus in Éirinn.

“Chuir siad an locht as an uile ní a tharla le linn na coimhlinte ar Phoblachtánaigh Éireannacha agus dá réir sin, le linn na trialach seo, ormsa.”

Fág freagra ar 'Gerry Adams le cuid de na damáistí a bhuaigh sé ón BBC a thabhairt do ghrúpaí Gaeilge'

  • Breathnóir1

    Fair plé dó. Níor chóir go rachadh an BBC ar aghaidh leis an chás seo sa chéad dul síos, ach is cosúil go bhfuil an nimh san fheoil ag lucht ceannais BBC NI do gach rud náisiúnach/poblachtánach.

  • Breathnóir1

    Maith thú, a Ghearóid. Tá meáin chumarsáide áirithe i bhfad róshotalach.