Deireadh ré agus tús ré do Bhord Chorcaí agus Frank Murphy ag éirí as

Fágfar slán go hoifigiúil inniu leis an bhfear conspóideach uilechumhachtach a bhí i gceannas ar Bhord an Chontae i gCorcaigh ó 1973

Deireadh ré agus tús ré do Bhord Chorcaí agus Frank Murphy ag éirí as

Jimmy Barry-Murphy agus Frank Murphy i ndiaidh bhua Chorcaí i gcluiche leathcheannais iomána na hEireann 2013. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Deireadh ré a bheidh anocht againn i bPáirc nuachóirithe Uí Chaoimh nuair a éireoidh rúnaí (ceannaire, CEO, saoiste) bhord Chorcaí Frank Murphy as a phost. Beidh  an chomhdháil bhliantúil ar siúl sa staid nua agus is ann a fhágfar slán agus beannacht leis an bhfear uilechumhachtach a bhí i gceannas ó 1973. Amhail an tír aimsir Roy Keane agus Saipan, tá an contae scoilte maidir leis an rúnaí agus an chumhacht a bhí aige agus an leas a bhain sé as an gcumhacht sin.

Níl aon cheist ach gur Corcaíoch agus Éireannach go bun cleite é Murphy. Is fear é atá fíorbhródúil as a náisiúnachas agus gach a mbaineann leis. Dar ndóigh tá a shaol caite aige le Cumann Lúthchleas Ghael. Bhí sé mar roghnóir ar fhoirne an chontae ag beagnach gach grád idir pheil agus iomáint thar thréimhse fada de bhlianta, cé gur admhaigh sé féin gur imreoir de chaighdeán grád Sóisir B a bhí ann lena chlub féin, an Charraig Dubh. Bhí sé ina réiteoir ar feadh sé bliana déag agus ceapadh ina rúnaí ar mhionúir an club é tamaillín ina dhiaidh sin. D’fhoghlaim sé a cheird mar riarthóir leis an gCarraig Dhubh agus, ag deireadh 1972, sula raibh tríocha bliain bainte amach aige, ceapadh é ina rúnaí ar an gcontae. Dar ndóigh lean sé leis an réiteoireacht ar feadh roinnt blianta agus bhí sé i bhfeighil na feadóige do dhá chluiche ceannais na hÉireann sna sinsir agus cúpla cluiche ceannais contae chomh maith.

Ach is mar fhear mór rialacha a bhain sé mórcháil amach agus é mar bhall, agus ina cheannaire níos déanaí, ar choiste rialacha CLG. 

Dar ndóigh bhain mórán conspóide leis freisin. Chuir imreoirí Chorcaí trí stailc suas ó thosach na mílaoise agus bhí seisean i gcroílár an aighnis agus mar sprioc ag na himreoirí.

Bhí sé ina chogadh cathartha sa chontae le linn na stailceanna sin ach sheas Murphy an fód cé go raibh mórán fianaise ann nach aige féin ná an bord a bhí an ceart. Dar ndóigh nuair a tháinig críoch leis na stailceanna, agus an bua ag na himreoirí gach uile uair, bhí brú diamhair ar Murphy éirí as ach sheas sé an fód i gcónaí. Níl aon dabht ach go bhfuil mianach agus teacht aniar sa bhfear. 

Ag deireadh na seachtaine tiocfaidh fear óg isteach sa ról agus an teideal príomhfheidhmeannach/rúnaí airagus a leithéid de dhúshlán atá roimhe. Is as cumann Chill Mhín-Cill Bhrí in iarthar an chontae é Kevin O’Donovan, atá sna tríochaidí déanacha. Bhí sé ina riarthóir forbartha cluichí tráth agus ina oifigeach ar bhord an chontae ó 2015. Bhí sé ina leaschathaoirleach i mbliana. Fear oilte é a bhfuil oideachas leathan air.

