Dhá fhadscannán Gaeltachta roghnaithe ag TG4 le cur ar aghaidh i gcomhair maoiniú €1.2 milliún an ceann

Saothair atá á bhforbairt ag Magamedia Productions agus ag Macalla Teo a roghnaíodh sa dara babhta den scéim Cine4

Dhá fhadscannán Gaeltachta roghnaithe ag TG4 le cur ar aghaidh i gcomhair maoiniú €1.2 milliún an ceann

Tá an chéad dá fhadscannán Gaeilge eile roghnaithe ag TG4 le cur chun tosaigh faoina scéim Cine4 do mhaoiniú €1.2 milliún an ceann. Mo ghrá buan agus Foscadh is ainm don dá scannán sin agus iad á léiriú ag Magamedia Productions agus Macalla Teo faoi seach.

Beidh an dá scannán á gcur faoi bhráid Údarás Craolacháin na hÉireann an mhí seo chugainn agus má éiríonn leo an maoiniú ar fad a bhfuiltear ag súil leis a fháil, beidh buiséad suas le €1.2 milliún ar fáil ag Magamedia Productions, atá lonnaithe i nGaillimh, agus Macalla Teo, atá lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Paddy Hayes, léiritheoir le Magamedia Productions, go bhfuil “ríméad” orthu gur roghnaíodh Foscadh.

“Is scéal é ‘Foscadh’ faoi fhear soineanta tuaithe a chailleann a threo sa saol tar éis bás a mhuintire, agus ní fios dó cé acu dá chuid comharsan atá le trust, go háirithe agus luach a chuid talún ag dul i méid,” a dúirt Paddy Hayes.

Dúirt Hayes go raibh “áthas an domhain” ar an gcomhlacht Gaeltachta freisin go mbeidh Foscadh á stiúradh ag Seán Breathnach, a stiúir an gearrscannán Maidhm do Magamedia.

Dúirt Seán Breathnach gur scéal é Foscadh “atá lonnaithe go smior i gConamara ach a bhaineann le pobail tuaithe ar fud an domhain”.

Rachael Moriarty agus Peter Murphy a scríobh Mo Ghrá Buan do Macalla Teo, comhlacht ar éirigh leis maoiniú a fháil cheana d’fhadscannán Gaeilge eile atá le déanamh faoi bhrat Cine4.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt léiritheoir Mo Ghrá Buan Cúán Mac Conghail go bhfuil siad “ar bís ar fad” an deis a fháil “scéal draíochtúil Gaeltachta” a léiriú.

“Scéal faoi theaghlaigh, faoi chuideachta agus faoin bpobal is ea é, a dhíríonn ar bhean atá cloíte le brón mar gheall ar bhás a fir chéile,” a dúirt Mac Conghail.

Thug Mac Conghail le fios gurb í Bríd Ní Neachtain, aisteoir as Conamara a bheas sa phríomhpháirt agus go bhfuil sé i gceist acu an scannán a dhéanamh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí.

Seo an dara babhta den scéim Cine4, a seoladh ag Féile na Meán Ceilteach i nDúglas in Oileán Mhanann an t-am seo anuraidh.

Chuir an stáisiún Gaeilge ciste suas le €25,000 ar fáil do chúig thogra nua sa dara babhta den scéim Cine4 a mbíonn Bord Scannán na hÉireann agus an BAI ag tacú léi chomh maith. Is as na cúig thogra sin a roghnaigh TG4 an dá scannán Mo Ghrá Buan agus Foscadh le léiriú.

Ocht scannán Gaeilge atá beartaithe faoi scéim Cine4 as seo go ceann roinnt bliana.

Tá €1.2 milliún le fáil cheana ag dhá scannán eile: Arracht, léiriú eile le Macalla Teo agus Finky, léiriú le Abú Media.

Dúirt Cúán Mac Conghail gur scéim an-tábhachtach é Cine4 d’earnáil na scannánaíochta Gaeilge.

“Bhí muid ag feitheamh chomh fada sin ar scannán Gaeilge, ar feadh  deich mbliana nó scór blianta, agus nach iontach an rud é go mbeidh ocht scannán i nGaeilge againn laistigh de thréimhse ghairid.”

“Cuirfidh siad go mór leis an gcultúr agus cuirfidh siad go mór leis an ngnó chomh maith céanna, rud atá an-tábhachtach. Ciallaíonn sé go bhfuil aisteoirí agus lucht scannáin in ann slí bheatha a dhéanamh,” a dúirt Cúán Mac Conghail.

Fág freagra ar 'Dhá fhadscannán Gaeltachta roghnaithe ag TG4 le cur ar aghaidh i gcomhair maoiniú €1.2 milliún an ceann'