Beidh an deireadh seachtaine seo cinniúnach i bpolaitíocht na hEorpa agus socrófar go leor as seo go ceann cúpla lá faoin treo a rachaidh cuid de na tíortha is mó agus is cumhachtaí san Aontas Eorpach. Ar an Domhnach rachaidh pobal na Gearmáine chuig na bothanna agus den chéad uair le sé bliana déag ní bheidh Angela Merkel á toghadh mar sheansailéir ar an tír.
Bhí Merkel lárnach i ngach ar tharla san Eoraip le linn na tréimhse sin agus meas agus ómós ag an saol mór uirthi as a stuama is a bhí sí ag láimhseáil géarchéimeanna go leor.
Beidh tamall orainn go mbeidh muid cinnte faoi cé a bheidh sa rialtas nua a thiocfaidh ina diaidh i mBeirlín agus beidh tamall eile ann go mbeidh tuairim againn faoin tionchar a bheidh ag an réimeas nua ar an gcaidreamh idir ceannairí agus rialtais na hEorpa.
An deireadh seachtaine seo freisin tiocfaidh Les Républicains le chéile sa bhFrainc dá gcomhdháil bhliantúil agus ní nach ionadh beidh a rogha iarrthóra i dtoghchán na huachtaránachta san earrach seo chugainn lárnach sa bplé.
Teastaíonn ón bpáirtí ceannas a ghlacadh ar pholaitíocht na Fraince in athuair agus a chinntiú nach mbeidh an cath taobh le beirt – Émmanuel Macron an t-uachtarán reatha agus Marine Le Pen, ceannaire an Rassemblement National (an Front National mar a bhíodh).
Tá cúpla ainm luaite mar iarrthóir an pháirtí – Christian Jacob, ceannaire reatha an pháirtí, Valérie Précesse, a bhí ina haire i rialtas Nicolas Sarkozy, agus Xavier Bertrand, iar-aire sa rialtas céanna. Tá Bertrand glan in aghaidh réamhthoghcháin mar go maíonn sé gur aige féin amháin atá an cumas dúshlán Le Pen agus Macron a thabhairt.
Beidh ainm duine eile os comhair na comhdhála an deireadh seachtaine seo, duine a bhfuil aithne mhaith againn air anseo in Éirinn. Tá Michel Barnier tar éis filleadh ar an bpolaitíocht sa mbaile sa bhFrainc agus é á chur féin chun cinn mar iarrthóir. Tá aithne againne air mar gheall ar a chuid oibre leis an mBreatimeacht agus sna cainteanna fadálacha casta sin, ach, ar ndóigh, faoin tráth sin bhí blianta fada caite aige ag obair leis an gCoimisiúin Eorpach. Go deimhin, bhí a ainm luaite le huachtaránacht an Choimisiúin dhá bhliain ó shin nuair a chinn sé fanacht leis an cainteanna Breatimeachta go mbeadh an próiseas tugtha go ceann scríbe.
Pé rud faoina cháil san AE, ceist eile an mbeadh muintir na Fraince ceanúil ar Barnier. Tá ceisteanna á gcur faoina aois ó tharla gurb é Macron an ceannaire Francach is óige ón dara cogadh domhanda i leith. Díol iontais cuid de na ráitis atá déanta ag Barnier faoi pholasaithe ó d’fhógair sé go mbeadh sé sa tóir ar ainmniúchán. Tá amhras léirithe aige i leith na hEorpa agus an tionscnaimh Eorpaigh agus tá sé ag trácht ar pholasaí inimirce níos déine sa bhFrainc. Iarracht atá ansin, ní foláir, cuid de vótóirí Le Pen a mhealladh. Tá cúrsaí corrach go maith sa bhFrainc le roinnt blianta anois agus an aisling a bhí ag daoine i dtaobh Emmanuel Macron imithe i léig.
Teastaíonn ó Macron féin tabhairt le fios go mbeidh sé láidir ceannasach san Eoraip, go háirithe agus ceannaire nua i mBeirlín.
Is dóigh gurb í an cheist a bheidh ag pobal na Fraince – an bhfuil an oiread sin imní orthu faoi cén duine is fearr a chruthódh san Eoraip. An uachtarán dóibh féin atá uathu le díriú ar a gcuid fadhbanna féin beag beann ar céard a bheidh ag tarlú sa Bhruiséil nó i mBeirlín?
Inseoidh an deireadh seachtaine seo cuid den scéal sin dúinn.
Fág freagra ar 'Deireadh seachtaine cinniúnach romhainn i bpolaitíocht na hEorpa'