DIALANN TUAIRISC: Gort a’Choirce sciobhtha ag an mBreatain, Príomh-Aire na hIndia ag tvuíteáil i nGaeilge

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

DIALANN TUAIRISC: Gort a’Choirce sciobhtha ag an mBreatain, Príomh-Aire na hIndia ag tvuíteáil i nGaeilge

Chuala mé ráite é gur náisiún lán le ‘begrudgers’ nó lucht an doichill í Éire, ach ní fhéadfadh go bhfuil sé sin fíor. Níl ort ach breathnú ar an gceiliúradh atá déanta againn le cúpla seachtain anuas agus tús curtha le séasúr na ngradam scannáin, agus beidh a fhios agat go mbíonn moladh mór againn d’Éireannaigh a n-éiríonn leo ar an ardán idirnáisiúnta.

Le seachtain anuas a fógraíodh gearrliostaí BAFTA agus scata maith Éireannach ainmnithe do ghradaim. An t-aon locht b’fhéidir atá orainn ná go mbíonn muid ag brú gaoil ar dhaoine, má bhíonn baint fhánach ar bith acu leis an tírín beag s’againne. Ach an bhféadfá locht a chur air sin dháiríre, nach cuid dár ngnaíúlacht é?

Ach fainic an ndéanfadh tír ar bith eile iarracht an rud céanna a dhéanamh orainn agus iad ag sciobadh ár laochra uainn. Peaca marfach é sin nach maithfear go deo.

Cuimhnigh.

Bhí an-áthas orainn nuair a fógraíodh an gradam Emmy i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite don aisteoir óg as Sasana, Owen Cooper, as a pháirt sa tsraith Adolescence ar Netflix. Rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta amach go raibh baint againn leis an sáraisteoir óg. B’as Doire Fhatharta Beag ar an gCeathrú Rua dá Dhaideo. Maith iad Raidió na Gaeltachta. Bua eile don Ghaeltacht!

Tá tír agus talamh ag caint ar Jessie Buckley, aisteoir as Cill Airne ó ghnóthaigh sí an Golden Globe as a ról sa scannán Hamnet cúpla seachtain ó shin. Éireannach mná, Maggie O’Farrell a scríobh an leabhar ar a bhfuil an scannán bunaithe. Hup!

Is iomaí buidéal prosecco a osclaíodh le seachtain anuas agus Buckley ainmnithe arís don Oscar agus muid uilig ag guí go dtabharfaidh sí an deilbhín órga abhaile léi.

Seo chugainn an tseachtain seo gearrliostaí na BAFTAs agus tuilleadh dea-scéalta do mhuintir na Gaeltachta. Tá an scannánóir Myrid Carten, as Gort a’Choirce ó dhúchas, ainmnithe. Fuair Myrid an t-ainmniúcháin don stiúrthóir is fearr sa rannóg ‘Outstanding debut by a British writer, director, or producer’ dá scannán cumhachtach faisnéise A Want in Her.

Ach, fan soicind. Mura bhfuil dul amú mór orm, níl Gort a’Choirce sa Bhreatain. Ná habair go bhfuil siad ag iarraidh Gort a’Choirce a sciobadh uainn.

Insíonn Myrid scéal géarchúiseach, ionraic ina scannán faisnéise agus í ag caitheamh súil ar an tstreachailt ina clann de dheasca deacrachtaí meabhairshláinte, an t-alcólachas agus tráma idirghlúine. Ábhar trom gan amhras agus ábhar machnaimh.

Tosaíonn scéal an scannáin faisnéise nuair a fhilleann Myrid ar Dhún na nGall as Londain agus í ag tóraíocht a máthar, atá imithe ar iarraidh. Tá moladh mór faighte ag Myrid as a cur chuige nuálach, ionraic ar scéal pearsanta.

Tá Dialann Tuairisc ag guí gach rath ar Myrid sna gradaim, agus féadfaidh sí a bheith ag muintir na Breataine ar iasacht. Ach is linne í dháiríre!

***

Gaeilge Modi

Bhí teachtaireacht i nGaeilge ag Narendra Modi, Príomh-Aire na hIndia, dá 101.6 milliún leantóir ar X.com i ndiaidh cruinniú mullaigh trádála idir a thír agus an AE an tseachtain seo. Fuair an teachtaireacht 2.8 milliúin radharc ar an ardán sóisialta, déanadh 1.2 míle athghiolc air agus fágadh 352 trácht air. D’aontaigh an India agus an tAontas Eorpach socrú stairiúil saorthrádála ag an gcruinniú mullaigh sin. Faoin socrú sin ceadófar saorthrádáil earraí idir ballstáit an Aontais Eorpaigh agus an tír is mó daonra ar domhan. I dteannta a chéile, is fiú 25% den olltáirgeacht dhomhanda iad, margadh ina bhfuil dhá bhilliúin duine ann.

Chuir Narendra Modi teachtaireachtaí amach ar a chuntas i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ag fáiltiú roimh an socrú nua, an Ghaeilge san áireamh. Is léiriú é sin gan amhras ar thábhacht stádas oifigiúil na Gaeilge san Eoraip agus í ar comhchéim le teangacha eile. Tá Modi le moladh freisin as caighdeán na Gaeilge ina theachtaireacht agus is léir nach ndeachaigh a fhoireann i muinín aistritheoirí uathoibríocha agus an nóta á réiteach acu. Bua eile don Ghaeilge!

***

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Gort a’Choirce sciobhtha ag an mBreatain, Príomh-Aire na hIndia ag tvuíteáil i nGaeilge'