‘Dhera, ní bheadh leathstad aige siúd,’ a shíl mé. Bhí dul amú orm…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: seachain na réamhchlaonta i do chuid poncaíochta!

‘Dhera, ní bheadh leathstad aige siúd,’ a shíl mé. Bhí dul amú orm…

Creid é nó ná creid, ach is féidir le réamhchlaonta sleamhnú isteach sa phoncaíocht – fiú má bhíonn scríbhneoir ar a mhíle dícheall réamhchlaonta a sheachaint i ngnéithe eile den téacs.

Cúig nó sé bliana ó shin, nuair a bhí mé ag iarraidh glór duine de na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam ó shin a aimsiú, scríobh mé píosa cainte don charachtar sin ina mbeadh leathstad oiriúnach.

‘Dhera, ní bheadh leathstad aige siúd,’ a shíl mé liom féin ag an am. ‘Ní bheadh a leithéid feicthe riamh ina shaol aige.’ Chuir mé lánstad isteach ina áit agus chloígh leis an nós sin síos tríd an téacs, sásta go raibh ‘cleas’ éigin aimsithe agam a chabhródh liom glór an charachtair sin a léiriú. Sheachain mé idirstadanna agus fleasca i bpíosaí cainte an fhir chéanna freisin.

Go leor abairtí gearra ó bhéal an charachtair sin an toradh. Bhí cuma saghas giorraisc ar a chuid cainte dá bharr, rud a d’oir go rímhaith dá phearsantacht – ach bhí cuma saghas dúr ar a chuid cainte freisin, amhail gur pleota a bhí ann nach raibh ar a chumas abairt chasta a chur i dtoll a chéile nó smaointe casta a bheith aige.

Ní raibh sé sin ag teacht leis an bhfírinne. Fear dubh de chuid na hísealaicme atá sa charachtar seo, fear nár chríochnaigh an mheánscoil. Ach tá intinn aige a oibríonn ar luas lasrach agus níos minice ná a mhalairt faigheann sé an ceann is fearr ar dhaoine níos oilte ná é a mbíonn sé de mhisneach acu dul i mbun díospóireachta leis.

Tá na réamhchlaonta a mbíonn ar an gcarachtar seo aghaidh a thabhairt orthu i measc na mórthéamaí san úrscéal atá idir lámha agam – ach i ngan fhios dom féin nach mór bhí mé tar éis ligean do réamhchlaonadh de mo chuid féin sleamhnú isteach sa téacs.

Ní hionann gan trácht a bheith cloiste ag duine riamh ar leathstadanna, idirstadanna nó fleasca, agus a rá nach mbeadh na comharthaí sin le sonrú ina chuid cainte. Bíonn siad aige i ngan fhios dó féin, ó dhúchas – ar an gcaoi chéanna agus a bheadh máistreacht aige ar chomhréir agus ar ghramadach gan téarmaí ar nós ‘ainmní’, ‘cuspóir’ nó ‘clásal coibhneasta sriantach’ a bheith ar eolas aige.

Ní raibh sa phoncaíocht riamh ach córas a chum scríbhneoirí d’fhonn treoracha a thabhairt don léitheoir maidir leis an gcaoi ar chóir téacs a fhuaimniú san aigne. Cuimhnigh nach gcuimhníonn tú féin ar chamóga, stadanna, leathstadanna, idirstadanna agus fleasca nuair a bhíonn tú i mbun comhrá le duine (tá súil agam nach gcuimhníonn, pé scéal é.)

Tháinig mé ar an tuiscint agus mé ag déanamh mo mhachnaimh faoi chás an charachtair i m’úrscéal féin gurb í an t-aon fheidhm atá ag an bponcaíocht sa chaint i bpíosa ficsin, dáiríre, ná a thaispeáint don léitheoir cén áit ar tharraing an carachtar atá i mbun na cainte anáil agus cé chomh fada agus a bhí an sos anála sin.

Agus an tuiscint sin ar chúl m’aigne chuaigh mé trí chaint an charachtair sin ón tús go dtí an deireadh agus chaith mé leathstadanna, idirstadanna agus fleasca isteach go flúirseach.

Fág freagra ar '‘Dhera, ní bheadh leathstad aige siúd,’ a shíl mé. Bhí dul amú orm…'