Deontas ealaíon faighte ag naoi n-eagraíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta

Ba é an compántas amharclannaíochta Branar, an eagraíocht Ghaeilge a fuair an méid is mó airgid i mbliana faoi scéim maoinithe de chuid na Comhairle Ealaíon

Deontas ealaíon faighte ag naoi n-eagraíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta

Tá maoiniú €614,000 faighte ag naoi n-eagraíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta ón gComhairle Ealaíon. Bronnadh na deontais faoin scéim Maoiniú Deontais Ealaíon 2026. Tá ceithre cinn de na heagraíochta lonnaithe i gcontae na Gaillimhe, péire i mBaile Átha Cliath, péire eile i gcontae Chorcaí, agus ceann amháin i gCiarraí.

Bronnadh €17 milliún ar fad ar 218 eagraíocht ar fud na tíre faoin scéim.

Ba é an compántas amharclannaíochta Branar, atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, an eagraíocht Ghaeilge a fuair an méid is mó airgid i mbliana agus €220,000 faighte acu. Bronnadh €67,500 ar Stiúideo Cuan ar an Spidéal i nGaeltacht Chois Fharraige, agus fuair na foilsitheoirí leabhar Futa Fata agus Leabhar Breac €59,500 agus €34,000 faoi seach.

Bronnadh €50,000 ar Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí agus fuair an foilsitheoir greannán Dalen, a chuireann leaganacha Gaeilge de leithéidí Asterix, Tintin, agus Saraifín i measc leabhair eile i gcló, €46,000.

€56,500 a fuair teach foilsitheoireachta eile LeabharComhar, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, lena gcuid leabhar Gaeilge a chur i gcló agus bronnadh €8,500 ar an stáisiún popcheoil Raidió Rí Rá, atá lonnaithe i stiúideo sealadach ar Lána Fumbally, le haghaidh a gcuid tograí ceoil.

Is é an t-ionad do scríbhneoirí Cill Rialaig i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh an t-aon eagraíocht Ghaeilge nó Ghaeltachta i gcontae Chiarraí a fuair maoiniú faoin scéim i mbliana. Níor bronnadh aon airgead ar eagraíochtaí i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Phort Láirge, ná na Mí.

Tá go dtí 31 Iúil ag daoine aonair nó compántais amharclannaíochta cur isteach ar Dhámhachtain Amharclannaíochta na Gaeilge ón gComhairle Ealaíon. Reáchtáil an Chomhairle comórtas anuraidh don dámhachtain ach níor bronnadh an €400,000 ar dhream ar bith.

Is é an sprioc atá leis an maoiniú sin ná tacú le “forbairt, léiriú, agus tíolacadh” mhír mhór amharclannaíochta i nGaeilge “lena chinntiú go mbainfidh níos mó daoine taitneamh as esipéiris ardchaighdeáin amharclannaíochta i nGaeilge ar fud na tíre”.

 

 

Fág freagra ar 'Deontas ealaíon faighte ag naoi n-eagraíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta'