Dhá bhliain go leith príosúin curtha ar leantóir sacair a raibh baint aige leis an eachtra inar gortaíodh Seán Cox

Cé nach raibh baint dhíreach ag Daniele Sciusco le Seán Cox a ghortú, dúradh i gcúirt in Preston inniu go raibh baint aige leis an bhforéigean lasmuigh de Anfield inar gortaíodh fear chontae na Mí

Dhá bhliain go leith príosúin curtha ar leantóir sacair a raibh baint aige leis an eachtra inar gortaíodh Seán Cox

Cuireadh dhá bliain go leith príosúin inniu ar leantóir sacair de chuid Roma as an mbaint a bhí aige le heachtra fhoréigneach inar gortaíodh Seán Cox as contae na Mí roimh chluiche ag Anfield i mí Aibreáin.

Chualathas i gCúirt Chorónach Preston inniu go raibh drochbhail fós ar Sheán Cox, atá 53 bliain d’aois, agus a gortaíodh go dona sa chloigeann san ionsaí.

Cé nach raibh baint dhíreach ag Daniele Sciusco, an fear 29 bliain d’aois as an Róimh ar gearradh téarma príosúin inniu air, le Seán Cox a ghortú, dúirt an Breitheamh Mark Brown go raibh baint aige leis an bhforéigean ar chuir cuid de lucht tacaíochta Roma tús leis.

“Tá sé tábhachtach go dtuigfí nach de bharr an ionsaí gránna ar an Uasal Cox a bhfuil pianbhreith á ghearradh ort, ach is le linn an scliúchais fhoréignigh a raibh tusa páirteach ann a tharla sé agus ba thubaiste a bhí ann dó,” a dúirt an Breitheamh.

Dúradh sa chúirt go raibh Daneile Sciusco ar dhuine de ghrúpa ‘ultras’ Roma a tháinig go dtí Liverpool don chluiche i Sraith na Seaimpíní  mí Aibreáin.

Cuirfear tús níos déanaí sa bhliain le cás cúirte Filippo Lombardi, 21, an dara duine atá cúisithe as anord foréigneach agus as Seán Cox a ghortú le linn na heachtra céanna.

Fág freagra ar 'Dhá bhliain go leith príosúin curtha ar leantóir sacair a raibh baint aige leis an eachtra inar gortaíodh Seán Cox'