Gialla agus príosúnaigh eile scaoilte saor, dhá lá eile curtha leis an sos comhraic idir Iosrael agus Hamas 

Dúirt Benjamin Netanyahu, go mbeadh seisean sásta fad a chur leis an sos ach go mbeadh ionsaí Iosrael ar Gaza ag leanúint ar aghaidh ar a mine ghéire arís ina dhiaidh

Gialla agus príosúnaigh eile scaoilte saor, dhá lá eile curtha leis an sos comhraic idir Iosrael agus Hamas 

Tá dhá lá eile curtha leis an sos comhraic idir Iosrael agus Hamas ar mhaithe le gialla as Iosrael agus príosúnaigh Phalaistíneacha a shaoradh.

Dúradh go raibh Hamas sásta fiche duine eile, mná agus páistí, a shaoradh.

Mar chuid den sos cogaidh ceithre lá, scaoileadh saor aréir 11 giall as Iosrael agus 33 príosúnach Palaistíneach.

Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres gur “spléachadh beag” ar an “dóchas agus an daonnacht” a bhí sa síneadh dhá lá leis an sos troda. Dúirt Antonio Guterres, áfach,  nach dóthain ama a bheadh ann chun an cúnamh a thabhairt do mhuintir Gaza atá ag teastáil uathu.

Ghéaraigh inné ar an mbrú idirnáisiúnta  ar Iosrael fad a chur leis an sos cogaidh idir iad féin agus Hamas.

Bhí Jens Stoltenberg, ceannasaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, agus Josep Borrell, Ard-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh, i measc na ndaoine a d’iarr go leanfaí leis an sos comhraic sealadach atá i bhfeidhm.

Agus na ceithre lá faoisimh ón troid ag teacht chun deiridh, dúirt Iosrael agus Hamas araon go mbeidís sásta cur leis ar mhaithe le gialla as Iosrael agus príosúnaigh Phalaistíneacha a shaoradh.

Ní sos comhraic sealadach amháin atá á éileamh mar go bhfuiltear ag achainí go ndéanfaí iarracht teacht ar shíocháin bhuan sa réigiún. Dúirt Josep Borrell gur cheart go mbunófaí stát Palaistíneach ar an mBruach Thiar, in Iarúsailéim agus in Gaza.

Ba inné an lá deireanach den sos sealadach ceithre lá sa troid agus tá roinnt de na gialla ligthe abhaile ag Hamas agus príosúnaigh Phalaistíneacha saortha ag Iosrael mar a bhí socraithe.

Faoin margadh sin bhí 11 giall eile agus 33 príosúnach Palaistíneach le saoradh aréir, rud a rinneadh.

Tuairiscíodh nach rabhthas ar aon fhocal faoi ainmneacha na ngiall agus na bpríosúnach a bhí le saoradh ach gur thángthas ar réiteach sna cainteanna faoin liosta.

Ó cuireadh tús leis an sos troda Dé hAoine tá os cionn 50 de na gialla a fuadaíodh as Iosrael scaoilte saor agus tá 150 Palaistíneach a bhí i ngéibheann ligthe amach.

Ar chuid den dream a scaoileadh amach faoin socrú sealadach seo, bhí déagóirí Palaistíneacha, cailín beag Iosraelach-Meiriceánach, agus Iosraelach mná atá 84 bliain d’aois atá go dona tinn, a deir a muintir.

Thairg Hamas leanúint leis an socrú síochána agus tuilleadh gialla a scaoileadh saor. Dúirt Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go mbeadh seisean sásta fad a chur leis an sos ach go mbeadh ionsaí Iosrael ar Gaza ag leanúint ar aghaidh ar a mine ghéire arís ach a mbeadh an sos comhraic a socraíodh thart.

Ag comhdháil faoin ngéarchéim sa Mheánoirthear, in Barcelona na Spáinne, dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Údarás na Palaistíne, Riyad al-Maliki, go raibh obair ar siúl ag feidhmeannaigh ón Spáinn, an Chatar, an Éigipt, na Stáit Aontaithe, agus an tAontas Eorpach le teacht ar bhealach chun cur leis an sos comhraic ceithre lá.

Dúirt Iosrael go seasfadh siadsan leis an rud a bhí socraithe, go gcuirfidís lá amháin eile leis an sos comhraic in aghaidh gach deichniúr giall a scaoilfí saor agus go ligfeadh siadsan amach triúr Palaistíneach in aghaidh gach giall Iosraelach.

Bhí cailín beag Éireannach-Iosraelach ar dhuine de na gialla a scaoileadh saor ag an deireadh seachtaine. Caoga lá a bhí caite ag Emily Hand ina giall ó fuadaíodh í féin agus an cailín beag eile a raibh sí ina teach an lá sin.

Ní mó ná sásta a bhí na hIosraelaigh le ráiteas an Taoisigh Leo Varadkar agus fáilte á cur aige roimh Emily Hand ar ais go dtína hathair agus cuireadh fios ar ambasadóir na tíre seo lena míshásamh a chur in iúl.

Maraíodh 1,200 duine nuair a thug Hamas ruathar thar teorainn ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus fuadaíodh thart ar 240 duine idir óg is aosta mar ghialla.

Deir aireacht sláinte Gaza atá faoi cheannas Hamas go bhfuil breis is 14,500 duine curtha den saol ó shin in ionsaithe díoltais Iosrael.

Fág freagra ar 'Gialla agus príosúnaigh eile scaoilte saor, dhá lá eile curtha leis an sos comhraic idir Iosrael agus Hamas '