D’fhéadfadh ríomhphost ó Sheehy Skeffington a bheith ‘clúmhillteach’, a mhaíonn OÉG

Maíonn an Ollscoil go bhféadfadh ríomphost a scaip an léachtóir a ndearnadh leithcheal fostaíochta uirthi a bheith 'clúmhillteach'. Gach a bhfuil i gcáipéis ar Chomhionannas Inscne a cháin Sheehy Skeffington ‘cruinn go hiomlán’, a deirtear i litir Ollscoile

NUIG_DSC00304-770x449

Tá sé tugtha le fios ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh dá cuid baill foirne go bhféadfadh cuid de ríomphost a scaip an Dochtúir Micheline Sheehy Skeffington faoi cheist an chomhionannais inscne san ollscoil “a bheith clúmhillteach”.

Deirtear sa litir a seoladh go leictreonach ar an 1 Aibreán gur “díol imní don Ollscoil” cuid den fhaisnéis a bhí sa chomhfhreagras ó Sheehy Skeffington, a bhuaigh anuraidh cás in aghaidh na hOllscoile a bhain le leithcheal fostaíochta a bheith déanta uirthi ar bhonn inscne sa bhliain acadúil 2008/09.

Iarrtar ar bhaill foirne i litir na hOllscoile an ríomhphost a fuarthas ón Dochtúir Micheline Sheehy Skeffington a scriosadh.

Ar an 25 Márta sheol Sheehy Skeffington ríomphost chuig a comhghleacaithe ar fad san Ollscoil inar cháin sí an bealach inar cuireadh eolas i láthair i dtaobh chás na mban eile a chuir isteach ar ardú céime sa bhliain acadúil 2008/09 ach ar theip orthu an t-ardú céime sin a fháil.

Thagair ríomhphost Sheehy Skeffington do cháipéis de chuid na hOllscoile dar teideal ‘Bileog Eolais maidir le Comhionannas Inscne’, a dáileadh ar gach ball foirne san Ollscoil an lá céanna, an 25 Márta 2015.

Ag tagairt don chás sin go sonrach, mar chuid de mhíniú ar chúlra chás Sheehy Skeffington, deir an Ollscoil an méid seo a leanas sa cháipéis úd:

‘Nollaig 2014: Thionscain cúigear de na daoine a raibh iarratas ar ardú céime déanta acu i scéim ardaithe céime chuig grád Léachtóra Shinsearaigh 2013/14 imeachtaí dlíthiúla in aghaidh na hOllscoile bunaithe ar thoradh chomórtas 2013/14 [is leis an Ollscoil an bhéim].

Ag freagairt an méid sin, dúirt Sheehy Skeffington sa ríomhphost a sheol sise ar an 25 Márta:

“The time-line given as background in the document implies that they [i.e. na mná] are only taking a case concerning the 2013/14 round (highlighted to emphasise this), whereas the management know full well that the women’s principal intention is to contest the 2008/9 round, where the gender discrimination is at its worst.”

Ag éirí as an méid seo, mhaígh an Dochtúir Sheehy Skeffington go raibh an t-eolas thuas curtha i láthair ar bhealach a d’fhéadfadh daoine a chur amú agus go ndearnadh an méid sin d’aon turas.

Sa litir a scaipeadh ar bhaill foirne ar an gcéad lá den mhí seo, áfach, deir an Ollscoil an méid seo a leanas: “tá gach a bhfuil sa doiciméad sin [i.e. an Bhileog Eolais maidir le Comhionannas Inscne] cruinn go hiomlán agus níl aon ní ann atá míthreorach ar bhealach ar bith”.

Tuairiscíodh san Irish Times le gairid go bhfuil fiosrúchán ar bun ag an Ollscoil i dtaobh ríomhphost seo Sheehy Skeffington, féachaint an bhfuil an méid a nochtadh ann ag sárú cleachtas maidir le sonraí pearsanta, toisc go bhfuil eolas ann ar 30 duine a ghlac páirt sa Scéim Ardaithe Céime chuig Grád Léachtóra Shinsearaigh in 2008/2009.

Cuirtear in iúl ansin cén teideal poist a bhí ag gach duine de na daoine sin sa bhliain 2009 agus an teideal poist atá anois acu.

Maíonn Sheehy Skeffington go bhfuil teacht ag baill foirne uile na hOllscoile ar an eolas seo, rud, a deir sí, a chruthaíonn gur eolas poiblí é de réir sainmhíniú.

Sa litir a sheol an Ollscoil ag tús na míosa seo, áfach, cuirtear in iúl do bhaill foirne gur “sárú ar na polasaithe sin is ea sonraí pearsanta a bhaineann le fostaithe eile a scaipeadh nó a fhoilsiú seachas i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin á próiseáil go dlisteanach ag an Ollscoil nó thar ceann na hOllscoile”.

Meabhraítear don mheitheal sa chomhfhreagras céanna “gurb ionann sonraí pearsanta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus sonraí ar bith a bhaineann le duine aonair beo atá á (h)aithint nó is féidir a aithint ó na sonraí nó na sonraí i dteannta faisnéis eile atá, nó is dócha a thiocfaidh, i seilbh na hOllscoile”.

Maidir leis an méid atá maíte ag an Ollscoil go bhféadfadh cuid den fhaisnéis a roinn Sheehy Skeffington a bheith clúmhillteach, ní raibh Sheehy Skeffington féin ar fáil chun ráiteas a thabhairt. Ag caint di leis an Irish Times inné, áfach, dúirt sí gur bhraith sí go raibh pionós á ghearradh uirthi i ngeall gur thug sí córas éagórach na hOllscoile chun solais.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil an cúigear ban eile a bhí ar an ngearrliosta in 2009 tar éis a bpáipéir chúitimh a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda.

Ar an 13 Samhain anuraidh, fuair an Binse Fiosrúcháin Comhionannais nach raibh duine de na fir a bhí san iomaíocht le Sheehy Skeffington le haghaidh ardú céime in 2009 incháilithe chuige agus nach raibh PhD ag duine eile acu.

Tuairiscíodh nach raibh ach bean amháin as seachtar ar bhord agallaimh Sheehy Skeffington, agus gur fhan an bhean sin ina tost le linn an agallaimh.

Tuairiscíodh chomh maith go raibh níos lú ná an t-íosmhéid uaireanta teagmhála le mic léinn ag triúr de na fir ar éirigh leo ach gur bronnadh marc níos airde orthusan ná mar a bronnadh ar Sheehy Skeffington faoin gceannteideal ‘Múineadh agus Scrúdúchán’.

Íslíodh marcanna a bhronn fear amháin uirthi (‘an Dochtúir D’ – an t-aon duine ar an mbord a bhí ina shaineolaí ar an réimse céanna is atá Sheehy Skeffington) agus nuair a rinne an fear sin achomharc faoin ísliú sin, rinneadh neamhaird air agus níor athraíodh marc iomlán Sheehy Skeffington dá réir.

Fuarthas go ndearnadh leithcheal ar Sheehy Skeffington ar bhonn inscne agus ordaíodh go dtabharfaí ardú céime di agus go mbronnfaí €70,000 uirthi mar chúiteamh.