Deis ‘céad míle fáilte’ a chur roimh dhuine dár gcuid féin, arb in a bhfuil ann?

Tá sé deacair a dhéanamh amach céard a bhainfidh cuairt Joe Biden amach ó thaobh na polaitíochta de

Deis ‘céad míle fáilte’ a chur roimh dhuine dár gcuid féin, arb in a bhfuil ann?

Bhí cineál mearbhall orainn i lár na seachtaine seo caite nuair a fógraíodh go mbeadh preasócáid leis an Taoiseach faoi chuairt Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, ar Éirinn.

Ach céard a bhí le fógairt? Bhí a fhios ag madraí na sráide go raibh Biden le teacht. Chuaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha i dteagmháil linn cúpla lá roimhe ag iarradh orainn clárú don chuairt. Tosaíodh an chaint faoi háiteanna éagsúla a dtabharfaí cuairt orthu, agus tuigeadh dúinn go raibh an t-ullmhúchán á dhéanamh chun fáilte a chur roimhe i dTithe an Oireachtais. Cuireadh agallamh ar mhuintir Biden, atá lonnaithe i gcontae Lú agus i gcontae Mhaigh Eo.

Cén fáth an phreasócáid? Ar aon chuma, bhailigh muid le chéile san Ionad Preasa i dTithe an Rialtais agus deimhníodh dúinn arís a raibh ar eolas againn le fada: go raibh Joe Biden, Uachtarán Mheiriceá ag teacht abhaile go hÉirinn, agus go gcuirfear fáilte is fiche roimhe.

Is cosúil, áfach, gur chuir an t-easaontas polaitíochta ó thuaidh isteach ar phleanáil na cuairte. Tá Comhaontú Aoine an Chéasta ar an bhfód anois le 25 bliain. Cuireadh tús le seachtain chomórtha ar Aoine an Chéasta féin, agus scríobhadh na mílte focal i rith an deireadh seachtaine ag cuimhneamh siar ar an gcomhoibriú, an comhghéilleadh agus an comhréiteach a baineadh amach san idirbheartaíocht chrua fhadálach sin.

Féachtar go mórtasach ar an dul chun cinn atá déanta ó thuaidh, ar na deiseanna atá cruthaithe agus ar an ngaisce atá déanta ag an bpobal ann. Is mór an peaca, mar sin, nach bhfeictear an spiorad céanna i measc na bpolaiteoirí.

Deir an DUP i gcónaí go bhfuil gá le tuilleadh soiléirithe maidir le Prótacal Thuaisceart Éireann agus Creat Windsor – an comhaontú a aontaíodh chun trádáil a rialú agus a éascú i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dar leo, chuirfí bac ar thrádáil idir an Tuaisceart agus an chuid eile den Bhreatain Mhór, agus tá baghcat á dhéanamh acu ar an Fheidhmeannas na sé chontae dá bharr. Níl mórán cártaí fágtha le himirt ag an DUP, áfach. Ó vótáladh ar son an Bhreatimeachta, bhí tromlach na bpolaiteoirí Caomhach sa mBreatain airdeallach i gcónaí ar bheartais nua a mbeadh tionchar acu ar chúrsaí an Tuaiscirt agus – go macánta – ar mhianta an phobail aontachtaigh.

Ba mhinic gur chlis ar idirbheartaíocht, nó go bhfuarthas réidh le cur chuige polaitiúil, de bharr imní na n-aontachtach.

Bhris ar fhoighne na Tories an babhta seo áfach, agus níor thug siad cluas éisteachta do ghearáin an DUP.

Thacaigh móramh ollmhór leis an gCreat mar a aontaíodh é, agus fágadh lucht na casaoide in áit na leathphingine.

Maíonn an DUP go bhfuil toil an phobail á leanúint acu go fóill agus gurb í toil an phobail stop a chur le hathbhunú an Fheidhmeannais, a mbeadh Michelle O’Neill ina Céad-Aire air.

Chuile sheans gurb é seo rogha a bpobail féin, ach ábhar náire é don Tuaisceart trí chéile. In áit óráid a bheith á thabhairt aige os comhair an Chomhthionóil chun éacht 1998 a cheiliúradh agus súil chun cinn a chaitheamh, tabharfaidh sé aitheasc gairid in Ollscoil Uladh. Comhaontú Aoine an Chéasta – fiche a cúig bliain ag fás, agus cuid mhaith fós le déanamh, an téama a bheidh aige.

Tabharfaidh sé aghaidh ansin ar Phoblacht na hÉireann, áit a gcaithfidh sé i bhfad níos mó ama.

Céard é sprioc na cuairte, mar sin? Bhuail an Taoiseach leis an Uachtarán níos lú ná mí ó shin, agus gabhadh buíochas le Biden as a chairdeas agus a cheannaireacht cheana féin.

An mbeidh cuid mhaith athrá i gcruinnithe na seachtaine seo?

Chuir mé an cheist sin ar an Taoiseach sa bpreasócáid sin. Ina fhreagra, chuir sé síos ar an gcaidreamh idir an dá thír – “níos fearr ná riamh” – agus ar chaidreamh an Uachtaráin leis an áit arb as a mhuintir. Cuairt thar a bheith tábhachtach, pearsanta agus maoithneach a bheas inti don Uachtarán. Gheobhaidh Éire deis “céad míle fáilte” a chur roimh dhuine dár gcuid féin, agus poiblíocht mhaith a fháil sula gcuirfear tús le séasúr na turasóireachta.

Is maith an rud é go bhfuil cúis phearsanta luaite le cuairt Biden, mar beidh dúshlán mór roimhe aon chuspóir polaitiúil a bhaint amach. Labhraíonn Biden go minic ar a bhlianta sa Seanad in Washington, D.C., agus é ag obair le hionadaithe ón dá thaobh chun teacht ar chomhréiteach ann.

An gcabhróidh sin leis agus é i mBéal Feirste inniu?

Is maith an rud é go bhfuil cúis phearsanta luaite le cuairt Biden, mar beidh dúshlán mór roimhe aon chuspóir polaitiúil a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Deis ‘céad míle fáilte’ a chur roimh dhuine dár gcuid féin, arb in a bhfuil ann?'