Is post uileghabhálach é an post nua seo agus an t-uafás le déanamh sa chontae is mó sa tír. Ach an dúshlán is mó atá roimhe ná  ‘cultúr’ an bhoird  a athrú. Thar na blianta bhí an iomad cumhachta ar fad ag an rúnaí agus easpa ollmhór trédhearcachta ag baint le saothar an bhoird. Bhí an focal agus an cinneadh deireanach ag an rúnaí faoi beagnach gach cúram a bhain leis an mbord agus rómhinic ar fad ní lorgaítí comhairle ó aon duine in aon chor. Bhí leisce agus drogall ar mhórán daoine le blianta fada postanna ar an mbord a lorg de bharr an chultúir ‘dhúnta’ seo. Ach tá fear nua ann anois agus mórán atá dearfach ráite agus scríofa faoi ó ainmníodh é. Beidh súile lucht leanta CLG an chontae air agus súil acu go dtosóidh sé láithreach i mbun chultúr an bhoird a athrú agus go mbeidh bord oscailte ann as seo amach. Guím gach rath air.

Fág freagra ar 'Deireadh ré agus tús ré do Bhord Chorcaí agus Frank Murphy ag éirí as'

  • learrai

    ‘…fíorbhródúil as a náisiúnachas agus gach a mbaineann leis’. Bíonn náire orm cuairteoirí ó thar lear a thabhairt ‘dtí an bPáirc a thuilleadh. An ‘ceol nua’ a sheinntear anois ag na cluichí (Rob Steward, Beyoncé etc) bhainfeadh sé croitheadh as na mairbh féin. Na láithreoirí, na fógraí, na cláir, an meon aigne go hainnis tarcaisniúil i gcónaí ó thaobh na Gaeilge de. Imreoir darb ainm ‘Séadna’ a dtugtar ‘Seán’ air, gan ach sampla amháin a lua. Agus ‘an Charraig Dubh’ i gcónaí gan amhras. Tugadh an bóthar don láithreoir dátheangach, sárchumasach (Fennessy), na blianta siar, agus cuireadh búir ina áit. Is iad atá i réim ó shin agus Murphy mar cheannródaí orthu. Ach tá ré nua i ndán dúinn.

  • Larry Phelan

    Agus féach na fiacha a bheidh ar CLG Chorcaí de dheasca Pháirc ‘nua’ Uí Chaoimh! 45 bliain sa phost céanna. Go sábhála mac Dé sinn.
    Jab mór ag an bhfear nua, agus ag Páirc an Chrócaigh. Go n-éirí leo.

  • leitheoir

    €110 milliún a caitheadh ar an Staid nua go nuige seo. €85 milliún a bhí tuartha. Gan éinne sásta a fhiafraí: ‘Cén chaoi ar chosain sé €25 milliún sa bhreis?’ An bhfuil freagraí le fáil? Job aimléiseach déanta, caithfear barrfhód nua a iomportáil ó Shasana!! Ní híoróin go dtí é. Níl Murphy imithe, is stiúrthóir é ar chomhlacht nua a bunaíodh chun an staid ‘a rith’ neamhspleách ar CLG Chorcaí féin atá bancbhriste. An mó ceolchoirm ó Garth Brócs a thógfaidh sé chun scrimh ingne a bhaint den ús féin? Paul Kimmage don bheathasnéis: ‘Murphy agus a Chairde’, murar miste.

  • Carraig

    Scraith iomlán nua a leagan, córas iomlán athdhraenála nua a leagan agus €110 milliún caite! Cá bhfuil an luach airgid, an trédhearcacht, na ceisteanna i gcontae ‘na reibiliúnaithe’? Na contaetha eile imithe chomh mór sin chun cinn ó thaobh áiseanna traenála, oiliúna, gleacaíochta is eile do na himreoirí. Ionad Barr Feabhais ag na Ciarraígh, agus ar éigean má tá faiche traenála dlite do pheileadóirí Chorcaí. Uno voce uno duce i gCorcaigh le 45 bliain anuas. Le fear ionaid a thabhairt chun páirce fiú níor mhór don mbainisteoir é a cheadú le Murphy (blúire páipéir lena ainm). Na himreoirí éirithe in airde ar a gcosa deiridh chuige faoi dhó. Nach bhfuil sé in am an tufóigín fir seo ‘a mhíniú’?