D’fhág mé an grianghraf speisialta i leabhar speisialta le go dtiocfainn arís air…

Tá grianghraf á chuardach ag ár gcolúnaí le trí nó ceithre bliana agus tá sí  amhail is cinnte gur chuir sí  i bhfolach isteach i leabhar é

D’fhág mé an grianghraf speisialta i leabhar speisialta le go dtiocfainn arís air…

Dhá bhliain ó shin agus mé san aerfort i mBostún ar mo bhealach abhaile go hÉirinn, bhí mé ag meilt ama roimh an eitilt agus mé ag dul thart ó shiopa go siopa sula ngabhfainn síos ag an ngeata. 

Suite síos dom féin go sásta  ag ól caife ó Dunkin Donuts a bhí mé nuair a rith sé liom go raibh ‘rud éigin’ ar iarraidh.

An rud sin ná mo chás taistil ina raibh mo chuid éadaí ar fad agus na bronntanais a bhí ceannaithe agam le tabhairt abhaile ag na gasúir. An chéad rud a rith liom ná  an scuad buamaí. Ní bhím ar mo shuaimhneas riamh ag dul trí aerfort is níor chabhraigh sé seo le mo chuid fóibí éagsúla.

Bhí mé idir dhá chomhairle. Ar cheart dom dearmad a dhéanamh ar an mála agus Toblerone a thabhairt abhaile nó dul sa seans leis an bhfoireann slándála san aerfort? Chuimhnigh mé ansin go raibh mo phas istigh sa mála is nach ligfí ar an eitleán mé dá uireasa.

Shiúil mé an cheathrú uaire ar ais go dtí na botháin slándála, áit a raibh na céadta paisinéirí ag dul tríd an gcóras go mall.

Bhí mo chroí i mo bhéal, chonaic mé fear á thógáil go leataobh níos túisce sa tráthnóna mar gur cheistigh cén fáth go raibh scannáil ceimiceáin á dhéanamh ar a lámha.

Bhreathnaigh mé thart go bhfeicfinn an raibh aon radharc ar mo mhála agus ní fada nó go bhfaca mé é istigh taobh thiar den phríomhdheasc.

Chaithfeadh go raibh cuma an-truamhéalach orm, mar thug sé an mála dom théis roinnt ceisteanna fánacha a chur orm is ní raibh aon trácht ar an scuad buamaí.

‘Tá an t-ádh ort, tá muid faoi bhrú inniu is ní raibh an

páipéarachas déanta fós agam!’ a dúirt sé. ‘Go raibh maith agat,’  a dúirt mé agus rug mé ar an mála agus rith liom sula raibh deis aige a intinn a athrú.

Is furasta hata nó mála a leagan uait agus dearmad a dhéanamh air. Thuigfeadh duine ar bith é sin. An rud nach dtuigim ná cén fáth go gcuirim rudaí beaga i dtaisce in áiteanna ‘sábháilte’ ar fud an tí mar a dhéanfadh iora rua le cnónna.

An áit is measa acu seo ná leabhair. Tá grianghraf á chuardach agam anois le trí nó cheithre bliana agus tá mé amhail is cinnte gur chuir mé i bhfolach isteach i leabhar é.

Cén bhrí ach d’iarr mé cóip ar mo dheirfiúr mar go raibh an bunleagan caillte agam roimhe sin (seans i dtaisce i leabhar eile). Ní raibh an chóip agam dhá nóiméad nuair a chuir mé isteach í i leabhar a bhí á léamh agam ag an am agus dúirt mé liom féin, ‘cuimhneoidh mé cá bhfuil sé’.

Cén leabhar a bhí ann? Níl tuairim na ngrást agam.

Tharla go bhfuil go leor leabhar tugtha uaim agam le roinnt blianta ceal spáis. Chaithfinn srian éigin a choinneáil ar na leabhair cé gur bhris sé mo chroí. Bhuail taom imní  i mo bholg ar maidin mé, an bhféadfadh gur thug mé uaim pébí cén leabhar inar sháigh mé an grianghraf?

Má cheannaíonn tú leabhar dara láimhe is má thagann tú trasna ar ghrianghraf dubh agus bán de cheathrar cailíní agus cuma na 1980idí orthu, ar chuma leat é a sheoladh chugam faoi chúram Tuairisc.ie?

Fág freagra ar 'D’fhág mé an grianghraf speisialta i leabhar speisialta le go dtiocfainn arís air…'

  • Eibhlín Uí Chatháin

    Tá sé” i gcailltaisce ” mar a deireann Mícheál Toose Mac Gearailt ar an gclár Eachtraigh Dom

  • Paula O Donovan

    Aon seans go mbeadh “Margaret 1973” scríofa ar chúl??

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Tá leabhair agam 7 tá fios agam go bhfuil siad agam ach ceist eile ar fad é cá bhfuil cuid acu! An rud céanna maidir le grianghrafanna! :-)