Deis mhór do na Connachtaigh ar an mBóthar Beag

Tá comórtas na Sé Náisiún faoi lán seoil ach tá Babhta 14  den Pro 14 ar siúl an deireadh seachtaine seo chomh maith

Deis mhór do na Connachtaigh ar an mBóthar Beag

Caolin Blade, (Connacht vs Oyonnax). Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Fiú má tá an comórtas Sé Náisiún faoi lán seoil, níl stop ar bith leis an bPro 14, agus an comórtas idir-chlubanna á imirt an deireadh seachtaine seo. De bhrí go mbíonn go leor foirne agus cúigí lagaithe toisc go leor imreoirí imithe uathu ar dualgas idirnáisiúnta, bíonn deis ar leith ag leithéidí na gConnachtach, mar nach mbíonn mórán imreoirí in easnamh orthusan. 

Ní hamháin sin ach beidh buntáiste an bhaile ag na Connachtaigh freisin an Aoine beag seo agus iad ag cur fáilte chuig an mBóthar Beag roimh na hOspreys. Tá an dá fhoireann seo sa mbád céanna ar bhealach.  Níor éirigh leo ach ceithre chluiche an ceann a bhuachan as trí iarracht déag ach tá na Gaeil chun cinn ar a dtábla féin de bharr líon na bpointí bónais atá aimsithe acu go dtí seo. Aisteach go leor, ach seo é an chéad uair ag na foirne seo casadh ar a chéile i bPro 14 na bliana seo, cúis eile go bhfuil mise ag ceapadh go mbeidh an lá leis na Connachtaigh. 

Tráthnóna freisin a bheas na hUltaigh ag tabhairt faoi na Southern Kings i mBéal Feirste. Bhí an lá leis na hUltaigh (43-36) nuair a d’imir siad a chéile i mBabhta 8 san Afraic Theas. Tá na Kings fós ar thóir a gcéad bhua sa bPro 14.  Ní dóigh liomsa go mbeidh siad á aimsiú sin an Aoine seo.

I nDún Éideann a bheas Cúige Laighean anocht. Níl ach dhá chluiche caillte ag na Laighnigh sa gcomórtas go dtí seo, i gcomparáif leis an gcúig chluiche a chaill Dún Éideann agus tá bearna 14 pointe eatarthu ar thábla ghrúpa B an Pro 14. Bhí bearna ocht bpointe idir na foirne seo nuair a chas siad ar a chéile i mBabhta 5 ach san RDS a bhí an cluiche sin tráth a raibh an lá le fir an bhaile (21- 13). Ní dóigh liomsa go mbeidh aon athrú ar an toradh sin, fiú agus buntáiste ag Dún Éideann an Aoine seo.  Sílim go bhfuil Cúige Laighean róláidir dóibh. 

I gCorcaigh a bheas na Muimhnigh agus Zebre sa gcoimhlint amárach, Dé Sathairn. Ach an oiread le cluiche na nUltach i mBéal Feirste, is deacair bua a thuar do na cuairteoirí. Bhuail Cúige Mumhan Zebre (36- 19) agus iad á n-imirt san Iodáil i mBabhta 9 don chomórtas. Seans maith gur toradh den chineál céanna a bheidh ann an Satharn seo.

Fág freagra ar 'Deis mhór do na Connachtaigh ar an mBóthar Beag'